Teanga na Grianghrafadóireachta
Grianghraf suaithinseach le Duane Michals, roghnaithe ag Arthur Tress atá
Bhí smaoineamh maith ag na foilsitheoirí Art Cinema nuair a d’iarr siad ar Zelda Cheatle, coimeádaí grianghraf a bhfuil gailearaí aici, dul sa tóir ar dhaoine áirithe, grianghrafadóirí, ceoltóirí, bailitheoirí ealaíne agus scannánóirí, breis is leathchéad díobh ar fad, agus a fháil amach uathu cad é an grianghraf is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu.
Tháinig sí ar an bpainéal roghnóirí gan mórán dua mar le linn na paindéime bhí an chuid is mó acu sa bhaile.

Ealaín idirnáisiúnta, gan teorainneacha, í an ghrianghrafadóireacht: ‘teanga’ a thuigeann an domhan go léir. Mar is léir ó na grianghraif seo, ‘teanga’ mhistéireach is ea í chomh maith.
Cad atá ráite ag an dá ghrianghraf sa mhionléirmheas seo? Cad nach bhfuil ráite acu?
Má chuaigh Duane Michals i bhfeidhm ar Arthur Tress, cé a chuaigh i bhfeidhm ar Duane Michals, atá ag druidim le 90 bliain d’aois? Ina measc, William Blake, Balthus, Lewis Carroll, Thomas Eakins, René Magritte agus Walt Whitman.
Agus cé a chuaigh i bhfeidhm orthu siúd agus mar sin de go heireaball siar? Ní mionléirmheas a bheadh anseo againn dá dtabharfainn faoin gceist sin a fhreagairt.
Costas an chachtais
Leabhair a bhíonn faoi chaibidil sa tsraith seo de mhionléirmheasanna ach sa chás seo dírímis ar an bprionta. Chosnódh an cachtas seo $3,500 ort. An bhfuil daoine ann a d’íocfadh an méid sin air? Tá, go deimhin.
Eagrán teoranta atá sa phrionta seo. 50 cóip a eisíodh. Níl aon amhras ná go seasann sé amach mar íomhá. N’fheadar cad a mheabhródh sé duit. Duine agus a lámha in airde aige?
Toisí an phrionta: 20″ X 16″.
Ainm an ghrianghrafadóra Mark Klett. Tá cáil ar a chuid cachtas!
Tá cáil ar Klett chomh maith sa réimse athghrianghrafadóireachta. Is é is athghrianghrafadóireacht ann ná grianghraf den radharc céanna a ghlacadh agus aga moille idir an dá ghrianghraf.
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Na fir nach gá ach a gcéad ainm'