Martin McGuinness ar shlí na fírinne

Bhí cóir leighis á fháil ag McGuinness in Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin, i nDoire, do ghalar neamhchoitianta croí a aithníodh a bheith air i mí na Nollag na bliana seo caite

Martin McGuinness ar shlí na fírinne

Tá iarLeas-Chéad Aire Stormont, Martin McGuinness, ar shlí na fírinne. Bhásaigh McGuinness go moch maidin inniu in Otharlann Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 66 bliain d’aois.

Bhí cóir leighis á fáil ag McGuinness san ospidéal do ghalar neamhchoitianta croí a aithníodh a bheith air i mí na Nollag na bliana seo caite.

Tá ráitis ómóis tugtha ag polaiteoirí mór le rá in Éirinn agus thar lear ó tháinig scéala a bháis chun cinn ar maidin, ina measc a leathbhádóir i Sinn Féin, Gerry Adams, a chomharba Michelle O’Neill, an Taoiseach Enda Kenny agus ceannaire an DUP Arlene Foster.

Dúirt Adams go léirigh Martin “tiomantas, dínit agus umhlaíocht” i gcaitheamh a shaoil agus i gcaitheamh an tinnis ghairid a thug a bhás.

“Ba phoblachtach paiseanta é a d’oibrigh gan sos gan scíth ar mhaithe leis an tsíocháin agus an athmhuintearas agus ar mhaithe le hathaontú a thíre.

“Ach thar aon cheo eile, bhí grá aige dá mhuintir féin agus do mhuintir Dhoire agus bhí sé thar a bheith bródúil astu go léir,” a dúirt Uachtarán Shinn Féin.

Dúirt an Taoiseach go raibh McGuinness ar dhuine de “phríomhailtirí” Chomhaontú Aoine an Chéasta agus gur oibrigh sé go dian sna blianta a tháinig i ndiaidh an Chomhaontaithe lena chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm ina iomlán é.

D’éirigh McGuinness as a ról mar LeasChéad-Aire Stormont ag tús na bliana seo i bhfianaise na conspóide a bhain leis an scéim teasa RHI.

Dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, gur chuir McGuinness go mór leis an bpróiseas síochána ó thuaidh agus gur “thug sé seirbhís do mhuintir Thuaisceart Éireann agus é ina leasAire” agus go raibh ról ríthábhachtach aige agus é ag tabhairt gluaiseacht na poblachta “i dtreo modhanna oibre a bhí síochánta agus daonlathach”.

Chuir Michelle O’Neill, a tháinig i gcomharba ar McGuinness mar cheannaire Shinn Féin ó thuaidh níos túisce i mbliana, a brón in iúl ar maidin ar Twitter.

Dúirt sí gur “fathach” a bhí i McGuinness i bpolaitíocht na hÉireann agus go raibh meas air ar fud an domhain.

“Agus mé ag fás aníos i mo phoblachtach óg, thug Martin McGuinness inspioráid dom, agus tugann i gcónaí. D’athraigh sé polaitíocht na hÉireann trína cheannaireacht, trína ghrásta agus trína phearsantacht chroíúil agus beidh an dea-thionchar a d’fhág sé le brath ar feadh na mblianta fada,” a dúirt sí.

Mhol an tUachtarán Mícheál D Ó hUiginn fear Dhoire as a ról i bpróiseas na síochána. Bhí Martin McGuinness ina chomhiarrthóir le Ó hUiginn don uachtaráncht in 2011 agus mhol an tUachtarán a chúirtéis agus a ghnaíúlacht.

“Cronóidh pobal an oileáin seo uilig an cheannaireacht a thug sé i bpróiseas na síochána chomh maith leis an tiomantas don daonlathas a léirigh sé i Stormont,” a dúirt an tUachtarán.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, gur imir sé “ról stairiúil” i mbunú na síochána, agus cé go raibh a ról paraimíleatach “doghlactha” go ndearna sé obair chrua chun “poblachtaigh a threorú chun síochána”.

Is ó dhuine a d’fhulaing foreigean an IRA a thainig an breithiúnas ba dhiúltaí. Dúirt an t-iar aire Caomhach Norman Tebbitt, ar goineadh a bhean go han-dona i mbuamáil Brighton i 1984, “gur glaine agus milse an saol de bharr a bháis”.

Rugadh McGuinness i nDoire i 1950. Fuair sé a chuid scolaíochta i scoil na mBráithre Críostaí sular fhág sé an scoil agus é 15 bliain d’aois. Phós sé a bhean, Bernadette Canning, i 1974, agus tá ceathrar clainne orthu.

Chuaigh sé san IRA ag deireadh na 1960idí agus faoin am a bhí sé 21 bliain d’aois ba é leascheannaire na heagraíochta i nDoire. Tháinig sé chun cinn i Sinn Féin le linn na 1980idí agus toghadh ina chomhalta de Thionól Stormont i 1982.

Sa bhliain 2007, chuaigh sé i mbun roinnt na cumhachta le Ian Paisley ón DUP i dTionól Stormont i ndiaidh shíniú Chomhaontú Chill Rímhinn. Sheas sé d’Uachtaránacht na hÉireann in 2011 ach tháinig sé sa tríú háit sa toghchán sin i ndiaidh Mhíchíl D Uí Uiginn agus Seán Gallagher.

Bhí sé ina LeasChéad-Aire i Stormont le linn do thriúr éagsúil a bheidh mar Chéad-Aire: Ian Paisley, Peter Robinson agus Arlene Foster. D’éirigh sé as an ról ag tús na bliana seo i bhfianaise na conspóide a bhain le scéim teasa an RHI, a raibh Foster i gceannais uirthi.

Luaigh sé freisin dearcadh diúltach an DUP i leith na Gaeilge nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag éirí as an leaschéad-aireacht, fógra a raibh toghchán na míosa seo mar thoradh air.

Fág freagra ar 'Martin McGuinness ar shlí na fírinne'

  • Fearn

    I measc na naomh is na laoch go raibh sé!