Moltaí déanta chun deireadh a chur le ‘coup ciúin’ an Stáit in aghaidh na Gaeilge

Deir an socheolaí aitheanta an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin gur geall le comhcheilg chiúin stáit é imeallú na Gaeilge agus gurb ionann an córas pleanála teanga agus an stát a rá le muintir na Gaeltachta ‘iad féin a shábháil’

Moltaí déanta chun deireadh a chur le ‘coup ciúin’ an Stáit in aghaidh na Gaeilge

Dr Pádraig Breandán Ó Laighin

Tá moltaí déanta faoi conas stádas mar theanga oifigiúil agus oibre a bhaint amach don Ghaeilge in Éirinn ag duine de na daoine ba lárnaí sa bhfeachtas ar éirigh leis an stádas sin a fháil don teanga san Aontas Eorpach.

Ina leabhar nua Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht, deir an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin, gur geall le comhcheilg chiúin stáit é imeallú na Gaeilge sa saol poiblí agus gurb ionann an córas pleanála teanga agus an stát a rá le muintir na Gaeltachta “iad féin a shábháil”.

“D’ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, d’éirigh leis an Stát, ag feidhmiú ar bhonn coup ciúin a tionscnaíodh sa bhliain 1965, úsáid na Gaeilge a eisiamh as beagnach gach réimse dá fhearas riaracháin,” a scríobhann Ó Laighin.

“Taobh le taobh le polasaí folaithe arbh ionann is toirmeasc ar úsáid na Gaeilge é, chuir na Stát an teanga ar aghaidh go follasach mar theanga oidhreachta a mbeadh grá ann di, agus meas uirthi, agus go bhfoghlaimeofaí í dá réir agus rinne sé bearta chun an Ghaeltacht a láidriú.”

Mar thoradh ar “an dearcadh contrártha sin”, deir Ó Laighin, gur cruthaíodh “maorlathas” Béarla “ina gceaptar “gur ualach nó crá croí féin” é go gcaitear leaganacha Gaeilge a chur ar fáil de cháipéisí Béarla.

“Arís is arís eile, baintear an bonn ó bheartais fhollasacha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge agus a pobail mar aidhm acu le clár oibre folaigh a éilíonn eisiamh na teanga,” a deir Pádraig Ó Laighin, an socheolaí agus gníomhaí teanga aitheanta.

Sampla eile den chlár folaithe seo, a deir sé, ná an tslí ar sheachain an stát a dhualgas achtanna Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach trí na rialacha a athrú chun go mbeadh cead achtanna a fhoilsiú i mBéarla amháin ar líne. 

Luann sé mar shampla eile de chur chuige lochtach na stáit an córas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. 

Deir Ó Laighin gur fhéach an Rialtas ar na bpleanáil teanga mar dheis eile éalú óna ndualgas i leith na teanga agus “an dualgas a aistriú chuig pobail agus gníomhaithe díograiseacha aonair” a bheadh ag obair ar bhonn deonach.

“Is dealraitheach go bhfuil an Stát, a leag síos na spriocanna, agus a shocraigh gurbh é féin a mheasfadh fiúntas na dtorthaí, ag tabhairt dúshlán na bpobal áitiúil chun iad féin a shábháil ó thaobh teanga de, agus é sin a dhéanamh go pointe áirithe, in vacuo. 

“Idir an dá linn, leanfadh na Stát lena bheartas folaithe a fhéachann le Gaeilge a choinneáil amach, a mhéid is gur féidir é, as an réimse poiblí.” 

Maidir le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil ón Stát, deir Ó Laighin go ndéantar “neamhaird iomlán ar riail an dlí”.

15 foráil reachtaíochta atá molta ag an údar chun deireadh a chur le “clár folaithe” an Stáit i leith na Gaeilge.

Ba chóir, a deir sé, rannóg lán-Ghaeilge a bhunú sa státseirbhís a bheadh freagrach as earcú Gaeilgeoirí, poist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo a shainaithint agus “fíorsholáthar” seirbhísí trí Ghaeilge don phobal. Bheadh rannóg fheidhmiúil lán-Ghaeilge ag gach Roinn Stáit.

Ag trácht ar chúrsaí earcaíochta, deir Ó Laighin nach bhfuil “mórán fiúntais ag baint le béim a leagan ar spriocanna ar leith a bhaint amach, d’uireasa athruithe suntasacha struchtúrtha agus riaracháin”.

De réir na moltaí sa leabhar nua, a seoladh ar an Tulaigh i nGaeltacht Chonamara aréir, dhéanfaí anailís ar gach píosa reachtaíochta a ritear in Éirinn agus san AE féachaint cén tionchar a bheadh aici ar chearta teanga.

Moladh eile ná go mbeadh an ceart ag duine de réir an dlí an Ghaeilge a úsáid i “gcomhthéacsanna áirithe poiblí agus oibre”.

Bheadh ceangal dlí ar cheannasaithe ranna stáit agus comhlachtaí poiblí a bheith freagrach as an reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm. Thabharfaí cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga agus chinnteofaí sa dlí go mbeadh breithiúna a bheadh líofa sa Ghaeilge ar fáil.

An aidhm a bheadh leis na moltaí ná nach mbeadh “aon éiginnteacht ná deis seachantachta” ann i leith cearta teanga agus go ndéanfaí “institiúidiú agus normalú na Gaeilge a thabhairt i réim”.

Fág freagra ar 'Moltaí déanta chun deireadh a chur le ‘coup ciúin’ an Stáit in aghaidh na Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Caithfear rud éigin eile a chur in áit an Stáit. “Má tá Stát le bheith ann,” arsa Bakunin, “beidh aicme áirithe i gceannas ar aicme eile agus is sclábhaíocht a bheadh ansin.” Go deimhin, ceapann Gerard Casey gur eagraíochtaí coiriúla iad gach stát. (Casey, Gerard, 2012, Libertarian Anarchy: Against the State, Londain: Bloomsbury).
    Sinne a bhfuil grá thar na bearta againn don Ghaeilge, ní mór dúinn ‘Díchoilíniú na hAigne’ a scaipeadh mar shoiscéal agus mura bhfuil an Stát ag aontú linn agus sinn fágtha ar an imeall againn, fágaimisne an stát ar an imeall, aguus bíodh aige. Níl aon dualgas orainn Stát barbartha a adhradh.

  • Eoghan Ó Néill

    Ceart agat gur ualach agus crá croí an ghaelig dos na Anglos ach níl seo dírithe ar an ghaelig amháin ach go domhanda ar an fhraincís, spáinis, zúlú etc. Is í an sprioc ná go ngéillfeadh lucht na gcultúr eile do údarás an bhéarla agus nach mbeadh ar an bhéarlóir bacaint le haon teanga eile a fhoghlaim. Tráthúil a rá ‘No Pasarán!’ Níl muid a dhul a ghéilleadh a thuilleadh!

  • An Saoránach

    Maidir le todhchaí na teanga is tábhachtaí i bhfad an cás cúirte faoin bhforbairt tithíochta a tharraingneadh Béarlóirí isteach sa cheantair i Ráth Chairn a stopadh ná na sraitheanna imeachtaí dheasa “pleanála teanga” a thugann le fios go bhfuil FFFG “doing something for the Gaeltacht”.

    Is ar éigean gurbh ann don Ghaeilge sa gcóras pleanála sna condaetha Gaeltachta. Tús a chur chun sin a athrú is ea cás Ráth Chairn. Sin PLEANÁIL TEANGA.