Níl múinteoirí cáilithe ‘cumasach ná muiníneach go leor an Ghaeilge a mhúineadh’ – léachtóirí sna coláistí oiliúna

Maítear i dtuarascáil nua le Gael Linn gur ‘fáinne fí’ iad na fadhbanna atá le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ach go bhfuil ‘an t-eolas ann’ chun ‘an fáinne a bhriseadh’

Níl múinteoirí cáilithe ‘cumasach ná muiníneach go leor an Ghaeilge a mhúineadh’ – léachtóirí sna coláistí oiliúna

Níl cuid mhór múinteoirí “cumasach ná muiníneach go leor leis an Ghaeilge a mhúineadh” ná níl ábhar oidí “spreagtha iontu féin” chun a bheith ag múineadh na Gaeilge.

B’in breithiúnas na léachtóirí ó na coláistí oiliúna a ghlac páirt sa taighde a rinneadh do thuarascáil nua faoin nGaeilge sa chóras oideachais atá foilsithe ag Gael Linn.

Maítear sa tuarascáil gur “fáinne fí” iad na fadhbanna “ag na leibhéil éagsúla i múineadh na Gaeilge” ach gur “léir go bhfuil an t-eolas ann faoin bhealach chun an fáinne a bhriseadh”. Ríomhtar cuid mhór den eolas agus taighde sin sa tuarascáil nua Tuairisc ar an Ghaeilge sa Chóras Oideachais i bPoblacht na hÉireann agus dírítear inti chomh maith ar chuid mhór de ‘laigí’ an chórais.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil go bhfuil feabhas ar thorthaí na Gaeilge san Ardteist ach “go bhfuil caighdeán na Gaeilge tite ó tugadh isteach an siollabas úr”.

Deirtear go gcaithfear “aon drogall a bheadh ar mhúinteoirí [maidir leis an nGaeilge] a shárú trí oiliúint cheart i múineadh na Gaeilge a chur ar fáil dóibh sa dóigh go mbeidh siad breá muiníneach tabhairt faoi”.

Tá an méid sin tugtha faoi deara ag COGG agus ag na léachtóirí sna coláistí oideachais ar labhraíodh leo, a deirtear. Deir na léachtóirí sin “nach ionann A nó B a fháil san Ardteistiméireacht agus Gaeilge mhaith a bheith ag an mhac nó ag an iníon léinn”.

Deir lucht na gcoláistí oideachais gurb iad na scileanna eile teanga, léamh agus scríobh, atá thíos leis an siollabas nua don Ardteist agus “mar thoradh air sin nach bhfuil múinteoirí chomh hoilte agus a bhíodh leis an Ghaeilge a mhúineadh sa bhunscoil”.

Deirtear nach mbíonn “go leor ama ar fáil ar na cúrsaí bunmhúinteoireachta tríú leibhéal lena chinntiú go mbeidh caighdeán Gaeilge na mac léinn ard go leor le go mbeidh siad in ann an curaclam a mhúineadh i gceart” agus moltar go dtabharfaí faoi seo a leigheas.

“Beidh iarmhairt thromchúiseach ag an ísliú caighdeáin seo mura bhfaighidh sciar maith den chéad ghlúin eile de dhaltaí bunscoile teagasc ceart sa Ghaeilge. Beidh sé doiligh an scéal a chur ina cheart arís,” a deirtear sa tuarascáil nua le Gael Linn, ar chuir Foras na Gaeilge urraíocht ar fáil di.

Fág freagra ar 'Níl múinteoirí cáilithe ‘cumasach ná muiníneach go leor an Ghaeilge a mhúineadh’ – léachtóirí sna coláistí oiliúna'

  • alleluia

    Dochreidte go bhfaigheadh daltaí A nó B i nGaeilge san Ardteist agus ‘nach mbeadh Gaeilge mhaith acu’. Cén chaoi ar féidir ‘an fáinne fí’ sin a bhriseadh?? Bhfuil an cur i gcéill sin follasach sna hábhair eile freisin? Nó an mbaineann sé leis an nGaeilge amháin?

  • Ruairí

    Tá céimithe a rinne B.A sa nGaeilge agus níl eolas ceart acu ar an nGaeilge.
    Cloisim anseo iad sa samhradh agus iad ag fógairt ar na scoláirí sa gcoláiste samhraidh i nGaeilge an-mhíchruinn. Cén caoi an mbeadh siad in ann an Ghaeilge a mhúineadh mar theanga bheo sa nGalltacht nuair nach bhfuil sí acu fhéin. Tá an scéal ag dul in olcas sa nGaeltacht freisin le fada. Bíonn neart daltaí Gaeltachta a fhágann an scoil gan eolas acu ar litríocht na Gaeilge. Tuigeann siad go bhfuil an cúrsa Bhéarla i bhfad níos saibhre agus déanta iad a fhorbairt mar dhaoine tré mheán an Bhéarla. Cén t-íontas go mbíonn siad ag rá linn go bhfuil siad níos líofa sa mBéarla; a dara teanga!