Más tús maith leath na hoibre, tá Edwin Poots i dtrioblóid cheana

Más leide é an tús corrach a bhí le ceannaireacht Edwin Poots, tá tréimhse shuimiúil i ndán dúinn

Más tús maith leath na hoibre, tá Edwin Poots i dtrioblóid cheana

Más fíor gur ‘tús maith leath na hoibre’ seans nach codladh sámh a fhaigheann ceannaireacht nua an DUP istoíche. Ní drochscéal go dtí an ceann a fuair Edwin Poots ó phobalbhreith a rinneadh an deireadh seachtaine ar toghadh ina cheannaire é.

Bua ar éigean a fuair sé ar Jeffrey Donaldson sa chomórtas inmheánach i measc Teachtaí Tionóil agus Feisirí Parlaiminte, 19 – 17, an scoilt sa pháirtí follasach. Bhí an titim ar thacaíocht an DUP i measc na gcúiseanna gur deineadh sceanairt ar Arlene Foster.

Tá an scéal níos measa anois.

Nocht torthaí an tsuirbhé a foilsíodh sna laethanta ón Satharn seo caite go raibh Sinn Féin go mór chun tosaigh ar an DUP a bhí ar comhchéim le Alliance. Ina theannta sin nocht sé gur dhúirt an chosmhuintir san DUP gurb é Jeffrey Donaldson, céile comhraic Poots a bheadh tofa mar cheannaire ag beagnach dhá thrian díobh (64%) dá mbeadh vóta acu. 21% a dúirt go roghnódh siad Edwin Poots.

Foilsíodh pobalbhreith Lucid Talk san Belfast Telegraph. Déantar suirbhé gach séasúr agus ba é seo ceann an earraigh. Chuir an comhlacht bailiú an eolais siar seachtain go dtí go raibh toghchán ceannaireachta an DUP thart. Gan dabht bhí Poots agus a lucht tacaíochta ag súil le preab nó teacht aniar tar éis an drochscéil ag deireadh mhí Eanáir nuair a bhí siad ag 19%. A mhalairt a tharla – an tacaíocht laghdaithe go 16%, an leibhéal is ísle le ceathrú céid. Bhí Sinn Féin neartaithe go 25% (+1). Bhí Alliance laghdaithe (-2) go 16% agus TUV méadaithe go 11% (+1), céim amháin ar gcúl ón SDLP. Fuair an UUP preab +2 go 14%, vóta muiníne sa cheannaire ainmnithe nua Doug Beattie.

Toradh tubaisteach don DUP ab ea é seo. Tá Edwin Poots le dearbhú ina cheannaire oíche amárach ag cruinniú an pháirtí. Beifear ag súil le heolas faoi chur chuige Poots ina dhiaidh sin. Go dtí seo níor dearbhaíodh cén fhoireann a bheadh aige ná polasaí ar bith ach gurb é cealú an Phrótacail iarBhreatimeachta a phríomhsprioc.

Tá sé diongbháilte nach mbeidh sé ina Chéad-Aire ach ní fios go fóill cé a bheidh ina chomharba ar Arlene ná cé hiad na hairí eile a ainmneoidh sé. An ndéanfaidh sé iarracht an scoilt sa pháirtí a chneasú? Chuige sin d’fhéadfadh sé cuid de lucht tacaíochta Jeffrey Donaldson a roghnú ach ní raibh na comharthaí dearfach go fóill.

Ní dhearna sé oiread agus tagairt dá chéile comhraic, Donaldson, nuair a labhair sé i ndiaidh an toghcháin, ní áirím na deasghnátha cúirtéiseacha a chomhlíonadh. Níor thagair sé ach oiread do náisiúnaithe/poblachtánaithe, do roinnt na cumhachta ná do rialtas na hÉireann. Ba chosúil nár shuim leis an togra polaitiúil a bhaineann leis an rialachas, é dírithe go huile agus go hiomlán ar athchóiriú an pháirtí.

Leagadh níos mó béime ar chumhacht a bhaint ar ais ó fheidhmeannaigh, ‘na spadanna’ agus í a chur i lámha na n-ionadaithe tofa.

Ní mór a rá go bhfuil toghchán Tionóil bliain uainn, mura dtarlaíonn tubaiste éigin. Má bhí fonn ar éinne san DUP beart a dhéanamh a tharraingeodh toghchán tobann ba chóir go gcuirfeadh na pobalbhreitheanna fainic orthu. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair is cosúil gur ag Sinn Féin a bheadh an Chéad-Aireacht – a bhuíochas do na socruithe idir an DUP agus Sinn Féin i gCill Rímhinn.

Murab ionann agus an coinníoll a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta gur ag bpobal ba mhó ( aontachtach nó náisiúnach) a bheadh an Chéad-Aireacht aontaíodh gur ag an bpáirtí is mó a bheadh sé seachas an grúpa is mó; maíonn páirtithe eile gur ansin a thosaigh roinnt na creiche idir DUP agus Sinn Féin.

Níl i gceist sa phobalbhreith ach vóta uimhir 1. Buille marfach a bheadh ann don DUP dá mba thoghchán Westminster é, ach tá ionadaíocht chionmhar i réim do thoghchán Tionóil. Chuirfeadh aistrithe crot eile ar an scéal.

Aistríonn aontachtaithe chuig a chéile de ghnáth agus de réir na bhfigiúirí ag Lucid Talk bheadh an grúpa aontachtach níos mó ná dream ar bith eile, cé nach mbeadh móramh aontachtach ann.

Teastaíonn ó Edwin Poots go mbeadh 45 suíochán ag aontachtaithe, leath na suíochán ionas go mbeidís in ann vótáil in aghaidh an Phrótacail, a deir sé. Ní haon ribín réidh é 45 suíochán a bhuachan. Go deimhin áiríonn lucht staidrimh go mbeadh sé dodhéanta.

Tá údar imní ag páirtithe eile sa phobalbhreith freisin agus breathnóimid orthu sin lá eile. Tá imní forleathan faoi láthair faoina bhfuil ar intinn ag rialtas na Breataine i dtaobh an Phrótacail. Tá leagan amach an Phríomh-Aire Johnson agus a fheidhmeannach Breatimeachta chomh hathraitheach sin nach féidir na rúnscríbhinní a léamh. ’Sí an cheist maidir le Stormont an cur chuige a bheidh ag Edwin Poots agus a dheisceabail. An gcuirfidh sé cos i dtaca faoin gcasadh i dtreo na mbunchreidmheach, ag filleadh ar na 1970idí agus 1980idí nó an ndéanfar iarracht bunús níos leithne a chur faoina réimeas?

Más leide é an tús corrach a bhí le ceannaireacht Poots, tá tréimhse shuimiúil i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Más tús maith leath na hoibre, tá Edwin Poots i dtrioblóid cheana'