Mórshiúl ‘Oráiste’ amháin a bheidh ann an Domhnach seo – fiabhras peile Ard Mhacha imithe ó smacht

Tá an oiread sin fuinnimh in Ard Mhacha faoi chluiche ceannais peile na hÉireann gur cheap fir bhuí Phort an Dúnáin gurb é seo an seans is fearr dóibh turas Dhroim Crí 1998 a chríochnú

Mórshiúl ‘Oráiste’ amháin a bheidh ann an Domhnach seo – fiabhras peile Ard Mhacha imithe ó smacht

Caithfidh go bhfuil rud éigin faoi mhí Iúil agus an dath oráiste.

Déanta na fírinne, níor cheap mé gur ar oráiste na peile a bheadh muid ag caint an samhradh seo.

Tá an oiread sin fuinnimh sa chontae go gceapann fir bhuí Phort an Dúnáin gurb é seo an seans is fearr dóibh turas Dhroim Crí 1998 a chríochnú nó go n-aithníonn siad go mbeidh tromlach an bhaile imithe go Páirc an Chrócaigh. Dhiúltaigh Coimisiún na Mórshiúlta don iarratas sin, ar ndóigh.

Ní bheidh ach mórshiúi amháin ann an Domhnach seo, mar sin féin, agus Bóthar Mhic Sheoin na hArdchathrach líonta ó bhun go barr le horáiste agus marún.

Agus níos cóngaraí don bhaile, cé go bhfuil an dara lá déag den mhí seo imithe, tá tonnta oráiste ag éirí in airde cois teorann an bealach ar fad fríd an chontae.

Tiomáin fríd Chamloch, An Mullach Bán, Foirceal, Béal Átha an Airgid ar aghaidh go Crois Mhic Lionnáin agus feicfidh tú an fiabhras peile ag imeacht as smacht. Agus tá an scéal céanna ar fud an chontae, ón chathair fríd go dtí an Lorgain.

Tá na siopaí oráiste. Tá na tithe agus na carranna oráiste. Tá na caoirigh iad féin oráiste.

Beirt de lucht tacaíochta Ard Mhacha. Pic: INPHO/Ben Brady

“Déanfaidh seo uilig difear an domhain do na glúnta de dhaoine óga agus spreagfaidh sé iad i dtreo CLG,” arsa Aidan Forker ag ócáid phreasa an tseachtain seo caite ag Óstán an Carrickdale.

Agus bhí an ceart aige. Mar a spreag gaiscí 2002 go leor d’imreoirí na foirne reatha, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar síoraí ag aistear oráiste an tsamhraidh seo ar óige an chontae go ceann i bhfad eile.

Sin ar fad ráite, tá barraíocht ama caite ó shuigh Ard Mhacha ag príomhbhord an chraobhchomórtais. Bhí muid ann in 2002. Lá dár saol nach ndéanfaidh muid dearmad air choíche.

Agus bhí muid ann in 2003. Lá dár saol nach féidir linn dearmad a dhéanamh air cé gur mian linn. Bhlais muid an mhaith agus an t-olc, an bua agus an bás.

Breis agus 20 bliain ar aghaidh agus tá Kieran McGeeney ar ais sa chluiche ceannais. Cé atá os a chomhair an babhta seo ach a sheanchéile comhraic, Padraig Joyce. Beidh cuimhní 2001 ag teacht chun cinn in intinní na beirte sin, ach blocáil Michael Donnellan a shocraigh cúilín cinniúnach Paul Clancy in am cúitimh.

Bhi blianta deacra ag McGeeney le hArd Mhacha ó thóg sé ról an bhainisteora 10 mbliana ó shin. Bhí blianta deacra againn uilig, is dócha, a lean an fhoireann seo fríd bhabhta i ndiaidh babhta d’am breise agus ciceanna éirice.

Bhí muid ann in 2023:


Agus arís in 2024:

Dhá chluiche ceannais Uladh agus dhá chluiche ceathrú ceannais na hÉireann caillte le dhá bhliain agus ba mhillteanach an buille iad uilig. Táthar ann a deir go raibh mí-ádh an diabhail ar Ard Mhacha sa tréimhse sin. Agus tá daoine eile ann gur theip orthu arís agus arís eile ceann scríbe a bhaint amach agus an deis acu. Is dócha go bhfuil rian den dá theoiric úd fíor.

Ar bhealach éigin, áfach, ta bua dochreidte ag foireann seo Ard Mhacha. Níor ghéill siad riamh. Agus mar léiriú air sin, níl aon chluiche peile craoibhe caillte acu le dhá bhliain i ngnáth-am imeartha.

Chonaic muid arís é i gcoinne Chiarraí an Satharn seo caite. Tá sé feicthe againn i gcoinne na Gaillimhe níos mó ná uair amháin le cúpla bliain anuas agus an lámh in uachtar ag fir an iarthair ar Ard Mhacha an chuid is mó den chluiche.

Nil sé maith don chroí. Bíonn an nós acu toiseacht go mall, agus tá an cultúr cruthaithe acu críochnú go láidir. Bíonn siad ag brath ar an bhinse láidir atá acu iad a bhrú thar an líne dheiridh. Agus nuair atá fir ionaid agat ar nós Soupy [Stefan Campbell], Oisín O’Neill agus Ross McQuillan tá ciall leis an straitéis chéanna.

Cé a sheasann idir Ard Mhacha agus céimeanna maorga Ardán Uí Ógáin ach an Ghaillimh agus níl aon rud idir na foirne. Tá aithne mhór mhaith acu ar a chéile. Má tá Ard Mhacha chun fir na dtreabh a chloí beidh obair mhór le déanamh acu Comer agus Walsh a choinneáil ciúin.

Lucht tacaíochta Ard Mhacha le linn an chluiche leathcheannais i gcoinne Chiarraí. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Má éiríonn leo sin a dhéanamh beidh orthu súil a choinneáil gan stad ar John Maher agus Cillian McDaid, gan trácht ar Finnerty. Tá scórálaithe agus ceannairí ag an Ghaillimh fud fad na páirce agus gach seans go bhfuil gradam shárimreoirí na bliana bainte amach cheana féin ag Paul Conroy i lár na páirce, agus ag Liam Silke agus Dylan McHugh sa líne leathchúil.

Beidh neart fuinnimh caite ag Ard Mhacha chun ionsaí na Gaillimhe a stopadh. Ag pointe éigin, áfach, beidh ar Ard Mhacha coiscéim chun tosaigh a thógáil agus dul sa bhearna bhaoil leis an chluiche a bhaint. Tá na himreoirí acu, tá na tosaithe acu. Bealach amháin nó eile, beidh tionchar ag taispeántas Rian O’Neill ar an scór deiridh, agus beidh lucht leanúna an chontae ag guí go mbeidh Turbo [Conor Turbitt], Grugan [Rory] agus McCambridge [Barry] chomh cruinn agus a bhí siad an chuid is mó den bhliain.

“Céim amháin eile”, a d’éiligh McGeeney ar a chuid imreoirí ag an fheadóg dheiridh i gcoinne Chiarraí. Tá deis mhaith ag Ard Mhacha, an chéim sin a thógáil agus ceann scríbe a bhaint amach.

Ach tá an t-iarthar ina dhúiseacht freisin, agus iad réidh agus muiníneach gur féidir leo Corn Sam Mhig Uidhir a thabhairt anoir leo arís.

Aontaíonn na geallghlacadóirí leis sin, ach ní chuireann siad ach cúilín amháin idir na foirne.

Ní bheidh mórán eatarthu ar deireadh, níl aon cheist faoi sin, ach is féidir leis na fir fhlannbhuí an Ghaillimh a chur chun suain arís.

Fág freagra ar 'Mórshiúl ‘Oráiste’ amháin a bheidh ann an Domhnach seo – fiabhras peile Ard Mhacha imithe ó smacht'