Tá déistin go forleathan mar gheall ar na pictiúir ón gCúlóg i mBaile Átha Cliath: círéib ag daoine óga agus iad spreagtha ag lucht an chiníochais agus dírithe ar dhaoine nach bhfuil freagracht ar bith orthu faoin bhfaillí a dhéantar ar mhuintir na háite.
Go deimhin is gránna an radharc é, ach is gránna fós go bhfuil leas á bhaint as an bhfearg atá dhaoine ón áit ag daoine ar cuma leo leas an cheantair is atá ag iarraidh nós ciníoch Shasana a thabhairt isteach anseo.
É sin ráite, ámh, tá ábhar dlisteanach buartha is ábhar dlisteanach feirge ag muintir na háite. Mar aon le ceantracha eile den aicme oibre i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, tá an Chúlóg buailte ag bochtanas, easpa deiseanna, easpa seirbhísí is easpa acmhainní.
Agus céard a dhéanann an rialtas ach tuilleadh deacrachtaí is brú a chruthú sa cheantar. Is fiú cuimhneamh nach sna bruachbhailte cluthara ar nós Chluain Tarbh nó Droim Chonrach atá teifigh is lucht iarrtha dídine le cur ach i gceann de na ceantair is boichte agus is dearóile cheana féin.
Mar sin nuair a deir an rialtas go ndeachaigh siad i gcomhairle le muintir na háite, is deacair iad a chreidiúint. Cé leis a labhair siad? Ar mhínigh siad na cad iad na hacmhainní breise a bheadh ag dul don cheantar? Nó an é nach mbeidh acmhainn bhreise ar bith is go mbeidh ar mhuintir na Cúlóige níos mó a dhéanamh le níos lú?
Is fuath liomsa ciníochas. Is fuath liom breathnú ar ‘tírghráthóirí’ féincheaptha ag siúl timpeall lán mustair is bratach na hÉireann ina lámha acu is iad ag déanamh aithris ar nósanna ciníochais Shasana.
Nach ait nár facthas na ‘tírghráthóirí’ seo nuair a bhí náisiúnaithe an Tuaiscirt i mbun troda le himpireacht Shasana? Nach ait na ‘tírghráthóirí’ céanna ag obair as lámha le chéile le faisistithe ó Shasana, le lucht cosanta Arm Shasana agus le dílseoirí frithChaitliceacha ón Tuaisceart?
Nach ait freisin nach ndíríonn na ‘tírghráthóirí’ a bhfearg ar an rialtas ach ar na teifigh agus ar Shinn Féin. Go minic sna hagóidí seo cloistear an mana gur fealltóirí iad Sinn Féin. Sea, an páirtí is mó atá ag iarraidh réiteach ceart a fháil ar fhadhbanna tithíochta is sóisialta eile, is orthu siúd a dhíríonn lucht an chiníochais fearg an phobail.
Tá an toradh le feiceáil sna toghcháin. Ach má choinnítear Sinn Féin ó gheata an rialtais, ní bheidh aon réiteach ar fhadhb na tithíochta, nó ar fhadhbanna anáis ach an oiread.
Cé ar a son a oibríonn na ‘tírghráthóirí’ seo go fírinneach?
Chuala mé fear amháin ar an teilifís ag rá gur chóir tithíocht is eile a thabhairt dár muintir féin ar dtús. Tá an ceart aige. Ach ní hiad lucht iarrtha dídine is cúis leis an easpa tithíochta i mBaile Átha Cliath. Ní hiad na teifigh is cúis le háiseanna pobail a bheith á mbaint ón bpobal. Is ní hiad Sinn Féin is cúis le polasaithe rialtais.
Cinntí an rialtais atá i gcumhacht is cúis leis sin ar fad.
Ní cóir mar sin an fhearg a dhíriú ar dhaoine nach bhfuil freagrach as na fadhbanna. Is cóir an fhearg sin a dhíriú ar an rialtas – rialtas nach ndearna aon phleanáil le freastal ar theifigh is nach bhfuil aon réiteach acu ach an fhadhb a ruaigeadh go dtí na ceantracha gan acmhainní, ar nós na Cúlóige.
Sea, tá lucht an chiníochais in ann daoine óga a thabhairt amach ar na sráideanna toisc go bhfuil fíorfhadhbanna ann, fadhbanna nach bhfuil an rialtas ag tabhairt aird ar bith orthu.
Mionlach, agus mionlach ón taobh amuigh, is cúis leis an gcíréib, ach ní leor cáineadh is damnú. Caithfear éisteacht leo siúd a labhraíonn go fírinneach ar son an phobail.
Filleann an feall ar an bhfeallaire, agus is é an rialtas atá freagrach as an bhfeall seo, as easpa acmhainní, easpa deiseanna agus easpa dóchais in áiteanna ar nós na Cúlóige.
Taobh amuigh den easpa pleanála maidir le lucht iarrtha dídine is le teifigh ón Úcráin, agus an rialtas ag glacadh go fonnmhar leis an oiread daoine a tháinig go dtí gur thuig siad – ródhéanach – go bhfuil an iomad daoine tagtha, tá na próisis féin rómhall.
Cloistear arís is arís eile faoi dhaoine atá i ndiaidh deich mbliana nó níos mó a chaitheamh sa gcóras soláthair dhírigh is gan aon chinneadh críochnaitheach déanta faoina gcás. Níl sé sin ceart.
Tá dualgas orainn, ar son na daonnachta, cabhair a thabhairt dóibh siúd atá faoi bhagairt, ach ní féidir dearmad a dhéanamh ar ár muintir féin ná gach fadhb a dhumpáil ar na daoine is lú acmhainn.
Pól Ó Codlata
Siob: A mhalairt a bhí á rá ag Eoin – deirtear nach raibh muintir na háite ciníoch, ach go raibh aisteoirí eachtranach ag baint tairbhe as cúrsaí chun a gníomhachtaí déistineach a chur i gcrích.
alan titley
Ach nuair a fheictear ballaí agus Get the Smellies Out nó No Rapists Here breactha le péint bhreá bhuí orthu , (seachtain ina bhfuil cuid de na cásanna ba mheasa a bhain le banéigean againn le blianta, fear pósta, fear rugbaí, fear tacsaí etc etc etc agus arb Éireannaigh bhreátha mheasúla iad go léir) níorbh fhéidir gan a cheapadh go raibh ciníochas beag bídeach éigin ag baint le cuid de na manaí úd ar bhallaí na Cúlóige…b’fhéidir…mar a déarfá…mar a déarfá…mar dhea…
Carraig
Siob, nach bhfuil cead aige, ag gach duine, tuairimí a nochtadh?
Saorchead cainte?
Léigh arís é!
Kerry Blue
An fear óg sin a dhein bagairt bháis ar Drew Harris agus Mary Lou, tá buannacht tí chuige féin aige ón Stát. Teach iomlán chuige féin aige.
Maireann sé go huile is go hiomlán ar an Stát, ‘ar an sine bheag’, má tá.
Cén chaoi a gcuireann sé a chuid ama isteach, meas tú?
Ar thóir oibre?
Nó ‘clár-mhéirínteacht go bundún agus codladh go headra’ mar chaitheamh aimsire aige?
Cloisim gur chuir sé an bhagairt a dhein sé in airde ar Instagram, á chur in iúl go raibh laochas agus éirí in airde air, go bhfuil mo leithéid ann…. bíodh fhios agaibh.
Bhíodh fearaíocht agus gaigíocht ar siúl againn as ár n-óige go deimhin is go dearfa ach is tur te tapaidh a chuirfí do mhórtas id thóin duit, deirimse leat é.
Tugtar dúthracht is ‘deontas’ anois do na bligeardaithe.
diarmuid
Alt greannmhar! Seo freagra, agus ceist nó dhó, agus dúshlán duit…
“Tá déistin go forleathan mar gheall ar na pictiúir ón gCúlóg i mBaile Átha Cliath:” Bhí na Gardaí go dona.
“Is fuath liomsa ciníochas.”
Mise freisin. D’imigh cúpla cead paistí teifeach “as radharc” nuair a bhí siad faoi cúram an stáit le cúpla bliain. Beagnach leanbh ar strae gach cúpla lá. An raibh ciníochas cúis lena imeacht? An bhfuil suim agat sna teifigh sin?
“nósanna ciníochais Shasana.” Rameis! Ta postanna móra ag an cine dorcha i Sasana, agus go minic, cosúil le Rishi, bíonn siad maslach i dtreo Éireann, agus ag brú teifigh in ar treo. Bíonn an cine dorcha ag éigniú 30,000 cailíní geala Sasanacha sa bhliain, ach ní bhíonn na fir bán ag éigniú cailín ar bith dorcha. Níl aon ciníochas i Sasana!
“Nach ait nár facthas na ‘tírghráthóirí’ seo nuair a bhí náisiúnaithe an Tuaiscirt i mbun troda le himpireacht Shasana?” Tá a cogadh thart le tríocha mbliana, a mhac! Agus ba léir ag an am go raibh na Sealadaigh lofa le gníomhairí Sasanach, nach raibh?
“Nach ait na ‘tírghráthóirí’ céanna ag obair as lámha le chéile le faisistithe ó Shasana, le lucht cosanta Arm Shasana agus le dílseoirí frithChaitliceacha ón Tuaisceart?”
Sin cuir síos beacht ar Gda Harris! Ta 98.7% de na Gardaí den tuairim gur brathadóir Sasanach e Drew, a bhfuil baint díreach aige le dúnmharú agus caimiléireacht airgid. Chuir ceist ag aon Garda a bhfuil aithne agat.
Ta sibhse, na “teifigh gráthoirí” den tuairim go bhfuil muidne, na “tirgráthoirí”, inar gníomhairí Sasanach, agus tá an tuairim céanna againne fúibhse!
Dúshlán duit a mhac: Plé Poiblí: Na Teifigh Gráthoirí agus na Tirgráthoirí. Ach ní bhíonn na Teifigh gráthoirí riamh sásta díospóireacht a dhéanamh. Tá eagla oraibh….
“Go minic sna hagóidí seo cloistear an mana gur fealltóirí iad Sinn Féin.” Ce mhéid brathadóirí Sasanacha a bhí ag obair i Sinn Féin, leis na blianta? Denis Donaldson, agus, agus , agus…Liosta sách fada, nach ea? An bhfuil tú cinnte gur duine ionraic Mary Lou, mar shampla? Tá Sinn Féin go láidir i fabhar níos mó teifigh agus bíonn siad ag maslú, insint bréaga agus ag bagairt éinne a easaontaíonn leo.
“Sea, an páirtí is mó atá ag iarraidh réiteach ceart a fháil ar fhadhbanna tithíochta is sóisialta eile, is orthu siúd a dhíríonn lucht an chiníochais fearg an phobail.” Bolscaireacht do Sinn Fine anseo?.
“Cé ar a son a oibríonn na ‘tírghráthóirí’ seo go fírinneach?” Dia agus an Gaeilge, a mhac. Agus tusa? An Diabhal agus Sinn Féin?
“Ach ní hiad lucht iarrtha dídine is cúis leis an easpa tithíochta i mBaile Átha Cliath.” Ma imeodh gach teifeach as BAC, an bhíodh aon easpa tithe?
“Ní cóir mar sin an fhearg a dhíriú ar dhaoine nach bhfuil freagrach as na fadhbanna. “
Níor thaing aon teifeach go hÉireann in agaigh a tola! Chuaigh siad tríd ar laghad fiche tíortha slán eile roimh a shroich siad anseo. D’íoc siad airgead mór chun teacht anseo: Bíonn na hamadáin as Nigeria ag íoc 20,000 ach na daoine cliste ón Iraq, ní íocann siad ach 1,500!
Nuair a tagann teifeach go h-Eireann, cruthaíonn siad dhá fabh: lóistín agus bia. Caith Roderick O’Gorman billiún i mbliain amháin chun iad a cothu. Chaith an buachaill álainn céanna 79 milliún ar óige na hÉireann.
Tá gach teifeach freagrach as a cinneadh teacht go hÉireann agus cruthaíonn gach teifeach fadhb mór costasach ón cead lá a leagann sé cos anseo.
“Is cóir an fhearg sin a dhíriú ar an rialtas”. Tá muid! Ta srath agóidí síochánta ag dul ar aghaidh le dhá bliana. Ach ní deanann sé aon difir. Tá an rialtas ag ardú an méid eachtrannaigh atá siad ag brú isteach. Cad a dheanódh Dan Breen sa cas seo?
“Mionlach, agus mionlach ón taobh amuigh, is cúis leis an gcíréib,”
Thosaigh na Gardai, faoi ordu Harris, an foréigin – díreach mar a rinneadh siad i Newtown. Tá tú sásta glacadh le muintir Nigeria, ach tá tú ag gearán gur tháinig seanfhear ó Maigh Eo chun tacú leis na Dubs…? Mo seacht náire thú!
“Caithfear éisteacht leo siúd a labhraíonn go fírinneach ar son an phobail.”
Bhí ceithre Comhairleori BAC ag tacú le muintir Cúlóg: Cen fáth nach bhfuil iriseoir ar bith ag déanamh agallamh leo? Fuair na ceathrar sin an piobar ón na Gardai. An raibh siadsan foréigneach?
“an rialtas ag glacadh go fonnmhar leis an oiread daoine a tháinig go dtí gur thuig siad – ródhéanach – go bhfuil an iomad daoine tagtha”
Cen fáth nach stopann muid breis teifigh teacht isteach? Bhí an Rialtas ábalta an teorainn a dhúnadh in rith na Covid, nach raibh?
“Tá dualgas orainn, ar son na daonnachta, cabhair a thabhairt dóibh siúd atá faoi bhagairt,”
Cinnte. Ach níl dualgas ar bith orainn cabhrú le bréagadóir nó gadaí nó éigneoir. Taim ag scríobh leabhar faoi an Teifeach Ionrach in Éireann, agus más casann tú riamh a leithéid, ba mhaith liom agallamh a chuir ar!
Siob
Saorchead cainte? An teachtaireacht a scríobh mé díreach roimh an ceann seo, rinneadh cinsireacht air agus níl sé le feiceáil. Níl cead cainte anseo ach ag Eoin agus a chomhghleacaithe.