Méadú mór ar líon na ndaoine thuaidh agus theas a mheasann nach bhfuil dóthain á déanamh ag a rialtais don Ghaeilge

I dtuarascáil nua atá á foilsiú ar maidin, tugtar le fios nár mheas ach 4% de dhaoine ó dheas go raibh ‘an iomarca’ á dhéanamh ag an Rialtas ar son na Gaeilge

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Creideann 37% den phobal ó dheas agus 29% den phobal ó thuaidh nach ndéanann an Rialtas “go leor” ar son na Gaeilge, de réir na tuarascála nua atá le foilsiú ag Foras na Gaeilge maidin inniu.

Is méadú suntasach é sin ar líon na ndaoine a mheas nach raibh dóthain á déanamh ag an Rialtas ar son na teanga in 2001, an bhliain dheireanach a choimisiúnaigh an Foras a leithéid de shuirbhé.

15% de dhaoine ó dheas a dúirt in 2001 nach raibh dóthain á déanamh ag an Rialtas ar son na teanga, le hais 37% sa suirbhé nua a deineadh in 2013. Dúirt 15% de dhaoine ó thuaidh in 2001 nach raibh dóthain á déanamh ag an Rialtas ar son na Gaeilge, i gcomparáid le 29% sa phobalbhreith is déanaí.

Sa tuarascáil atá le foilsiú ar maidin, tugtar le fios nár mheas ach 4% de dhaoine ó dheas go raibh ‘an iomarca’ á dhéanamh ag an Rialtas ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus gur chreid 31% de na rannpháirtithe go raibh ‘go leor’ á dhéanamh ag an Rialtas.

Tábla 7.2

Dúirt 16% acu siúd a ceistíodh i dTuaisceart Éireann go raibh ‘an iomarca’ á dhéanamh ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus dúirt 24% go raibh ‘go leor’ á dhéanamh ag an Rialtas.

I bhfianaise pobalbhreithe a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie i bhfómhar na bliana seo caite, tá formhór den phobal ó dheas den tuairim nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát don Ghaeilge.

Sa phobalbhreith sin, thug triúr as gach cúigear le fios go mba chóir don Stát níos mó a dhéanamh ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh súil ag Conradh na Gaeilge go dtabharfadh an taighde nua ábhar machnaimh don dá Rialtas.

Tá an Conradh ag éileamh ar na Rialtais thuaidh agus theas “tógáil ar na torthaí dearfacha ó thuarascáil taighde na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, agus dea-thoil an mhórphobail a chothú chun gur féidir le daoine an teanga a úsáid níos minice ó lá go lá”.

“I measc na moltaí atá sa tuarascáil ESRI mar shampla, moltar go mbeadh an Ghaeilge in úsáid níos minice mar theanga teagaisc agus mar ábhar inti féin sna scoileanna thuaidh agus theas.

“Tagann sé seo le moltaí Chonradh na Gaeilge go múinfí ábhar amháin sa bhreis ar an nGaeilge – gleacaíocht, ealaín, nó drámaíocht mar shampla – trí mheán na Gaeilge sna bunscoileanna ó dheas, agus go mbeadh teangacha ina bpréamhábhair GCSE sna Sé Chontae, rud a éascóidh an rogha do scoileanna an Ghaeilge a theagasc ó thuaidh,” a dúirt de Spáinn.

 

Fág freagra ar 'Méadú mór ar líon na ndaoine thuaidh agus theas a mheasann nach bhfuil dóthain á déanamh ag a rialtais don Ghaeilge'