Muintir Columba McVeigh fós gan faoiseamh

Tá a fhios ag duine éigin cá bhfuil a chorp. Má tá daonnacht nó fiúntas ar bith iontu cuirfidh siad deireadh leis an gciapadh seo, a dúirt deirfiúr Cholumba…

Muintir Columba McVeigh fós gan faoiseamh

44 bliain de chrá croí agus anois an dóchas múchta arís.

“Níl uainn ach a thaisí a thabhairt abhaile agus iad a adhlacadh lena athair agus a mháthair. Cé a déarfadh go bhfuil an iomarca á iarraidh againn? Tá a fhios ag duine éigin cá bhfuil a chorp. Má tá daonnacht nó fiúntas ar bith iontu cuirfidh siad deireadh leis an gciapadh seo.”

Deirfiúr chroíbhriste Columba McVeigh a bhí ag caint. Buille trom don teaghlach nár tháinig foireann an Choimisiúin um Aimsiú Taisí Íospartach ar a chorp sa chuardach is deireanaí i bportach an Bhragáin i gContae Mhuineacháin. Tá 21 acra scrúdaithe ag seandálaithe fóiréinseacha agus saineolaithe eile sa tóir ar thaisí an déagóra. D’fhuadaigh agus mharaigh an IRA é i 1975 agus chaith siad a chorp i mbogach i ngan fhios dá mhuintir agus don saol. Tá sé ar dhuine den triúr de na ‘Disappeared’  mar a thugtar orthu nár frítheadh go fóill. Robert Nairac agus Joe Lynskey an bheirt eile atá fós ar iarraidh.

Bliain ó shin chuir an Coimisiún tús leis an gceathrú cuardach i mBogach an Bhragáin in aice le Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin. Bhí súil acu go raibh an t-eolas a bhí faighte acu faoin láthair sa phortach inar cuireadh Columba níos cruinne ná an fhaisnéis a bhí acu do na trí iarracht a rinneadh roimhe sin. B’éigean éirí as an obair i mí na Samhna de bharr drochaimsire ach tugadh faoin mionchíoradh in athuair trí mhí ó shin. Ní hamháin gur scrúdaíodh go grinn an suíomh nua a bhí luaite ag an té a thug eolas don Choimisiún ach cuardaíodh arís cuid den cheantar inar deineadh cuardach beagnach fiche bliain ó shin. Saothar in aisce, faraor.

‘Bheadh na taisí faighte againn dá mbeadh Columba anseo,’ a dúirt príomhchigire an Choimisiúin, Jon Hill le hiriseoirí. Ní hionadh gur fhiafraigh an teaghlach ar aistríodh corp Columba as an gceantar sin go dtí láthair éigin eile. Agus má aistríodh, ar siad, tuige nach n-insíonn duine éigin sin? D’impigh Geoff Knupfer, saineolaí fóiréinseach an Choimisiúin, ar éinne atá ar an eolas faoin aistriú – má tharla sin – an fhaisnéis a sholáthar. Mhaígh gach tuairisc inchreidte a fuair an Coimisiún go dtí seo gurb é bogach an Bhragáin an áit a cuireadh é ach cén fáth nár frítheadh aon rud?

Tá an fhoireann chuardaigh sár-oilte agus teicneolaíocht den scoth in úsáid acu. Is fíor go n-athraíonn portaigh i gcaitheamh na mblianta, bogann an talamh, athraíonn draenáil agus cartadh an tírdhreach. Ach tá an maíomh go mbeadh na taisí faighte dá mba ann dóibh inchreidte i ngeall ar dhúthracht agus cumas na foirne a bhí i mbun na hoibre. Ní dóigh leis an gCoimisiún gur deineadh iarracht dallamullóg a chur orthu.

An raibh dul amú ar an té a thug faisnéis don Choimisiún? Is fíor go bhféadfadh cuimhne a bheith lochtach tar éis achar chomh fada sin. Is fíor go bhféadfadh daoine a raibh eolas níos cruinne acu a bheith marbh faoin tráth seo. Ach is fíor freisin go bhféadfadh eolas a bheith á cheilt ag duine éigin, cé gur deacair an chúis a shamhlú. Fuath? Ní faitíos é go gcuirfí coir ina leith mar tá díolúine ó chúiseamh ag aon duine a thugann eolas don Choimisiún.

Ghoillfeadh an íde atá fós á fulaingt ag muintir McVeigh ar chroí cloiche. Naoi mbliana déag d’aois a bhí Columba nuair a tháinig deireadh obann lena chaidreamh lena mhuintir i mí Dheireadh Fómhair 1975. Fear óg as an Domhnach Mór i gContae Thír Eoghain a bhí ag baint ceol as an saol i mBaile Átha Cliath. Le himeacht na mblianta agus gan tásc na tuairisc air, ghéaraigh imní a mhuintire, a mháthair go háirithe, gur tharla rud éigin uafásach dó. Cuireadh deireadh leis an éiginnteacht nuair a d’admhaigh Sealadaigh an IRA, mar chuid de phróiseas na síochána gur mharaigh siad daoine, i ngan fhios, Jean McConville agus Columba McVeigh ina measc. Meastar gur dhúirt sé nó go bhfaca sé rud éigin nár thaitin le lucht foréigin.

Chuir a mháthair a ainm ar leac na huaighe inar cuireadh a fear céile, súil aici go bhfaigheadh sí a thaisí gan mhoill le cur faoin bhfód le deasghnátha na heaglaise. Tá sí féin san uaigh sin ach a clann fós ag fanacht le taisí Cholumba a chur san uaigh sin.

Tá sé thar am stop a chur lena gcéasadh.

Fág freagra ar 'Muintir Columba McVeigh fós gan faoiseamh'