Mise agus an Ghaeltacht – ‘Mac léinn ón Rúis, ní raibh aon áit ar m’intinn ach Árainn’

Sa tsraith nua seo, tráchtann Gaeilgeoirí éagsúla ar an gceangal atá acu leis an nGaeltacht agus ar a tábhacht dóibh. An tseachtain seo Árainn rogha ár n-údair…

Mise agus an Ghaeltacht – ‘Mac léinn ón Rúis, ní raibh aon áit ar m’intinn ach Árainn’

Mí na Samhna 2010. Inis Mór. Mac léinn Erasmus ón Rúis. B’in an chéad uair ar chuala mé an Ghaeilge bheo – agus ní raibh dóthain misnigh agam mo chúpla focal a úsáid.

Tharla rud tábhachtach eile dom: bhog an t-oileán mo chroí –ollfhairsinge an Atlantaigh, claíocha uaigneacha agus an suaimhneas a thug an áit sin dom.

Ní chaithim aon bhliain ar bith anois gan dul ar ais go hÁrainn. Tá neart Gaeilge agus dóthain muiníne agam ar deireadh chun labhairt leis na hoileánaigh. Deirtear nach mbíonn fonn orthu Gaeilge a labhairt le fhoghlaimeoirí. Níl ach cód rúnda ag teastáil, i mo thuairimse – abraigí ‘cén chaoi a bhfuil tú’ in áit ‘conas atá tú’. Déanfaidh an nath seo an-mhaitheas, geallaim.

Tar éis roinnt blianta a chaitheamh in Éirinn, tá mé an-tógtha lena cultúr agus a nádúr agus tá taithí agam anois ar an mbáisteach. Tá neart cloiste agam faoi thurais scoile go dtí an Ghaeltacht agus claonaim mo cheann go tuisceanach nuair a bhíonn daoine ag caint faoi bhean an tí nó a gcéad phóg. Ach roimh an samhradh seo, ní raibh mé in ann a rá ‘sea, agus nuair a bhí mise ar scoil sa Ghaeltacht…’

In 2019, agus mé beagnach tríocha bliain d’aois, cheap mé go raibh sé in am agam triail a bhaint as coláiste samhraidh Gaeilge. Ní raibh aon áit ar m’intinn ach Árainn. Chuir mé isteach ar Choláiste Gaeilge Inis Meáin mar sin.

Domhnach roimh an gcúrsa agus mé ag siúl timpeall an oileáin, bhí mé ag smaoineamh ar na daoine a tháinig anseo romham. An Piarsach agus Thomas MacDonagh – d’fhéadfadh gur spreag áilleacht Inis Meáin  féin an bheirt sin chun bás a fháil ar son na hÉireann. An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh – an é go ndeachaigh saibhreas na Gaeilge a chuala sé anseo agus an cultúr Gaelach ar an oileán i bhfeidhm chomh mór sin air gur thosaigh sé ar a cholún rathúil Simple Lessons a scríobh.

Sa tréimhse a chaith mé sa choláiste, bhí seans agam casadh le muintir an oileáin. Bhí fonn comhrá orthu i gcónaí – chomh luath agus a bhí ‘cén chaoi a bhfuil tú?’ ráite agamsa! Ach bígí cúramach – tá an-chumhacht ag an nath seo. Mar shampla, dúirt mé go réchúiseach é le fear amháin ar an mbóthar, agus go tobann, bhí muid ag déanamh plé ar bhás na Gaeilge.

Lá amháin, bhí muid inár suí amuigh faoin spéir agus muid ag éisteacht le scéal spéisiúil ó dhuine de na hoileánaigh. Bhí a chuid Gaeilge chomh hálainn agus chomh ceolmhar gur cheap mé go raibh mé beagnach in ann na focail a fheiceáil – ag sruthú os cionn na bpáirceanna, i dtreo Aillte an Mhothair agus níos faide amach san Atlantach. Mór millteach, beag bídeach, fámairí – na focail shaibhre, na focail dho-aistrithe, na focail atá dearmadta sa domhan mór. Is dóigh go mbeidh teanga na Gaeilge beo chomh fada is nach gcailltear a saibhreas. Cén fhad a mhairfidh sí – níl mé cinnte. Ach táim cinnte go bhfuil croí cloiche na hÉireann feicthe agam anois, agus tá sé ag bualadh leis fós.

Buíochas ó chroí le muintir Oileáin Árann a thaispeáin saibhreas na Gaeilge dom.

Fág freagra ar 'Mise agus an Ghaeltacht – ‘Mac léinn ón Rúis, ní raibh aon áit ar m’intinn ach Árainn’'