MIONLÉIRMHEAS: An saol trí fhuinneoga an bhus agus grianghrafadóir a d’éirigh as a phost

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar faoi thuras ar bhus agus ceann faoi a bheith ag éirí as do phost 

MIONLÉIRMHEAS: An saol trí fhuinneoga an bhus agus grianghrafadóir a d’éirigh as a phost

The Velvet Cell, Beirlín
Grianghraif le Alejandro Cartagena
Foilsithe ag The Velvet Cell, 2021

Comhlacht foilsitheoireachta leabhar grianghraf is ea The Velvet Cell, Beirlín, a phléann le tírdhreacha uirbeacha agus a bhunaigh grianghrafadóir Éireannach, Éanna de Fréine.

Idir 1993 agus 2004, thógadh Alejandro Cartagena an bus gach lá, beagnach, idir Monterrey (príomhchathair stát Nuevo León in oirthuaisceart Mheicsiceo) agus Juarez, agus ar ais.

Trí fhuinneoga an bhus, chonaic sé an saol ag athrú agus daonra Juarez á mhéadú faoi dhó. É ag léamh, nó ag titim ina chodladh agus ag brionglóideach faoin gcarr a bheadh aige lá breá éigin chun nach mbeadh air teas Mheicsiceo Thuaidh a fhulaingt níos mó istigh i mbus.

Dosaen bliain ina dhiaidh sin. Is grianghrafadóir anois é. Ar ais leis ar an mbus arís chun an t-eispéireas sin a thaifeadadh. Drochbhóithre. Easpa slándála: déantar ionsaí gnéis ar a laghad uair amháin ar 91.6% de na mná ar paisinéirí iad ar chóras iompair phoiblí Cheantar Monterrey.

Tá suíomh gréasáin an ghrianghrafadóra anseo.

Ag éirí as an bpost lae

Quitting your Day Job
MACK a d’fhoilsigh
Clúdach bog
Toisí:14 x 22.8 cm
128 lch.
€25

Toradh amháin a bhí ar an bpaindéim ná daoine ag obair sa bhaile, nó ag smaoineamh ar an ngairm bheatha a bhí acu (nó a bhí rompu): roinnt mhaith daoine, d’éiríodar as an bpost lae a bhí acu le bheith ag obair ón mbaile, nó gan a bheith ag obair in aon chor.

Beathaisnéis chriticiúil atá sa leabhar seo ar dhuine a d’éirigh as, i bhfad roimh an bpaindéim. D’éirigh Chauncey Hare (1939 -2019) as an ngrianghrafadóireacht sa bhliain 1985 le bheith ina theiripeoir. Dhírigh sé ar dhaoine a d’fhulaing drochíde sa láthair oibre.

Bhronn sé a shaothar grianghrafadóireachta ar Leabharlann Bancroft, Ollscoil California, ar an gcoinníoll go mbeadh fotheideal le grianghraif a d’fhoilseofaí a dhéanfadh ‘foláireamh agus agóid mar gheall ar chorparáidí ilnáisiúnta agus an tslí a gcaitheann siad le hoibrithe’.

Grianghraf de chuid Chauncey Hare: agóid in aghaidh an chórais oibre faoi chorparáidí ilnáisiúnta.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An saol trí fhuinneoga an bhus agus grianghrafadóir a d’éirigh as a phost'