Mhionnaigh mé do Mhanchán Magan go leanfainn ag baint na móna an fhad is a bheas mé beo

Sílim gur thuig an t-údar nuair a tháinig sé ar cuairt againn go bhfuil nádúr i mbaint na móna le sleán seachas a bheith ag stróiceadh criathraigh le hinneall

Mhionnaigh mé do Mhanchán Magan go leanfainn ag baint na móna an fhad is a bheas mé beo

I rith an tsamhraidh tháinig criú teilifíse chomh fada liom féin agus le mo chara, Thomas Frainc Seoige, agus muid ag obair ar an bportach i Seanadh Bhuire, Cill Chiaráin, Conamara.

Fear as Camas, Aenghus Mac Eochagáin, a bhí i gceannas orthu. Bhí Manchán Magan in éineacht leo.

Tá an t-uafás cláracha teilifíse déanta ag Manchán é féin agus go leor scríofa aige.

Bhí beagáinín amhrais orainne faoin dearcadh a bheadh aige ar an obair a bhí ar bun againn mar go raibh a fhios againn gur sheas sé don Chomhaontas Glas i dtoghcheantar Mhuineacháin/na hIarmhí in olltoghchán na bliana 2016.

Má cheap sé gur téamh breise ar an domhan an toradh a bheadh ar ár gcuid oibre níor lig sé air féin é. Shílfeá go deimhin go raibh cineál aiféala air go n-imeodh traidisiún spéisiúil dá gcuirfí cosc scun scan le baint na móna.

Sílim gur thuig sé go maith freisin go bhfuil nádúr i mbaint na móna le sleán seachas a bheith ag stróiceadh criathraigh le hinneall.

Sleánadóir den scoth é mo chara Thomas. Bhí sé ar dhuine de na sleánadóirí ab fhearr i gConamara ina óige. Pinsinéir anois é ach an oiread liom féin ach is ait uaidh móin a chur ar bruach i gcónaí.

Ag scaradh na bhfód uaidh le píce a bhímse. Scaradóir a bhíonn ionam lena rá ar bhealach eile.

Fear é Manchán Magan atá faoi dhraíocht ag focla. Is léir sin ón leabhar a scríobh sé dar teideal Thirty Two Words For Field.

Bhí an bheirt againne in ann neart ainmneacha a thabhairt dhó ar chineálacha móna. Seo liosta a bhronn muid air:

Móin fút síos, móin uicht, móin bhán, clochmhóin, donnmhóin, móin láí, móin ghiolcaigh, móin shnáithíneach, móin feoil chapaill, spairteach, spadalach.

Ar ndóigh ó tharla gur clár teilifíse a bhí á chur le chéile bhí orainn taispeántas a thabhairt den chaoi a mbaintear an mhóin agus a dtugtar aire di go dtí go mbíonn sí sách tirim le tabhairt abhaile le haghaidh na tine.

Scraith muid giota de phortach agus bhain Thomas an mhóin. Scar mise í.

Mhínigh muid do Mhanchán gur sa lagphortach a bhí muid ag cur na scraitheacha agus gur ionlach a thugtar ar an áit a scartar na fóid.

Chaithfí na fóid sin a mheandaráil nuair a bheadh beagán triomaigh orthu, a dúirt muid leis. Focal aisteach é meandaráil. Níl a fhios agam an bunús Béarla nó bunús Gaeilge atá leis.

Fód ar an talamh agus dhá fhód trasna air a bhíonn i gceist.

Gróigtear, athghróigtear agus déantar dúcháin den mhóin de réir mar a bhíonn sí ag triomú.

Déantar gróigíní Francacha scaití freisin. Bhí duine d’fhilí an cheantair seo, Val Ó Donnchú, ag obair ar scéim mhóna ag an Teach Dóite uair amháin. Ní go rómhaith a thaitin an obair leis.

‘Ag déanamh gróigíní Francacha chomh bog leis an aoileach,

Is gan oiread is caorán istigh ina lár,’ a dúirt sé in amhrán a chum sé.

D’inis muid do Mhanchán Magan gur le tarracóirí a chuirtear an mhóin ar bóthar anois nuair a bhíonn sí sách stálaithe.

I gcléibh ar asail a dhéantaí é sin san am a caitheadh. Chuir mo chara Thomas lán sé tharracóir de mhóin amach in imeacht seacht lá uair amháin agus é ag oibriú dhá asal in éineacht.

Ar a ndroim a d’iompraíodh fir an mhóin tamall den saol. Bhíodh na mná á dhéanamh freisin, rud nach raibh ceart ná cóir.

Is minic a dúradh nach mbeadh caoi ar theach ar bith gan tine. Ní teach teach gan tine, a deirtí. An té a bhfuil uisce is móin aige tá an saol ina shuí ar a thóin aige a deirtí freisin.

Ar éigean a théadh an tine as ar chor ar bith sna tithe fadó. Choiglítí an tine san oíche, i.e. chuirtí luaith os cionn na gríosaí. D’fhadaítí ar maidin aríst ansin í.

Cuimhnigh gur ar an tine oscailte a bhí an chócaireacht ar fad á déanamh an uair sin.

Tá tithe á dtógáil anois nach bhfuil simléar ar bith orthu. Tá Eamon Ryan sásta cead a thabhairt dúinn móin a bhaint le haghaidh an tí fós ach cén mhaith sin mura mbeidh simléar ar an teach?

Bíodh aige. Mar a mhionnaigh mé féin agus mo chara Thomas do Mhanchán Magan ar phortach Sheanadh Bhuire, leanfaidh an bheirt againne ag baint agus ag scaradh na móna an fhad is a bheas muid beo.

Cuiridís i bpríosún muid má thograíonn siad.

Fág freagra ar 'Mhionnaigh mé do Mhanchán Magan go leanfainn ag baint na móna an fhad is a bheas mé beo'

  • Móinín na gCiseach

    Beidh brabach éigin ag an sleánadóir ar a chuid oibre i mbliana! An bhfuil Tee Gee Fore Player aige, meas tú?

  • Éilís Ní Anluain

    Píosa álainn scríbhneoireachta.

  • Ag gearradh 's ag cur as poll...

    Cén rud é, go díreach, an gróigín Francach?