Tá siad sáite isteach idir na leaca sna cosáin sráide. Píosaí miotail nach dtabharfá faoi deara nó go mbuaileann barr do bhróige iad. Sin é an fáth gur thug an fear a chruthaigh iad ‘Stolpersteine’, nó ‘stumble stones’ i mBéarla, orthu.
I mbeagán focal, insítear scéal na clainne a mhair sa teach taobh leo, ar na píosaí miotail: ‘Max Apfelbaum 4.3.1894…Deportient 1942…Nach Auschwitz.’ Sin ceann a chonaic mé sa tsráid i Vín na hOstaire an lá cheana.
Bhí mé i mbaile álainn Luneburg na Gearmáine cúpla lá roimhe sin. Bhí siopa bróg ann a d’fhógair cúpla bliain ó shin ‘Siopa Bróg ar an láthair seo le 70 bliain!’ Ach ba ghearr gur chuir an Cheardlann Staire áitiúil in iúl dóibh go raibh siopa bróg ann ar feadh i bhfad roimhe sin. An chlann Ghiúdach ar leo an siopa, bhíodar glanta as cuimhne na ndaoine. Agus glanta as cuimhne na staire. Tá ‘stolperstein’ curtha sa chosán ó shin.
Bunaíodh ceardlanna staire i mbailte ar fud na Gearmáine chun a dhéanamh cinnte go bhfanfadh na cuimhní beo. Cuimhní ar ré na Naitsithe. Ach ní úsáideann siad an focal ‘Nazi’ toisc nach ndrannfadh éinne leo dá mbeadh an téarma áirithe sin in úsáid.
Obair chrua fhadálach atá idir lámha acu. Scór blianta a thóg sé orthu carráiste traenach a chur ar taispeáint i Luneburg. Chuir na húdaráis bac orthu chuile bhealach a bhféadfaidís. Agus ba iad lucht na cartlainne staire – grúpa beag gnáthdhaoine – iad féin, a cheannaigh an carráiste as a gcuid airgid féin.
Níl oiread agus focal scríofa aon áit ar an gcarráiste leis an scéal taobh thiar de, a mhíniú. ‘Nach deas í,’ a deir turasóirí ag dul thar bráid. ‘Traein ón aois seo caite- tá sí go hálainn.’
’Sea, an aois seo caite. An Dara Cogadh Domhanda. Buamáladh traein sa stáisiún i Luneburg in Aibreán 1945. Bhí sí ar a bealach ó Vilhemshaven go dtí campa ‘géibhinn’ Neuengamme. 400 fear brúite isteach i gceithre charráiste traenach. Ina seasamh ar feadh ceithre lá, toisc nach raibh aon áit le corraí sa charráiste. Gan bia ná deoch. Bhí cuid acu básaithe faoin am ar shroich siad Luneburg. Ach rinneadh sléacht iomlán orthu i stáisiún an bhaile, i ndiaidh na buamála. 80 duine a tháinig slán as an eachtra agus cuireadh go Bergen-Belsen iad, áit ar maraíodh iad. Ní raibh ach seachtain le dhul go saorfaí an campa, agus an cogadh beagnach thart.
Tá an carráiste a cheannaigh an Cheardlann Staire i gcuimhne na heachtra sin, ina seasamh taobh amuigh den mhúsaem. D’fhiafraigh mé den treoraí ansin cén scéal a bhain leis. D’éirigh sí neamhchinnte.
‘Ó, baineann sé leis an gCogadh,’ a dúirt sí. ‘Bhí Giúdaigh ar bord na traenach…..buamáladh é…’
‘Agus,’ a dúirt mé féin, ‘cén fáth nach bhfuil aon bhileog eolais in aice láimhe?’
‘Ó,’ a dúirt sí, ag smaoineamh go dian, ‘tá sí ag teacht. Nílimid ach trí bliana anseo sa mhúsaem, ’bhfuil a fhios agat.’
Bhí sí beagnach go hiomlán mícheart. Níor maraíodh iad ar fad sa bhuamáil. Mharaigh na ‘Kriegsmarine’ (mairnéalaigh sna gnáthfhórsaí cosanta), na daoine bochta a bhí beo ar éigean agus caite thart ar an mbóthar iarainn. Chuaigh muintir an bhaile amach, ar ordú oifigiúil a cuireadh sa nuachtán, chun aon phríosúnach a d’éalaigh, a thabhairt ar ais chuig na Naitsithe. Agus bhailíodar isteach go fuinniúil iad. Gnáthmhuintir an bhaile.
Agus cé go raibh roinnt Giúdach ina measc, ba mhó ar fad an líon príosúnach cogaidh, Francaigh agus Beilgigh de chuid an ‘Resistance’, a bhí ina measc agus iad ar a mbealach chuig an gcampa ‘géibhinn’.
As 400 príosúnach, tháinig triúr slán sa deireadh. Beirt a shábháil muintir an bhaile agus duine amháin a shábháil póilín trí dhearmad, nuair a thug sé chuig an ospidéal é. Cheap sé gur gnáthoibrí ar an mbóthar iarainn a bhí ann toisc gur athraigh sé éide an phríosúin.
Ach, tá an t-eolas ag teacht….
D’fhreastail mé ar chruinniú den Cheardlann Staire i Luneburg. Slua mór a bhí i láthair agus iad ag cur ceisteanna ar an Ollamh le Stair. Thug sé léacht faoi eachtra náireach eile ina ndearna gnáthshaighdiúirí sléacht ar shlua mór sibhialtach i rith an Chogaidh.
Leag fear óg ard, tanaí, lámh ar mo ghualainn. ‘Stad ag glacadh pictiúr anois,’ a dúirt sé liom go bagrach. D’fhiafraigh sé de mo chara i ndiaidh an chruinnithe an raibh aithne aige orm. Dhearbhaigh sé go raibh.
Seo an faitíos roimh strainséirí arís. An uair seo, faitíos romhamsa, ag samhlú go mb’fhéidir gur ball mé den dream ‘ar dheis’, dream a bhriseann isteach ar chruinnithe lucht staire go minic. Ní maith leo an bhéim seo ar an stair dhorcha cheilte, an stair a bhaineann le gnáthdhaoine, gnáthshibhialtaigh go minic. Níorbh iad an SS amháin a rinne gach rud a bhí gránna. Ní mian leo go gcuimhneodh daoine ar an náire.
Agus mé ag caint le mo chara ina dhiaidh sin rinne mé iarracht cuid dá ualach náire a laghdú ar bhealach éigin. ‘Tá stair againne freisin,’ a dúirt mé. ‘Stair ghránna na ndílleachtaí, na Magdalenes, na leanaí gan uaigheanna.’
‘Ní hionann an dá chás,’ a dúirt sé. ‘Is é an difríocht mhór, nach bhfuil siad ligthe i ndearmad agaibh.’
Samuel
Insan sárleabhar sin ‘Im Westen nichts Neues’ (All quiet on the Western Front/Lon Iomlán ar an bhFronta Thiar) le Remarque, cuirtear abhaile orainn cé chomh díograiseach is a bhí na gnáthdhaoine i ndáil le Giúdaigh ghustalacha, go háirithe, a dhíbirt agus a dhamnú. An chúis? Ba ribín réidh ansin acu seilbh a ghlacadh ar a maoin, ar a ngabháltas. D’éirigh cuid mhaith acu saibhir dá dheasca sin. Agus iad in airde láin ó shin. Rinneadh sciomradh iomlán ar an teidlíocht, ar an stair. Nach sainnt is bun le cogaíocht de ghnáth pé’r bith é? Ní inniu ná inné a dúradh é ‘War is business and our business is war.’ Tá sé amhlaidh i gcónaí. Agus beidh.