Meán Fómhair na hathnuachana – peann, cóipleabhar agus dóchas nua!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tráth den bhliain é mí Mheán Fómhair gur féidir le scríbhneoirí athnuachan a dhéanamh ar rúin na hathbhliana

Meán Fómhair na hathnuachana – peann, cóipleabhar agus dóchas nua!

Meán Fómhair! Toit mhóna ar an aer, ceo ar na haibhneacha ar maidin, dath donn agus buí ag teacht de réir a chéile ar dhuilleoga na gcrann.

An t-am sin den bhliain go dtagann fonn ar dhaoine – fiú orthu siúd a bhfuil binsí na scoile fágtha ina ndiaidh acu le fada an lá – sciuird a thabhairt ar shiopa stáiseanóireachta ar thóir stór peann agus cóipleabhar nua.

Ó, dá bhféadfaí brath ar an mbé mar is féidir brath ar na séasúir! Faraor géar, nuair is áil leo féin a thagann na scéalta agus na dánta. Is nós leo cnag a bhualadh ar dhoras na samhlaíochta nuair a bhíonn scríbhneoir ag iarraidh a scíth a ligint cois trá, nuair a bhíonn dinnéar na Nollag á réiteach aige, nó tráth éigin eile nuair nach mbíonn coinne aige leo.

Ach ar an gcúis sin díreach is fiú an chuairt bhliantúil úd a thabhairt ar an siopa stáiseanóireachta. Samhlaigh go rithfeadh smaoineamh fiúntach leat agus gan cóipleabhar sa teach agat. Agus cá bhfios nach spreagfadh an peann nua sin scéal.

Breathnaím féin ar Mheán Fómhair mar thráth na hathnuachana, tráth chun féachaint siar ar an gcuid den bhliain scríbhneoireachta atá caite agus chun pleanáil a dhéanamh ar an gcuid di atá fágtha ionas nach sleamhnóidh na laethanta agus na seachtainí sin tharam. 

I mbliana, ba léir dom go raibh gá le slacht éigin a chur ar mo sceideal oibre tar éis lagtrá mhí Lúnasa. Ní pinn agus cóipleabhair a bhí de dhíth orm, ach spriocdháta. 

Le breis agus bliain anuas, táim ag obair ar an gcéad dréacht d’úrscéal nua i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris. Ós rud é nach bhfuil conradh sínithe le foilsitheoir go fóill, ní raibh duine ar bith ag cur brú orm; bhí mé ag treabhadh liom ar mo sháimhín só. Chuirinn an togra i leataobh uair ar bith dá meallfadh rud éigin a mheas mé a bheith níos práinní m’aird. 

Rith sé liom an mhí seo go mbeinn ag treabhadh liom ar mo sháimhín só go deo mura dtabharfainn spriocdháta dom féin. Spriocdháta docht daingean – ach ceann a bhféadfainn cloí leis. Rinne mé mo chuid suimeanna agus d’oibrigh amach go bhféadfainn an chéad dréacht a chríochnú faoi dheireadh mhí Feabhra na bliana seo chugainn, agus ba é sin an spriocdháta a shocraigh mé dom féin. 

Ina dhiaidh sin is uile, tabharfaidh mé cuairt ar shiopa stáiseanóireachta ceann de na laethanta seo. Dúirt dlúthchara liom an lá cheana go bhfuil sé ag iarraidh leabhar a scríobh, ach nach bhfuil a fhios aige cén chaoi tabhairt faoi. 

Rith freagra na ceiste liom ar an bpointe boise, ach ní dúirt mé tada ionas nach millfinn air iontas an fhéirín atá ag dul chuige.

Ní theastóidh uaidh ach cóipleabhar nua agus peann maith.

Fág freagra ar 'Meán Fómhair na hathnuachana – peann, cóipleabhar agus dóchas nua!'