Méadú a thiocfadh ar chaiteachas sláinte na tíre, a deirtear i dtuarascáil nua an ESRI

Meastar go mbainfidh an tAire Sláinte Leo Varadkar úsáid as torthaí na tuarascála nua mar mhíniú ar a chinneadh gan dul ar aghaidh leis an Árachas Sláinte Uilíoch a gealladh i gClár an Rialtais

KANDAHAR, Afghanistan- The treatment area adjacent to an operating room at the new Afghan National Army regional hospital. The $5 million medical facility in Kandahar also serves a trauma center, with a helicopter landing pad only half a kilometer away. (U.S. Navy Photo by Petty Officer 1st Class David M. Votroubek) (RELEASED)

Tá staidéar nua foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) a léiríonn gur i méid a rachadh caiteachas sláinte an duine sa tír seo dá nglacfaí le moltaí a rinneadh i bPáipéar Bán an Rialtais ar Árachas Sláinte Uilíoch i 2014.

Meastar go mbainfidh an tAire Sláinte Leo Varadkar úsáid as torthaí na tuarascála nua mar mhíniú ar a chinneadh gan dul ar aghaidh leis an Árachas Sláinte Uilíoch mar a bhí beartaithe ag a réamhtheachtaí James Reilly agus mar a bhí geallta i gClár an Rialtais.

Bhí tuairiscí sna meáin inné go raibh Varadakar le costas an chórais sláinte nua a phlé lena chomhghleacaithe Rialtais agus é den tuairim anois go raibh costas rómhór ag baint leis.

Gealladh i gClár an Rialtais go dtabharfaí Árachas Sláinte Uilíoch isteach faoi 2016.

Deirtear sa tuarascáil nua, dar teideal ‘An Examination of the Potential Costs of Universal Health Insurance’, gur méadú 11% a thiocfadh ar Árachas Sláinte Uilíoch dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a rinneadh i bPáipéar Bán an Rialtais.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil comhlachtaí éagsúla árachais ann a bhíonn san iomaíocht lena chéile agus go bhfágann an méid sin go gcuirfí leis an gcostas breise a ghabhann le cúram leighis. Leanfaí de bheith ag maoiniú 70% de chaiteachas cúram leighis do dhaoine a bhfuil tuarastal íseal acu ach fágann líon na gcomhlachtaí árachais atá sa tír gur boilsciú a bheadh i ndán don chóras leighis dá gcloífí leis na moltaí a rinneadh i bPáipéar Bán an Rialtais.

Cuirtear in iúl i dtuarascáil an ESRI go méadódh leibhéal an chaiteachais chúram sláinte sa tír ó 3.5% go 7.2% (ó €666 m go €1,3888 m) dá gcuirfí san áireamh cúram ospidéil, seirbhísí sláinte meabhrach agus cúram dochtúra ginearálta san Árachas Sláinte Uilíoch.

Méadú dhá oiread a bheadh i gceist sa chás go mbeadh seirbhísí cúraim phríomhúil san áireamh san Árachas Sláinte Uilíoch, ó 4.1% go 8.3% (ó €780 m go €1,591 m). Dá gcuirfí cógais ordaithe san áireamh, rachadh caiteachas sláinte in airde ó 5.4% go 10.7% (ó €1,040 m go €2,055 m).

Dúirt an Dr Maev-Ann Wren, Oifigeach Sinsearach Taighde san ESRI agus údar na tuarascála seo, gur cheart torthaí an staidéir seo a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar shamhail airgeadais an Pháipéir Bháin: “The proposed design of the White Paper financing model should be reviewed in light of the findings about the potential cost implications.”

Dúirt sí freisin go mbeadh samhail an Árachais Sláinte Uilíoch a mholtar sa Pháipéar Bán faoi réir ag dlí na hiomaíochta agus go gcuirfeadh sé sin srian ar an méid a d’fhéadfaí a bhaint amach i gcóras Árachas Sláinte Uilíoch. Dúirt sí gur cheart an tsamhail airgeadais atá molta ag an Rialtas a bhreithniú i bhfianaise an tsriain sin: “The Department of Health has been advised that the White Paper UHI model would be subject to competition law, which is not the case for universal healthcare financing systems in many other European countries.

“This limits the Government’s ability to control factors such as pricing and insurers’ margins. The proposed design of any alternative financing model should be reviewed in light of this limitation and the findings of this analysis,” a dúirt sí.

Cheistigh sí dá réir an bhféadfaí a leithéid de shamhail a chur i bhfeidhm in Éirinn amach anseo.

Fág freagra ar 'Méadú a thiocfadh ar chaiteachas sláinte na tíre, a deirtear i dtuarascáil nua an ESRI'