Marty Walsh ar chosán na polaitíochta go dtí Washington arís

Tá iarmhéara Boston Marty Walsh, arbh imirceoirí as Gaeltacht Chonamara a mháthair agus a athair, ainmnithe ag Joe Biden do shuíochán Gobharnóra sna seirbhísí náisiúnta poist

Marty Walsh ar chosán na polaitíochta go dtí Washington arís

Tá Marty Walsh, arbh imirceoirí as Gaeltacht Chonamara a mháthair agus a athair , ag teannadh i dtreo chroí na cumhachta i Stáit Aontaithe Mheiriceá arís théis don Uachtarán Joe Biden ainmniúchán a thabhairt dó do shuíochán Gobharnóra sna seirbhísí náisiúnta poist.

Cé go gcaithfidh sé tacaíocht an tSeanaid a bheith aige sula n-ainmneofar é go hoifigiúil, glactar leis nach mbeidh aon trioblóid ag Marty Walsh ag fáil na vótaí sin. D’éirigh leis tacaíocht a fháil ó roinnt Seanadóirí Poblachtánacha nuair a ainmníodh é cheana mar Rúnaí Saothair i rialtas Joe Biden chomh maith le tacaíocht Sheanadóirí a pháirtí féin, na Daonlathaigh.

Cor suntasach é seo i sruth an tsaoil ag Marty Walsh.

Má éiríonn le Joe Biden post an Uachtaráin a choinneáil i dtoghchán na Samhna seo chugainn, bheadh sé chomh dóigh céanna go mbeifí sa tóir ar sheirbhís Walsh san Rialtas ansin arís. Cé go dtuigtear go bhfuil Walsh breá sásta sa phost atá aige faoi láthair, tá a fhios go bhfuil luí aige i gcónaí le seirbhísí pobail agus poiblí.

Ba dhíol suntais é bliain ó shin gur éirigh Marty Walsh as a phost mar Rúnaí Saothair i Rialtas na Stát Aontaithe. Glacadh leis go forleathan go raibh obair mhaith déanta aige agus bhí a cháil in airde. Ní raibh sé ach tamall roimhe sin ó bhí moladh mór tugtha dó faoin gcaoi a ndearnadh stailc thraenach ar fud na Stát a sheachaint. Bhí cathaoirleach Theach na nIonadaithe san am sin, Nancy Pelosi, ina measc siúd a rinne ráitis phoiblí comhghairdeachais le Marty Walsh.

Ach tharla sé san am sin go raibh Cumann Imreoirí Haca na Stáit Aontaithe agus Cheanada sa tóir ar cheannasaí agus chuathas sa tóir ar Marty Walsh. Cuireadh tairiscint mhór os a chomhair – $3.5 milliún sa mbliain. Théis dó smaoineamh go leor a dhéanamh ar an tairiscint, agus é a phlé leis an Uachtarán Biden, shocraigh sé go nglacfadh sé leis.

Ó shin i leith, tá Walsh ag obair as oifig in Boston agus in Toronto. Beidh sé ag leanacht ar aghaidh sa bpost sin. Dualgas páirtaimseartha a bhaineann le jab an Ghobharnóra Poist agus creideann sé gur féidir leis an dá thrá a fhreastal.

Is léir go raibh na cúrsaí seo pléite ag Uachtarán na Stát Aontaithe le Marty Walsh sular fhógair sé an t-ainmniúchán. Tá a fhios go bhfuil ceangal agus cairdeas láidir pearsanta idir an bheirt. Ina ráiteas ainmniúcháin thug an tUachtarán Biden moladh mór do Mharty Walsh. Luaigh sé a chuid oibre don phobal in Dorchester in Boston ó bhí sé ina sheanghasúr agus an tacaíocht a thugann sé do lucht oibre agus d’imirceoirí agus a thaithí ceardchumainn agus riaracháin.

Bíonn riar cruinnithe in Washington ag Gobharnóirí na Seirbhísí Poist agus tá stádas nach beag acu. Ochtar acu atá ann agus sé Uachtarán na Stát Aontaithe a chuireann a n-ainm chun cinn. Bíonn tréimhse seacht mbliana acu.

Ó thaobh na polaitíochta de, bhí sé ráite ag Marty Walsh roimhe seo go mbeadh sé ag cuidiú go láidir leis an Uachtarán Biden i bhfeachtas na hUachtaránachta. Bhí sé in ann a rá tamall maith ó shin gur dóigh go mbeadh Biden sa tóir ar an dara téarma. Is dóigh gur i stáit a bheadh tréan i gcúrsaí lucht oibre agus imeallach ó thaobh na polaitíochta de is mó a bheadh Walsh gníomhach sa bhfeachtas. Cé nach mbeidh sé díomhaoin sa bhfeachtas i Massachusetts, a Stát dúchais, ní ansin is mó a bheadh sé ag teastáil. Tá Biden geall le bheith cinnte go mbeidh Massachusetts aige.

Ach má éiríonn le stocaireacht Walsh agus le feachtas Joe Biden, b’fhéidir go mbeadh cinneadh tromchúiseach eile le tógáil ag an mBreathnach – an nglacfadh sé le post sa gcéad Rialtas eile a bheadh faoi stiúir Joe Biden in Washington.

Fear é Marty Walsh atá an-dílis dá mhuintir agus dá theaghlach. Cónaíonn a mháthair, Mary – arb as Ros Cíde i Ros Muc ó dhúchas di (Mary Joe Pheadair) in Dorchester. Tá Mary caite na ceithre scór anois. Tá go leor daoine muintearthacha idir na Breathnaigh (as Caladh Mhaínse i gCarna) agus a ghaolta as Ros Muc in Boston. Níl dabht ach go mbeadh Marty ag cuimhneamh air sin uilig. Ar ndóigh, ba as Caladh Mhaínse i gCarna é athair Mharty Walsh, John Mháirtín Tom, agus ba é an ceannasaí iomráiteach ceardchumainn, Pádraig Mháirtin Tom – Pat Walsh –a uncail. Tá cúlra breá polaitíochta aige cheana féin: faoi dhó ina Mhéara ar Bhoston, ball de Rialtas Mheiriceá agus ceannasaí ceardchumainn in Boston agus stiúrthóir ar eagraíocht náisiúnta spóirt.

Cónaíonn Marty Walsh agus a pháirtí, Lorrie, i Lower Mills in Boston agus caitheann sé corrthréimhse freisin sa teach atá acu in Cape Cod.

Is díol spéise é go raibh fear eile de bhunadh Chaladh Mhaínse i gCarna i bpost a bhí an-chosúil le post an Ghobharnóra Seirbhísí Poist in Washington. Ba é Joseph Brennan an fear sin. Ba as Caladh Mhaínse athair agus máthair Joseph. Bhí sé ina bhall de Choimisiún Náisiúnta na Mara in Washington ar feadh dhá théarma idir 1996 agus 2004. Bhí sé ina Ghobharnóir ar Stát Maine roimhe sin agus ina bhall de Theach na nIonadaithe in Washington. Cónaíonn Joseph Brennan in Portland Maine.

Fág freagra ar 'Marty Walsh ar chosán na polaitíochta go dtí Washington arís'