Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise

Sa mhargadh nua a rinneadh ag COP28 iarrtar ar thíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise taobh istigh de dheich mbliana agus sin a dhéanamh ar bhealach atá ‘cóir, eagraithe agus cothrom’

Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise

Tá margadh domhanda déanta ag nach mór 200 tír aistriú go pras ó bhreoslaí iontaise agus úsáid i bhfad níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite.

Seo an chéad mhargadh dá leithéid ina bhfuil éileamh soiléir ann go n-aistreofaí ó úsáid breoslaí iontaise amhail gual, ola agus gás.

Sa mhargadh nua a rinneadh ag COP28, an 28ú comhdháil ag na Náisiúin Aontaithe faoin athrú aeráide, iarrtar ar thíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise taobh istigh de dheich mbliana agus sin a dhéanamh ar bhealach atá “cóir, eagraithe agus cothrom”.

Iarrtar ar thíortha éirí as a bheith ag scaoileadh CO2 san atmaisféar faoi 2050.

Glacadh sa mhargadh le moladh an AE agus dreamanna eile go méadófaí faoi thrí an úsáid a bhaintear an foinsí fuinnimh in-athnuaite, amhail fuinneamh gaoithe agus grianchumhacht, faoi 2030.

Iarrtar chomh maith ar thíortha gearradh siar go mór ar astaíochtaí meatáin, gás ceaptha teasa atá níos contúirtí ná CO2 sa ghearrthréimhse.
Thángthas ar an gcomhaontú ag an gcomhdháil in Dubai i ndiaidh go leor idirbheartaíochta.

Fiú inné féin bhí an chuma ar an scéal gur ar éigean a thiocfaí ar chomhréiteach nuair a foilsíodh dréachtmhargadh ina raibh go leor den fhoclaíocht is láidre faoi bhreoslaí iontaise fágtha ar lár.

Iarrtar sa mhargadh nua go n-aistreofaí ó bheith ag úsáid breoslaí iontaise ach ní éilítear gan deireadh ar fad a chur leo de réir a chéile, faoi mar a bhí á éileamh ag go leor.

Mar sin féin, aithnítear sa mhargadh an gá le laghdú mór tapa ar astaíochtaí má táthar leis an ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C os cionn an leibhéil a bhí ann sa saol réamhthionsclaíoch.

Dúirt Uachtarán COP28, an Sabhdán Al Jaber, gur margadh stairiúil a bhí ann a thugann aghaidh ar a thromchúisí is atá cúrsaí agus a chuirfidh an domhan ar bhóthar a leasa.

Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.

Ní róshásta leis an margadh nua a bhí cuid de na stáit bheaga ar oileáin iad agus atá an-leochaileach ó thaobh na haeráide. Dúirt toscairí Samoa nach raibh siad “sa seomra” nuair a faomhadh an margadh.

Dúirt lucht feachtais nach raibh an margadh sách láidir agus mhaígh Greenpeace nach n-éireodh leis an t-aistriú ó bhreoslaí iontaise a bhaint amach ar bhealach “sciobtha agus cothrom”.

Dúirt John Silk, toscaire, ó na hOileáin Marshall, gur údar díomá a bhí sa mhargadh ach nach raibh aon rogha eile ann ach iarracht a dhéanamh é a chur i gcrích.

“Tháinig mé ón mbaile sna hoileáin chun obair libh go léir ar réiteach a fháil ar an dúshlán is mó lenár linn. Tháinig mé anseo chun canú a thógáil do mo thír.

“Ach thógamar canú lag atá lán le poill agus é ag ligean uisce isteach. Mar sin féin, caithfimid é a chur san uisce mar níl aon rogha eile againn.”

Tá cáineadh déanta ar an margadh chomh maith toisc nach gcuirtear aon iachall ar thíortha saibhre airgead a chur ar fáil do thíortha níos boichte aistriú ó bhreoslaí iontaise agus toisc nach leagtar ualach na hoibre i dtosach ar thíortha forbartha.

Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe an fómhar seo ba ghá go laghdódh astaíochtaí 42% faoi 2030 má táthar chun an t-ardú ar theas domhanda a theorannú go dtí 1.5°C faoi 2050.

Fág freagra ar 'Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise'