Mac agus garmhac cheann feadhna Auschwitz ar thóir na fuascailte

Saothar cumhachtach, corraitheach é The Commandant’s Daughter faoin tráma idirghlúine agus an chiontacht idirghlúine

Mac agus garmhac cheann feadhna Auschwitz ar thóir na fuascailte

Bhain an saothar tathagach The Zone of Interest stangadh as an lucht féachana nuair a seoladh é níos luaithe i mbliana. Tugann sé éachtaint chiúin chumhachtach ar an saol sócúil a bhí ag teaghlach, Rudolf Höss, ceann feadhna Auschwitz, agus iad ag maireachtaint ar an taobh eile den bhfalla ón gcampa géibhinn míchlúiteach sin. Comhshaothar é an saothar faisnéise The Commandant’s Shadow a dhéanann an scéal céanna a chíoradh.

Ba é The Zone of Interest an t-ainm a bhaist na Naitsithe ar limistéar an champa agus ba dhuine den chúigear clainne a bhí ar an gceannfort é Hans Jürgen. Iad ag maireachtaint i dtigh breá le gairdín álainn agus linn snámha. Ag tosach an tsaothair seo tugtar ar oilithreacht sinn ar ais ag an dtigh seo. Mac le Hans, Kai, ag tionlacan a athar agus ag raideadh ceisteanna géara chuige.

Ba chuid den “ghlúin chiúin” é Hans; dream nár labhair faoin uafáis an Dara Cogadh Domhanda agus an ról a bhí ag a ndaoine muinteartha féin iontu. Iad aineolach agus/nó ag séanadh na fírinne. Ní cuimhin le Hans mórán faoin tréimhse taobh le Auschwitz, deir sé nach raibh aon chur amach aige ar na huafáis a bhí ag tarlú ar an taobh eile den bhfalla.

Deacair cuid de na ráitis uaidh a chreidiúint. É ag glacadh leis, ar éigean, gurbh é a athair féin máistir an oilc. Maíonn sé nár léigh sé leabhar a athar riamh, cé go raibh sé sa tigh aige. Scrígh Höss an leabhar agus é i ngéibheann i ndeireadh a shaoil agus déantar sleachta as a léamh i gcaitheamh an tsaothair.

Téann sé chun cuairte chuig a dheirfiúr Brigitte i Meiriceá, bean nach bhfuil feicthe aige le breis agus caoga bliain. Tá an teacht le chéile seo maoithneach agus caoin. Tá Brigitte i bhfad Éireann níos cosantaí faoin hathair agus níos teanntásaí ina cuid cainte. Í ag maíomh gur duine maith, ionraic a bhí agus nach raibh an dara rogha aige ach a chuid orduithe a leanúint.

Ní chuireann an garmhac aon fhiacail ann ag rá gurb é “the greatest mass murderer in human history”. Tráchtar ar an tráma idirghlúine go minic ar na saolta seo agus tá rian den chiontacht idirghlúine anseo.

Tugtar an taobh eile den uafás chomh maith. Bhí Anita Lasker-Wallfisch i ngéibheann in Auschwitz agus dar léi ba é a cumas an dordveidhil a sheinnt a shábháil í. Labhraíonn sí go neamhbhalbh faoina heispéiris agus tuigeann sí gur bhain na huafáis an mothú aisti. Ach oiread le Hans níor labhair sí faoi, bhog sí ar aghaidh. Is cinnte go bhfuil an tráma idirghlúine seolta ar aghaidh chuige an chéad ghlúin eile.

Tá Maya, iníon Anita, faoi scáil uafáis a muintire agus í ag strácáil ina cuid iarrachtaí déileáil leis. Tá an gaol idir an bheirt teannasach go maith. Ag deireadh an tsaothair buaileann Anita agus Hans agus a mbeirt chlainne le chéile. Is ait, agus is truamhéalach an cruinniú é.

An chéad rud a rith liom ná gurbh é an chéad uair ag Anita Gearmáinis a labhairt i rith an scannáin. Í ag teacht uaithi go nádúrtha. Do bhean a bhí ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar uafáis na staire is dóigh liom gur dhein sé maitheas di mac an tíoránaigh a bheith tagtha an tigh chuici.

Mar fhocal scoir ag deireadh an tsaothair deir sé go raibh an teacht le chéile “go hálainn”. Saothar cumhachtach, corraitheach.

Fág freagra ar 'Mac agus garmhac cheann feadhna Auschwitz ar thóir na fuascailte'