Chothaigh straitéis nua slándála na Stát Aontaithe alltacht ar fud na hEorpa nuair a fógraíodh i Meiriceá é an tseachtain seo caite.
Tá an straitéis nua naimhdeach go hoscailte don Aontas Eorpach, agus caitheann sé i leataobh an tseantuairim gur naimhde iad na Stáit Aontaithe agus an Rúis. Ina ionad sin díríonn an straitéis aird Mheiriceá ar an oirthear agus ar an Domhan Theas, an tSín agus an India, go háirithe.
Tá an t-athrú meoin seo ar na bacáin le tamall, ar ndóigh. Tuigeann Trump, is cosúil, nach féidir le Meiriceá máistreacht a bheith aige ar an domhan ar fad trí dhomhan aonpholach a bheith ann. Tuigeann sé gur cumhachtaí móra iad an tSín agus an Rúis, agus sa todhchaí an India freisin.
Ní hé go bhfuil Trump ag iarraidh nach mbeadh tús áite ag Meiriceá sa domhan, ach tuigeann sé nach féidir domhan aonpholach faoi mháistreacht Mheiriceá a chruthú anois, rud a dúirt an Rúnaí Stáit, Marco Rubio, amach díreach an mhí seo caite.
Mar sin caithfidh Meiriceá déileáil leis an domhan mar atá, domhan ilpholach, agus roinnt ionad nó pol ann agus an-tionchar acu – an tSín, an Rúis, an Iaráin, stáit Arabacha, an India, is tuilleadh.
Sin iad tosaíochtaí Mheiriceá, nach ionann iad agus tosaíochtaí na hEorpa atá ag leanacht leis na seanchoimhlintí. Dar le Trump, ní féidir leis an Eoraip na tosaíochtaí nua seo a thuiscint ná iad féin a chur i in oiriúint dóibh.
Dar leis-sean, léiríonn a seasamh maidir le cogadh na hÚcráine an pointe seo.
Seo mar a deirtear sa straitéis é:
‘Níl réimeas Trump ar aon fhocal le hoifigigh san Eoraip a bhfuil súil neamhréadúil acu maidir leis an gcogadh, agus iad i rialacháin mhionlaigh éagobhsaí…Tá mórchuid ollmhór Eorpach ag iarraidh síochána, ach ní dhéantar polasaí den mhian sin.’
Mhínigh Christopher Landau, Leasrúnaí Stáit Mheiriceá, céard a bhí i gceist:
‘Ach ní féidir linn ligean orainn féin gur páirtnéirí muid nuair a thugann náisiúin na hEorpa cead don mhaorlathas neamhthofa, frithdhaonlathach is neamhionadaíoch sa mBruiséil polasaithe a chur chun cinn a chuireann lámh i mbás a sibhialtacht féin.’
Tá sé deacair a shamhlú go bhféadfadh tuairimíocht níos láidre nó níos naimhdí a bheith ann.
Bhí díospóireacht ar siúl taobh istigh de réimeas Trump faoi seo le tamall: JD Vance ar thaobh amháin ag iarraidh deireadh ar fad a chur le cogadh na hÚcráine ar phraghas ar bith; agus Marco Rubio ag iarraidh cuid den seanpholasaí frithRúiseach a choinneáil.
Dearcadh Vance atá sa straitéis nua.
Dar le Trump, fad is atá seisean ag iarraidh socrú síochána a aontú leis an Rúis – agus socrú a d’oirfeadh don Rúis toisc go dtuigeann sé go bhfuil an bua acu sa gcogadh – tá na hEorpaigh ag iarraidh bac a chur ar a chuid pleananna.
I bhfianaise na straitéise atá fógartha is cosúil go bhfuil Trump ar tí imeacht ón gcogadh, socrú a dhéanamh leis an Rúis agus ligean don Eoraip leanacht leis na gcogadh más mian leo ach gan aon chúnamh ó SAM.
Le bheith ionraic, níl na hacmhainní cogaidh ná an t-airgead ag an Eoraip dó sin – fiú le sócmhainní atá goidte ón Rúis (agus ní ghlacfaidh an Rúis le socrú síochána a cheadaíonn goid na sócmhainní).
Níos measa, ámh, tá dréacht inmheánach den straitéis a théann níos faide. Fuair an iris Defense One i Meiriceá an leagan inmheánach seo. Deirtear go lom ann gur chóir iarracht a dhéanamh an Ostair, an Ungáir, an Iodáil agus an Pholainn a bhaint ón Aontas Eorpach agus réimis níos fabhraí don SAM a fheiceáil iontu.
Deirtear freisin gur chóir cabhrú le fórsaí na heite deise i bhfad amach, ar nós AfD na Gearmáine is Marine Le Pen sa bhFrainc, rud a lagódh an tAontas.
Agus sa chomhthéacs go bhfuil Trump ag iarraidh caidreamh nua gnó a bhunú leis an Rúis, agus aird Mheiriceá a dhíriú ar an Oirthear, molann sé deireadh a chur leis an G7 agus C5 [C le haghaidh core] a chur ina áit: Meiriceá, an Rúis, an tSín, an India agus an tSeapáin. Ní bheidh suíochán ar bith ag an Eoraip ag an mbord seo.
Agus ní dhéanfaidh Meiriceá idirbheartaíocht leis an Aontas ach leis na ballstáit ar leith.
Má éiríonn le Trump an straitéis seo a chur i bhfeidhm beidh deireadh leis an gcomhghuaillíocht Atlantach. Admhaíonn fiú daoine atá go mór ar son an Atlantachais é sin, daoine nós Brigid Laffan san Irish Times.
Céard tá i ndán don Eoraip sa domhan nua seo? Neamhábharthacht, meath eacnamaíochta agus laige.
Fág freagra ar 'Meath i ndán don Eoraip i ndomhan nua'