Moltaí na Ríochta Aontaithe i dtaobh na teorann le cur faoi bhráid an AE ar deireadh

Deir Boris Johnson gurb í fírinne an scéil go gcaithfeadh seiceálacha custaim a bheith in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta

Moltaí na Ríochta Aontaithe i dtaobh na teorann le cur faoi bhráid an AE ar deireadh

Cuirfidh an Ríocht Aontaithe a moltaí oifigiúla i dtaobh cheist theorainn na hÉireann faoi bhráid an AE roimh dheireadh na seachtaine seo.

Dúirt Aire Breatimeacht na Ríochta Aontaithe James Duddridge an méid sin i bparlaimint Westminster tráthnóna.

Tuairiscítear go bhféadfadh gur amárach a chuirfear na moltaí malartacha i dtaobh an chúlstop faoi bhráid an AE.

Bhí Duddridge ag trácht sa pharlaimint ar scéal RTÉ go raibh moladh déanta ag an Ríocht Aontaithe i ‘neamhpháipéar’ go ndéanfaí seiceálacha ag ionaid chustaim agus ionaid trádala 5-10 míle ón teorainn féin.

Cé gur shéan Boris Johnson an méid sin, dúirt sé gurb í fírinne an scéil go gcaithfeadh seiceálacha custaim a bheith in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, áfach, nárbh ionann sin agus teorainn chrua a bheith ann.

Shéan James Duddridge chomh maith an scéal maidir leis na hionaid chustaim.

“Níl aon rún ann seiceálacha fisiciúla a bheith againn ag an teorainn. Ní hamhlaidh go bhfuilim ag roghnú mo chuid focal go cúramach ansin – níl plean ar bith ann sin a dhéanamh, is féidir liom é sin a dhearbhú,” a dúirt Aire Breatimeacht na Ríochta Aontaithe, James Duddridge.

Tuairiscítear go bhfuil sé dearbhaithe ag foinsí san AE go raibh a leithéid de mholadh ann i neamhpháipéar a chuir an Ríocht Aontaithe faoi bhráid an Aontais Eorpaigh.

Is ionann sin agus a rá gur moladh a bhí ann ach nach moladh oifigiúil é.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhfuil “réiteach maith” ar cheist na teorainn agus an chúlstop.

“Sílimid go bhfuil réiteach maith ann. Tá súil agam go dtógfaidh ár gcairde Eorpacha san AE sa Bhruiséil, i mBaile Átha Cliath agus sa Ghearmáin ar bord é.

An 31 Deireadh Fómhair an sprioclá is déanaí don Bhreatimeacht agus tá ráite ag Boris Johnson go mbeifear ag fágáil an lá sin, bíodh margadh ann nó as. Tugadh reachtaíocht isteach i bparlaimint Westminster an mhí seo caite, áfach, a fhágann go mbeidh ar Johson síneadh ama ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh glactha ag an bparlaimint le margadh nó le himeacht gan mhargadh.

Fág freagra ar 'Moltaí na Ríochta Aontaithe i dtaobh na teorann le cur faoi bhráid an AE ar deireadh'