Maíonn an tAontas Eorpach go bhfuil sé bunaithe ar luachanna an daonlathais, ach tá sé deacair an maíomh sin a chur i gcomhréir le seasamh an Aontais maidir le Gaza, an tacaíocht a léiríonn sé arís is arís eile d’Iosrael, agus an chaoi go gcuireann forais an Aontais isteach gan náire ar pholaitíocht na mballstát.
Nuair a ghlac Éire ballraíocht i 1973 sa gComhphobal Eorpach, réamhtheachtaí an Aontais, ba ar mhaithe le bheith páirteach in eacnamaíocht na hEorpa é. Go deimhin, rinne rialtas na linne beag is fiú díobh siúd a chuir in aghaidh na ballraíochta ar an mbonn go gcruthódh sé ollstát aontaithe agus fórsa míleata sa deireadh.
Ach, diaidh ar ndiaidh, sin é go díreach a tharla. Ní féidir linn anois, mar shampla, cosc a chur ar thrádáil le hIosrael, a deir an Taoiseach, toisc gur cinneadh de chuid an Aontais é faoi na conarthaí a lean ár mballraíocht.
Le tamall, is léir go bhfuil dlús curtha leis an bpróiseas is go bhfuil cumhachtaí na mballstát á laghdú agus cumhacht an Choimisiúin ag dul i méad.
Labhraíonn an tAontas le guth amháin agus mura labhraíonn tú leis an nguth sin cuirtear pionós ort.
Tóg cás na hUngáire.
Ní hí an cineál polaitíochta atá sa tír sin ba mhaith liomsa a fheiceáil in Éirinn, go háirithe an chaoi go bhfuil cearta daoine aeracha á gcúngú, nó tacaíocht láidir á tabhairt ag an stát d’Iosrael.
Ach is stát ceannasach í an Ungáir. Is gnó do mhuintir na hUngáire a rá cén cineál rialtais a bheidh acu, ní gnó an Aontais.
Ach ní dóigh liom go mbíonn daoine ag tabhairt faoin Ungáir mar gheall ar cheisteanna a bhaineann leis an aiteachas, ach toisc go dtuigeann an Ungáir nach féidir le NATO cogadh na hÚcráine a bhuachan, go bhfuil siad ag diúltú tacú leis an Úcráin is go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh ar na téarmaí atá fógartha ag an Rúis.
Ní hé go gcaithfimid aontú leo. Ach caithfimid aitheantas a thabhairt dá gceart an cinneadh sin a dhéanamh.
Chonaic muid freisin an chaoi gur cuireadh stop le toghchán uachtaránachta sa Rómáin. Rialaíodh nach mbeadh cead ag an duine a bhí ar tí buachan, Călin Georgescu, seasamh. Bhí an Rúis ag cabhrú leis, a dúradh/Nó mar a chuir an t-iriseoir Wolfgang Munchau síos air: ‘Táim cinnte go raibh na Rúisigh gníomhach,. Ach údar alltachta é a cheapadh gur cuireadh toghchán ar ceal toisc gur inis duine éigin bréag ar TikTok..’
Cuireadh stop le Georgescu a fuair 30% den vóta sa gcéad bhabhta. Ach toisc gan cead a bheith ag Georgescu fanacht sa rás, fuair duine atá cinnte ar an eite dheis i bhfad amach, George Simion, 40% sa gcéad bhabhta an mhí seo.
Feicfimid an mbeidh aon chaimiléireacht ann le stop a chur leis. Sea, tá sé in aghaidh leanacht le cogadh na hÚcráine, ach ní mar gheall ar aon ghrá don Rúis ach toisc go bhfuil sé ag iarraidh cuid den Úcráin a bhí ina cuid den Rómáin roimhe sin a thabhairt ar ais.
Ansin tá Robert Fico agat sa tSlóvaic, polaiteoir ar ann eite chlé, ach duine atá ag iarraidh ceannas na Slóvaice a choinneáil is atá ag cur in aghaidh an chogaidh. Rinneadh iarracht é a mharú is cáineann an Coimisiún é.
Shocraigh sé freastal ar shearmanas i Moscó ag tabhairt ómóis dóibh siúd a throid in aghaidh na Naitsithe. Ach thug Kaja Kallas, urlabhraí gnóthaí eachtracha an Aontais, le fios nach ar leas Fico a bheadh sé dá rachadh sé ann.
Dhiúltaigh an Pholainn, an Rómáin is na poblachtaí Baltacha cead a thabhairt dó taisteal in eitleán tríd a aerspás– in ainneoin go bhfuair na mílte saighdiúirí Rúiseacha bás ag saoradh na Slóvaice ó na Naitsithe.
Anois sa nGearmáin, tá an AfD, páirtí ar an eite dheis i bhfad amach, ainmnithe mar pháirtí míbhunreachtúil, cé go bhfuil nós mó tacaíochta aige sna pobalbhreitheanna ná mar atá ag aon pháirtí eile.
Sa bhFrainc, tá cosc curtha ar Marine Le Pen seasamh don uachtaránacht ar chúinsí dlí. Tá an cinneadh sin faoi achomharc, ach arís bhí sí chun tosaigh sa rás ansin.
Arís eile ní hé gur chóir aontú leis na páirtithe sin nó leis na daoine seo, ach ní féidir faisisteachas a throid le modhanna an fhaisisteachais.
Mar chumannach, is fuath liom dearcadh ciníoch an AfD is Le Pen, ach ní hin an bealach chun buachan orthu.
A mhalairt ar fad, tá na páirtithe seo ag fás mar gheall ar na hiarrachtaí neamhdhaonlathacha stop a chur leo.
sderóiste
Nuair a ghabh na Naitsithe na Cumannaigh,
choinnigh mé mo bhéal dúnta;
ní raibh mé i mo Chumannach.
Nuair a ghabh siad na Ceardchumannaigh,
choinnigh mé mo bhéal dúnta;
ní raibh mé i mo Cheardchumannach.
Nuair a ghabh siad na Sóisialaigh,
choinnigh mé mo bhéal dúnta;
ní raibh mé i mo Shóisialach.
Nuair a ghabh siad na Giúdaigh,
choinnigh mé mo bhéal dúnta;
ní raibh mé i mo Ghiúdach.
Nuair a ghabh siad mé,
ní raibh aon duine eile ann
go raibh ar a gcumas agóid a dhéanamh.
An Tréadaí Martin Niemoller.
Dónal deRóiste
Ar a laghaid tá sí macánta ar a cuspóir.
Níl ins an díriú ag Mairtín agus NATO ach tuilleadh cogaidh. Tar éis an 800 bliain ag troid dár saoirse táimíd bréan don chogaidh. Neodracht árdnósach abú.
Seán Mac an Rí
An fiú alt a léamh le duine éigin atá fós ina Chumannach nuair a theip ar an gCumannachas gach áit inar baineadh triail as, agus na milliúin duine a bhí ina ‘naimhde ag an Réabhlóid’ curtha chun báis ag réimis Chumannacha ar fud an domhain? Tá sé chomh dona a bheith i do Chumannach agus atá sé a bheith i d’Fhaisisteach, dar liom – ach an dtabharfaí cead d’Fhaisisteach ar an suíomh seo? Ní dóigh liom é. Gach seans nach bhfaomhfar mo thrácht, rud a tharlaíonn nuair a phostáilim rud éigin nach dtaitníonn leis na heagarthóirí.
Carraig
Ar chuala aon duine aon fhocal riamh ó Van der Leyen mar gheall ar an uafás laethúil i nGaza?
Aon fhocal beo?
Nó ó phiardaí eile an Aontais Eorpaigh?
Cuir an tost sin i gcónaird leis an gconach a bhíonn orthu i leith Putin agus an seasamh prinseapálta atá acu i leith na hÚcráine.
An t-armlón a úsáideann an IDF chun mná is páistí a chur de dhroim an tsaoil, is í an Eoraip a sholáthraíonn sciar maith mór de.
Agus na buamaí sin a bhíonn á raideadh anuas ar na truáin bhochta, is trí Aerfort na Sionainne a sheoltar sciar maith mór díobh.
Tá a fhios san go maith ag an rialtas ach tá siad caoch air.
Dúirt Michael Ryan, WHO, go bhfuilimídne, na daoine nach bhfuil sásta dada a dhéanamh, comhpháirteach sa díothú agus sa ghorta atá á fhulaingt ag muintir Gaza. Bagraíonn polaiteoirí Iosrael cinedhíothú a dhéanamh ar na Palaistínigh ar bhonn laethúil nach mór, agus ní ar chúl copóige a théann siad chun an méid sin a chur in iúl.
Idir an dá linn tá athbhreithniú á dhéanamh ag rialtas na hÉireann ar an OTB (a chuirfeadh cosc ar thrádáil earraí AGUS seirbhísí le hIosrael) ó 2018 i leith.
Donncha O hEallaithe
“Mar chumannach” deireann Eoin, “is fuath liom dearcadh ciníoch an AfD is Le Pen, ach ní hin an bealach chun buachan orthu.” Ach mura mhiste liom é a rá, tá a ndearcadh siúd faoin gcogadh atá ar bun ag an Rúise sa Ucráin agus a ndearcadh faoin Aontas Eorpach, an chosúil ar fad le do dhearcadh féin ar na ceisteanna sin!
Noel
Dá mbeadh fíor-daonlathas againn san Eoraip agus gan an bhunaíocht ag úsaid gach cleas chun Le Pen agus an AFD a choiméad as oifig bheadh siad ag fáil 80% nó 90% den vóta díreach ar nós Putin san Rúis agus Lukashenko sa Bealarus áit a chloistear fíor-ghuth an phobail gan isteach ó meáin agus NGO’s woke.
diarmuid
Alt iontach, agus an cuid is mó dé fíor.
“Mar chumannach…” Nach raibh chomhoibriu docht daingean thar deich mbliana idir Adolf Hitler agus Joe Stalin?
Ciarán
Bheadh Putin féin an-sásta leis an alt seo. Seachtain ar sheachtain, téann Eoin Ó Murchú i bpáirt leis na deachtóirí san Oirthear
Pádraig O'hEipicín
Guígh ar son na Síochána pé áit a bhfuil sé de-dhith. In Ainm Dé.