Molta go gcuirfí cultúr agus teanga dhúchais Ghaeltacht Dhún na nGall chun cinn in earnáil na turasóireachta

Dúradh ag cruinniú faoin turasóireacht go raibh ‘gné áirithe den chultúr beo’ in iarthuaisceart Dhún na nGall nach rabhthas ag teacht i dtír air

Molta go gcuirfí cultúr agus teanga dhúchais Ghaeltacht Dhún na nGall chun cinn in earnáil na turasóireachta

Moladh ag cruinniú de chuid Fáilte Éireann i nDún na nGall an tseachtain seo go leagfaí níos mó béime ar an gcultúr Gaelach agus ar an nGaeilge féin i bpleananna turasóireachta d’iarthuaisceart an chontae mar a bhfuil an ceantar Gaeltachta is láidre.

Bhí tuairim is dhá scór duine ó earnáil na turasóireachta i nDún na nGall i láthair – lucht óstáin, daoine a bhfuil lóistín ar Airbnb acu, tábhairneoirí, lucht bialann, lucht na mbád farantóireachta, comhlachtaí bus, agus eagraíochtaí agus gnólachtaí eile nach iad.

Dúradh ag an gcruinniú go raibh “gné áirithe den chultúr beo” in iarthuaisceart Dhún na nGall nach rabhthas ag teacht i dtír air – an mhiotaseolaíocht faoi Bhalor na Súile Nimhe agus an cultúr as a dtáinig an finscéal sin.

“Tá an tírdhreach timpeall orainn breactha le logainmneacha atá bainteach leis an scéal seo. Tá paróiste Chloich Chionnaola ainmnithe as gné den scéal – dícheannadh an ghabhann Faola,” a dúradh ag an gcruinniú.

Moladh freisin go ndéanfaí margaíocht ar na trí pharóiste Gaeltachta – Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair agus na Rosa – mar aon cheann scríbe amháin ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin seachas mar ‘Phointí Spéise’, sa chaoi is go meallfaí níos mó daoine chuig an gceantar.

Dúirt duine a bhí i láthair ag an gcruinniú agus a mhol go gcuirfí béim ar ghné na teanga agus na miotaseolaíochta den cheantar le Tuairisc go raibh dearcadh dearfach ann i measc lucht na hearnála i leith an chultúir agus na teanga.

“Bhí sé go hiontach an dearcadh dearfach a bhí sa tseomra i dtaca na turasóireachta cultúrtha agus an bhéim ar an teanga,” a dúradh.

Tá ‘An Ghaeltacht’ luaite go sonrach mar áit ar shuíomh idirlín Discover Ireland agus is féidir “eispéiris” agus áiteanna le fanacht ann a aimsiú ar an mbunachar sin ach is beag béim atá ar an teanga féin ná ar an gcultúr a ghabhann léi ar an suíomh.

Fág freagra ar 'Molta go gcuirfí cultúr agus teanga dhúchais Ghaeltacht Dhún na nGall chun cinn in earnáil na turasóireachta'