Tá fear as Cill Chainnigh ar m’aithne a dtagann colg air nuair a chloiseann sé aon duine (go háirithe Muimhnigh) ag cur síos ar an áit faoi leith atá bainte amach leis na blianta ag craobh iomána an chúige sin i stair Chumann Lúthchleas Gael.
Thar a bheith eolach ar chúrsaí na fuinseoige atá an fear céanna. Ní hamhlaidh go gcreideann sé nach bhfuil sin fíor, ach measann sé go bhfuil “the hay saved and Cork bet” agus “wrap up the lunch and fill the flask, it’s Munster Final Day” thar a bheith seanchaite faoi seo.
Ní déarfainn gur ag dul amú ar fad atá sé.
Táim cinnte freisin gurb eisean an duine is túisce a d’admhódh gur cuí, gur cóir agus gur ceart gur foirne Muimhneacha a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann ar Pháirc an Chrócaigh inniu agus gur sa gcúige sin a lonnóidh Corn Liam Mhic Cárthaigh go ceann bliana eile.
Ó cuireadh tús le Craobh Iomána na Mumhan 2024 ar Pháirc Uí Chíosóg agus ar Pháirc an Bhreathnaigh ar an tríú Domhnach d’Aibreán seo caite, (áiteacha ar chlis na foirne atá i gcluiche ceannais an lae inniu dála an scéil), bhí muid faoi dhraíocht agus faoi gheasa ag ar lean sin.
Port Láirge 2-25 agus Corcaigh 1-25 agus Luimneach 3-15 agus An Clár 1-18 a d’fhógair cláracha na scór an tráthnóna siúd – tús 9 gcúilín ag na Cláirínigh agus gan fágtha ach ceathrú uaire in Inis, sular aimsigh Aaron Gillane, Donnchadha Ó Dálaigh agus Diarmuid Byrnes cúil do churaidh na hÉireann.
B’amhlaidh a mhéadaigh an rabharta scórála sna coimhlintí a lean. Faoin am ar chroch Declan Hannon corn na Mumhan ar an dara Domhnach de Mheitheamh bhí 11 cluiche imeartha – 51 scór ar meán a facthas iontu – sin le rá go raibh cúl nó cúilín á scóráil gach 90 soicind.
Facthas 60 scór nuair a bhuaigh Corcaigh ar Luimneach an tráthnóna iontach sin ar Pháirc Uí Chaoimh (3-28, 3-26), áit ar éirigh le 20 imreoir éagsúil bratach de dhath éicint a ardú.
An Domhnach dár gcionn bhí ceathrar lena chois sin i gceist sa gcluiche in Inis. Ansiúd buille saor 65m a chuir Mark Rodgers thar an trasnán ag deireadh na himeartha a thug bua aon chúilín amháin don Chlár (4-21, 2-26).
Sula dtiocfaidh mé níos faide leis an scéal seo ní mór dom an t-ómós atá ag dul dóibh a thabhairt do churaidh iomána na Mumhan 2024 agus a rá nach bhfuil foirne iomána níos fearr feicthe i mo shaol agam ná iad siúd a thug Corn Mick Mackey go Luimneach don séú bliain as a chéile.
Níor dearnadh sin ariamh roimhe. Ní gá cur leis an méid sin.
Ní hé go bhfuil uaim ach an oiread aon dímheas a léiriú ar Chill Chainnigh ná ar Chraobh Laighean. Iad féin is túisce a d’admhódh gur mór idir an cumas a bhí iontu in 2024 agus na foirne a chuir Craobhacha na hÉireann le taobh a chéile. Bhí sin le feiceáil i gcaitheamh an tséasúir, ach go háirithe sa dara leath in aghaidh an Chláir sa mbabhta leathcheannais.
Fós ní chuirfinn aon fhoireann eile rompu as na ceithre cinn a bhain na babhtaí sin amach.
Is fada a mhairfidh na babhtaí leathcheannais céanna ina gcuimhne. Buille amháin de shliotar idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg den uair dheireanach sa bpéire acu; scór gach 76 soicind an babhta seo idir Corcaigh agus an Clár; taispeántais ar scóráil na mbuillí saora ó imreoirí gur bheag é a gcáil go dí sin agus cruinnithe comhairliúcháin ar an taobhlíne a chuirfeadh Rommel agus Tuaisceart na hAfraice i gcuimhne do dhuine.
Is deacair liom a theacht ar intinn faoi cé a bhuafaidh inniu. Is deacra liom fós a dhéanamh amach cé acu ab fhearr liom a dhéanfadh sin.
Mhairfinn ag breathnú ar an gcaoi a dtugann Brian Lohan faoina chuid máirseála ar an taobhlíne – athair a bheadh spréachta ag déanamh ar dhoras scoile tar éis don mháistir léasadh a thabhairt dá mhaicín, lá dá raibh, a chuireann sé i gcuimhne dom. Cloigeann faoi, cuma an chantail.
Bealach níos réchúisí atá le Pat Ryan mheasfá, ach b’fhéidir gurb in a oireann ina chás siúd.
Nuair a thagann an crú ar an tairne is dóigh gur cuma liom eatarthu.
Tuilleadh dá bhfuil feicthe agam go dtí seo atá uaim. Abhóga fada Shane O’ Donnell faoi lán seoil, an sliotar i nglaic na láimhe atá ag coinneáil an chosantóra uaidh, an camán sínte amach sa gceann eile nó go dtiocfaidh tráth na laisce.
Ag ceann eile na páirce Alan Connolly (a bhí 23 arú inné) ar ais i mbarr a mhaitheasa tar éis dó an bhliain seo caite ar fad a chaitheamh gortaithe.
Tá iomáint na Mumhan go láidir ina chuislí siúd – bhuaigh a chuid uncailí Tom agus Jim Cashman Craobhacha na hÉireann le Corcaigh sé huaire agus a n-athair siúd Jim trí cinn as a chéile idir 1952-1954.
Caithfidh mé slán a fhágáil agaibh. Cloisim fear Chill Chainnigh ag bualadh ar an doras.
JP
D’athraigh Cill Chainnigh an cluiche iomána ó bhonn leis an aistriú láimhe millteanach sin.
Cleas (nó galar) atá ginte iontu as a n-óige mar is í an liathróid láimhe an dara cluiche is comónta sa chontae sin.
Aistriú láimhe ar dalladh ar siúl acu i ngach treo baill, fiú le droim na láimhe, iad ina máistrí air.
Rud a mhill an cluiche, dar le mórán, agus a thug an ráig láimh-phasála atá coitianta inniu chun cinn.
É fíordheacair ar na réiteoirí a leithéid a bhainistiú mar is ceart ‘í bhfíor-am’, mura bhfuil sé do-dhéanta ar fad.
Ní gá ach an cúl a d’eascair as aistriú láimhe dlisteanach agus a ceileadh ar Chorcaigh i gcoinne Luimnigh coicíos ó shin a athbhreithniú.
Bain barr na cluaise díom… (mar adéarfadh Trump!)…nuathair,
“is cuí, is ceart agus is cóir” gur foirne de chuid na Mumhan a bheidh sa treis inniu.
Is mó go mór gur camáin a bheidh á n-úsáid ar a laghad.
Carraig
“Nuair a shíleann siad daoine,
Mé bheith luuuath ina gcáás,
Óóóóó… níí Laighneach méé acha Muimhneach,
As CONTAE AN CHLÁIR!”
JP
Is móide gur mó an úsáid a bhainfear as na camáin, ar a laghad.