‘Más mian leis an Rialtas go mbeadh toradh fónta ar Bhliain na Gaeilge, ná déantar faillí ar ghlúin eile daltaí scoile’

Deir Gael Linn go bhfuil ag teip ar rialtas i ndiaidh rialtais leigheas a fháil ar na fadhbanna ‘bunúsacha’ le teagasc na Gaeilge agus go gcaithfear ‘cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais’

‘Más mian leis an Rialtas go mbeadh toradh fónta ar Bhliain na Gaeilge, ná déantar faillí ar ghlúin eile daltaí scoile’

Más mian leis an Rialtas go mbeadh “oidhreacht fhónta” ag ‘Bliain na Gaeilge’, caithfear cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais, dar le Gael Linn.

I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht teanga inniu, dúradh nach raibh sé “inghlactha go dteipfí ar chohórt eile daltaí”. 

“Mar oidhreacht fhónta ar Bhliain na Gaeilge, tá tús maith sa Ghaeilge tuillte ag óige na tíre,” a dúradh.

Dúradh gur “ábhar buartha” do Ghael Linn an méid a thuairiscigh á Príomhchigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, Harold Hislop, an tseachtain seo faoi chaighdeán theagasc na Gaeilge a bheith ag dul in olcas i mbunscoileanna na tíre agus faoi na fadhbanna a bhaineann chomh maith le múineadh agus foghlaim na teanga ag an dara leibhéal.

Léirigh tuarascáil a d’fhoilsigh  Gael Linn féin ag deireadh na bliana seo caite nach bhfuil cuid mhór múinteoirí “cumasach ná muiníneach go leor leis an Ghaeilge a mhúineadh” ná níl ábhar oidí “spreagtha iontu féin” chun a bheith ag múineadh na Gaeilge.

Deir an eagraíocht go bhfuil tuarascáil Phríomhchigire na Roinne Oideachais ag teacht leis an taighde sin.

“Tá, is léir, easpa tola ag rialtais i ndiaidh a chéile gníomhú leis na fadhbanna seo a chur ina gceart. Ní léir go bhfuil go leor sa phlean gníomhaíochta don oideachas atá seolta ag An Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, le dul i ngleic leis an staid dhíomách a chuir an príomhchigire in iúl ní ba luaithe an tseachtain chéanna,” a dúradh sa ráiteas a d’eisigh Gael Linn tráthnóna.

Deir Gael Linn go bhfuil sé “thar a bheith díomách” gur aithníodh cuid de na fadhbanna sa chóras sa tuarascáil dheireanach ón bPríomhchigire, Tuarascáil 2010-2012, ach “nár tharla aon athrú chun feabhais ó shin”.

“Is cinnte, ó thuairisc an Phríomhchigire agus ón méid a bhí i dtuairisc Gael Linn, go bhfuil gá le níos mó deiseanna d’oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí agus níos mó deiseanna úsáide na teanga do dhaltaí.

“Beidh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna níos mó acmhainní teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Is gá fosta forbairt a dhéanamh ar an churaclam ag an bhunleibhéal agus níos mó taighde a dhéanamh ar an chur chuige d’iar-bhunscoileanna.”

Dúirt Gael Linn gur “céim ar gcúl” a bhí sa chinneadh deireadh a chur leis an scrúdú cainte roghnach don Teastas Sóisearach agus dúirt siad go raibh gá le “cur chuige níos éifeachtaí” sna coláistí oiliúna.

“Ní ar na hinstitiúidí oideachais atá an locht anseo ach ar an chóras é féin. Tá barraíocht de na hábhair oidí ag tosú ar chúrsa oiliúna gan caighdeán sách ard sa Ghaeilge a bheith acu.

“Ón taighde atá déanta ag Gael Linn, is léir nach bhfuil go leor teagmhála ag ábhair oidí lena gcuid léachtóirí Gaeilge. Teastaíonn níos mó teagmhála leis an léachtóir teanga. Anuas air sin, bheadh ní ba mhó tréimhsí agus tréimhsí ní ba fhaide ar chúrsaí Gaeltachta ina chuidiú. Faoi láthair, bíonn ar na hábhair oidí íoc as na cúrsaí Gaeltachta a dhéanann siad agus bíonn an costas seo trom orthu.”

Léiríonn an tuarascáil nua de chuid na Roinne go bhfuil caighdeán an teagaisc agus na foghlama sa Ghaeilge i bhfad níos ísle ná an caighdeán sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna na tíre.

Ní raibh teagasc agus foghlaim na Gaeilge “go han-mhaith nó níos fearr” ach in 12% de na bunscoileanna a ndearnadh meastóireacht scoile iontu idir Eanáir 2013 agus Iúil 2016, i gcomparáid le 27% don Bhéarla agus 33% don Mhatamaitic.

Deirtear sa tuarascáil nua a bhaineann leis an tréimhse 2012-2016 gur “údar imní” é caighdeán theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal.

Fág freagra ar '‘Más mian leis an Rialtas go mbeadh toradh fónta ar Bhliain na Gaeilge, ná déantar faillí ar ghlúin eile daltaí scoile’'

  • Mánus

    Níl na hollscoileanna in ann an Ghaeilge a mhúineadh go hardleibhéal níos mó. Bíonn go leor de scoláirí na Gaeilge sa gcéad bhlain nach bhfuil in ann Gaeilge shimplí a scríobh go cruinn.
    Níl an bunshraith leagtha síos sna bunscoileanna – fiú ins na Gaelscoileanna agus ins na bunscoileanna sa Ghaeltacht Oifigiúil ina bhfuil an teagasc tré mheán na Gaeilge.
    Níl ins an cúrsa páistiúil Ardeiste Ghaeilge ach sop in áit na scuaibe.
    Dá bharr seo ar fad bíonn laigeachtaí bhunúsacha sa nGaeilge labhartha agus scríofa i measc daltaí agus iad a fágaint na scoile le A ardleibhéal sa nGaeilge.
    Cad as a dtiocfaidh na múinteoirí Gaeilge? Gan an dara cúrsa Ardteiste dírithe ar daltaí a bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu sa bhaile nó ar scoil is ag eirí nós measa a bheidh an scéal.