MIONLÉIRMHEAS: Réalachas draíochta na hóige

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, an réalachas draíochta agus duine de mhór-ghrianghrafadóirí an domhain

MIONLÉIRMHEAS: Réalachas draíochta na hóige

Réalachas draíochta. Samhlaítear leis an bhfichiú haois é, le scríbhneoirí áirithe ó Mheiriceá Theas, ach creidimse go bhfuil sé i bhfad Éireann níos sine ná sin agus gur feiniméan ilmheánach idirnáisiúnta é. Tá scéalta béaloidis againn sa Ghaeilge atá lán de réalachas draíochta.

Grianghrafadóir a bhfuil a shaothar lán den réalachas draíochta is ea Tom Chambers, máistir ar an bhfótamontáis. Páistí agus ainmhithe is mó atá mar ábhar aige. Tógadh Chambers ar fheirm Amanach (‘Amish’) i Meiriceá.

Is féidir leabhar nó prionta leis a ordú anseo.

Saul Leiter – ómós iarbháis

Grianghraif le Saul Leiter
In eagar ag Margit Erb agus Michael Parillo
D.A.P. a d’fhoilsigh, 2022
160 lch

Bhí sé sna hochtóidí sular tugadh aitheantas ceart dó. Aithnítear inniu é mar dhuine de mhór-ghrianghrafadóirí an domhain. Tá Fondúireacht Saul Leiter ag gabháil tríd an 80,000 grianghraf

a d’fhág sé ina dhiaidh agus saothar nach bhfacthas go dtí seo atá sa leabhar seo.

   Súil an phéintéara nua-aimseartha a bhí ag Leiter agus é ag cur síos ar Nua-Eabhrac. Fiosracht agus spontáineacht an dá thréith is mó a spreag a shaol agus a shaothar ó bhí sé ina dhéagóir.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Réalachas draíochta na hóige'