Meascán maith stíle agus ábhair i ngearrscannáin nua Ghaeilge

Sé ghearrscannán i nGaeilge a bhí ar chlár Way Out West na bliana seo sa Ghaillimh

Meascán maith stíle agus ábhair i ngearrscannáin nua Ghaeilge

Bailiúchán gearrscannán é ‘Way Out West’ a chuireann Fleadh Scannán na Gaillimhe ar bun gach bliain agus a chuireann ardán ar fáil do dhéantóirí scannán in iarthar na tíre. Sé ghearrscannán i nGaeilge a bhí ar chlár na bliana seo. Bhí meascán stíle agus ábhair faoi chaibidil, idir scannáin scéil agus faisnéise.

Sean Keely a chum Scríofa sna Réalta, Vincent Gallagher a stiúir agus Sinéad Ní Loideáin a léirigh. Scéilín álainn é seo faoi bhuachaill óg atá néara-éagsúil agus dírítear ar a láidreachtaí in áit ar na laigeachtaí a shamhlaítear go minic leis an téarma sin. Is buachaill naoi mbliana d’aois é Seán, an príomhcharachtar, agus cumas iontach aisteoireachta ann. Ba mhaith leis páirt a ghlacadh i ndráma pobail atá á dhéanamh sa gceantar agus téann sé le héisteacht a dhéanamh.

Éiríonn leis an pháirt a fháil ach an fhadhb atá aige nach bhfuil sé in ann an script a léamh. Tugtar faoin scéal ar bhealach álainn tuisceanach agus caitear solas ar ábhar a d’fhéadfadh a bheith sách goilliúnach. Agus déantar sin go léir gan a bheith ag seanmóireacht.

Ina dhiaidh sin bhí an scannán Normáilte le Caoimhghín Ó hEoghasa. Rinneadh an gearrscannán seo mar chuid de thaispeántas 2024 Chartlann Aiteach na hÉireann agus iad ag comóradh 50 bliain ó tionóladh an chéad mhórshiúl Bród sa tír seo.

Is é Lukasz Simon a stiúir an scannán agus ba iad Pól Penrose, Caoimhghín Ó hEoghasa agus Tonie Walsh na léiritheoirí. Machnamh atá sa scannán ar thaithí duine aiteach ag fás aníos agus nasctar é le fás na gluaiseachta LGBTQ+ in Éirinn le leathchéad bliain anuas. Cuirtear i láthair go físiúil é trí dhamhsa comhaimseartha agus glór an scéalaí le cloisteáil os a chionn.

Scannán spéisiúil é ina gcuirtear scéal pearsanta i gcomhthéacs náisiúnta agus staire. Tugtar léargas ann ar an bpian a airíonn daoine nuair nach nglacann an tsochaí leo agus ar an difear atá déanta ag an gcomhluadar agus an glacadh de thoradh na gluaiseachta LGBTQ+.

Scannán faisnéise é Beocht, agus é ag breathnú ar chreimeadh chultúr an cheoil sa Spidéal le deich mbliana anuas. Is é Diarmuid Micheal Ó Donnacha a scríobh, a léirigh agus a stiúir an gearrscannán inar labhair ceoltóirí agus ealaíontóirí áitiúla faoin gceol sa Spidéal agus céard atá i ndán dhó.

Bhí Toner Quinn, eagarthóir The Journal of Music ar dhuine díobhsan a labhair sa scannán. Spreag alt le Quinn faoin ábhar seo go leor cainte nuair a foilsíodh. Tugann sé cúlra an scéil sa ngearrscannán seo agus faightear tuilleadh de stair an cheoil a bhaineann leis an gceantar.

Scannán gur deacair cur síos a dhéanamh air a bhí i Céard atá i d’Intinn?.  Samuel Acheson, a stiúir, a scríobh agus a léirigh. Castar beirt chairde orainn sa ngearrscannán seo, PJ agus Seán, agus iad ag caitheamh an lae le chéile go fánach. Ní insítear dúinn céard atá ag cur as do Sheán, ach tugtar nod dúinn go bhfuil sé ag aireachtáil ciontach faoi chara a bhásaigh le deireanas.

Thuigfeá go bhfuil sé ag cur an mhilleáin air fhéin mar nach ndearna sé tuilleadh dá chara. Tá PJ ag iarraidh ardú croí a thabhairt dhó, ach níl aird aige féin ach ar asal a chonaic sé sa ngarraí níos túisce sa lá. Caitheann siad an lá ag ól, ag caint ar an asal, ag caint ar an duine atá imithe, is ag breathnú uathu. Céard a chiallaíonn sé? Céard a chiallaíonn rud ar bith?

Tugadh go hInis Oírr muid sa gcéad scannán eile, An tOileán, a scríobh, a chomhstiúir agus a chomhléirigh Fionnuala Gygax agus Kate Gilmore. Castar máthair óg agus a hiníon, atá sé nó seacht mbliana d’aois, orainn. Tugann an mháthair a hiníon ar thuras go hInis Oírr, áit ar thug a máthair féin ise agus í ina cailín óg.

Suite thar trí lá san earrach déanann an scannán staidéar ar chaidreamh atá faoi bhrú idir máthair agus iníon agus conas is féidir é a leigheas. Scéal dearfach fiú agus an brón measctha tríd.

An scannán deireanach i mbaisc scannán na bliana seo West of the Horizon scannán ina bhfuil déagóir trasinscneach ag iarraidh éalú ón mbrú sa mbaile. Castar iascaire uirthi atá ag iarraidh éalú é féin, tá an galar dubh air agus é ag iarraidh lámh a chur ina bhás féin.

D’ábhar atá chomh dorcha is atá sa scannán seo, is mór an t-iontas gur éirigh leo an greann a mheascadh tríd, más é an greann dubh féin é. Is é Barry Covery a scríobh is a stiúir an ceann seo a thugann éachtaint ar áilleacht an tsaoil in ainneoin an dorchadais.

Fág freagra ar 'Meascán maith stíle agus ábhair i ngearrscannáin nua Ghaeilge'