Cad iad na reifrinn atá ar siúl?
Táthar ag iarraidh ar dhaoine vótáil in dhá reifreann a dhéanfadh leasuithe ar Airteagal 41 den Bhunreacht.
Baineann reifreann amháin leis an teaghlach agus baineann an dara ceann le cúrsaí cúraim.
Cad atá á mholadh sa Reifreann Teaghlaigh?
Dhéanfadh an leasú i reifreann an teaghlaigh athrú ar an sainmhíniú ar cad is teaghlach ann. Teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh amháin atá i gceist sa Bhunreacht faoi láthair, ach dá nglacfaí leis an leasú bheadh teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh agus teaghlaigh “bunaithe ar chóngais bhuanfasacha”, nó “durable relationships”, i gceist.
Ar an bpáipéar bán a thabharfar duit san ionad vótála a chaithfear vóta sa reifreann seo.
Cad iad na hargóintí atá ann faoin Reifreann Teaghlaigh?
Deir an dream atá ar son an leasaithe atá á mholadh sa Reifreann Teaghlaigh go dtabharfadh sé stádas do ghnáth-theaghlaigh nach bhfuil aon aitheantas bunreachtúil faoi láthair acu.
Deir an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil thart ar mhilliún duine sa stát i dteaghlaigh nach teaghlaigh bunaithe ar an bpósadh iad.
Deir daoine atá in aghaidh an leasaithe, go mbeidh sé ina chíor thuathail sna cúirteanna má ghlactar leis an leasú mar go mbeadh impleachtaí aige i réimsí éagsúla den dlí amhail dlí an chomharbais agus dlí na hinimirce.
Deir daoine eile nach bhfuil sé soiléir a dhóthain cad is brí le “cóngais bhuanfasacha” agus tá imní ar dhaoine áirithe gur lú an spreagadh a bheadh ag daoine pósadh má vótáiltear ar son an reifrinn. Mhaígh daoine chomh maith go gceadódh an leasú an polagamas, maíomh ar thug an Rialtas an bhréag dó.
Cad atá á mholadh sa Reifreann Cúraim?
Bhainfeadh an leasú faoi chúrsaí cúraim den Bhunreacht na tagairtí do shaol agus do dhualgais na mban ó thaobh cúraim baile agus thabharfaí aitheantas ina n-áit don chúram sa teaghlach.
Deir an dream atá ar son an leasaithe go dtabharfadh sé aitheantas don ról tábhachtach a bhíonn ag cúramóirí sa saol.
Faoin leasú, d’fhéadfadh cúramóir a bheith gaolta le duine faoina chúram nó nasc eile a bheith acu leo. De réir an leasaithe, bheadh an stát “ag dréim” (“to strive”) le tacú le soláthar cúraim.
Mhol an Tionól Saoránach go n-úsáidfí sa leasú friotal nár bhain go sainiúil le hinscne daoine ach go leagfaí dualgas ar an stát “beartais réasúnta” a chur i gcrích le tacú leis an gcúram a chuirtear ar fáil ag baile agus sa phobal, moladh nár glacadh leis.
Cad iad na hargóintí atá ann faoin Reifreann Cúraim?
Deir an dream atá ar son an leasaithe go bhfaighidh sé réidh le tagairtí gnéasaíocha do mhná a bhain leis an tseanaimsir agus go dtabharfaidh sé aitheantas don chúram sa teaghlach.
Deir daoine áirithe atá i gcoinne an reifrinn go mbeadh na mná sin a bhíonn ag obair ag baile amháin thíos leis an leasú agus nach bhfuil aon ghá mór leis an athrú pé scéal é.
Deir daoine eile nach bhfuil an leasú láidir a dhóthain toisc nach mbeadh aon tacaíocht phraiticiúil bhreise ag cúramóirí dá bharr.
Cad atá á rá ag daoine ar an dá thaobh?
Tá Fine Gael, Fianna Fáil, Sinn Féin, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús ag comhairle ar dhaoine vótáil ar son an dá leasú.
Deir an Tánaiste Micheál Martin gur léiriú a bheadh sna na leasuithe ar thír atá tuisceanach agus ina mbíonn glacadh le cách.
Deir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gur leasú chun feabhais a bhí á mholadh sa reifreann faoi chúrsaí cúraim ach go gcaithfí troid i ndiaidh an reifrinn chun tacaíocht níos mó a fháil do chúramóirí.
Mháigh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur “deis amú” a bhí sa leasú céanna agus nach raibh aon ní cóir déanta ag an rialtas do chúramóirí ná do theaghlaigh.
Tá grúpaí amhail Comhairle Náisiúnta na mBan, Cúramóirí Teaghlaigh na hÉireann, One Family agus Treoir ar son na leasuithe.
Aontú an t-aon pháirtí sa Dáil atá in aghaidh an dá leasú, cé go bhfuil seanadóirí agus Teachtaí Dála neamhspleácha áirithe ag moladh vótáil ‘Níl’ sa dá chás chomh maith.
Tá an tIonad Comhairle Dlí Saor in Aisce ag moladh vótáil ‘Sea’ sa reifreann teaghlaigh ach ‘Níl’ sa reifreann cúraim.
Deir siad gur leasú “neamhéifeachtach” a bheadh ann, gur gnéasaíochas an toradh indíreach a bheadh air agus go bhféadfadh sé cur as do chearta daoine faoi mhíchumas.
Mhaígh grúpa nuabhunaithe go bhféadfadh an leasú faoi chúrsaí cúraim an tuiscint a chur chun cinn gur ualach ar theaghlach an té atá faoi mhíchumas seachas duine ar comhchéim a bhfuil na cearta céanna le cách aige.
Cén uair atá na reifrinn ar siúl agus cé aige a bhfuil cead vótála?
Osclófar na botháin vótála Dé hAoine, an 8 Márta ag 7am agus beidh siad oscailte go dtí 10pm.
Chun vótáil sna reifrinn, ní mór duit a bheith i do shaoránach de chuid na hÉireann, 18 bliain nó os a chionn, a bheith i do chónaí de ghnáth sa Phoblacht agus a bheith cláraithe ar chlár na dtoghthóirí.
Má tá cárta vótála faighte agat beidh eolas air faoin ionad vótála ba cheart duit dul ann. Mura bhfuil cárta vótála faighte agat, is féidir dul ar Checktheregister.ie.
Tabhair leat aitheantas fótagrafach go dtí an t-ionad vótála.
Fág freagra ar 'MÍNÍU: ‘Tá’ nó ‘Níl’? Gach eolas faoin dá reifreann…'