Maelíosa Stafford, fear amharclainne agus cainteoir Gaeilge aitheanta, ar shlí na fírinne

Chomh maith le bheith ina iarstiúrthóir ealaíne ar Amharclann an Druid sa Ghaillimh, bhí ceangal mór ag Maelíosa Stafford le hamharclann náisiúnta na Gaeilge, an Taibhdhearc

Maelíosa Stafford, fear amharclainne agus cainteoir Gaeilge aitheanta, ar shlí na fírinne

Tá an t-aisteoir, fear amharclainne agus cainteoir Gaeilge aitheanta Maelíosa Stafford ar shlí na fírinne.

Chomh maith le bheith ina iarstiúrthóir ealaíne ar Amharclann an Druid sa Ghaillimh, bhí ceangal mór ag Maelíosa Stafford le hamharclann náisiúnta na Gaeilge, an Taibhdhearc.

Áirítear muintir Stafford ar cheann de mhórtheaghlaigh dhrámaíocht na Gaeilge agus bhí a thuismitheoirí, Seán agus Máire, nach maireann, i gcroílár obair na Taibhdheirce.

Bhí Maelíosa féin ina stiúrthóir ar Taibhdhearc@90, ceiliúradh 90 bliain na Taibhdheirce in 2018.

In Sydney na hAstráile a bhí sé ina chónaí le fada ach bhí sé sa Ghaillimh chomh maith in 2020 chun Amhrán an Bhonnáin Bhuí le Vincent Woods a léiriú in amharclann náisiúnta na Gaeilge.

Dúirt Bord agus foireann na Taibhdheirce gur cailliúint mhór Maelíosa Stafford agus rinneadar comhbhrón lena mhuintir.

“Méala mór a bhás dá theaghlach agus do mhuintir na hamharclainne anseo i nGaillimh, a chathair dhúchais, in Éirinn, agus san Astráil,” a dúradh.

I 1978 a thosaigh Maelíosa Stafford sa Druid agus bhí baint lárnach aige le scéal na hamharclainne iomráití sin, mar stiúrthóir, léiritheoir agus aisteoir.

Bhí sé ina stiúrthóir ealaíne ar an Druid idir 1991 – 1994.

Ar na drámaí a stiúir sé bhí At the Black Pig’s Dyke le Vincent Woods agus The Midnight Court le Brian Merriman.

Ina aisteoir bhí sé i léirithe móra amhail The Lonesome West le Martin McDonagh,  Conversations on a Homecoming agus A Whistle in the Dark le Tom Murphy agus The Playboy of the Western World le JM Synge.

Dúirt stiúrthóir ealaíne an Druid gur aisteoir agus stiúrthóir “den scoth” a bhí ann agus gurb é a dhein ceann de “mhórghaiscí” na hamharclainne nuair a choimisiúnaigh agus stiúir sé At the Black Pig’s Dyke le Vincent Woods.

Bhí páirteanna móra aige chomh maith i ndrámaí in Amharclann na Mainistreach agus Amharclann an Gheata.

Déanfar ceiliúradh ar shaol Mhaelíosa Stafford in Sydney amach sa mhí. Cuirfear nasc ar líne do shruthú beo na hócáide sin ar fáil go luath ar RIP.ie.

Cruinneoidh a mhuintir agus a chairde le chéile i nGaillimh amach anseo lena shaol a cheiliúradh.

Maireann a bhean Carolyn, a chlann Eoghan, Cian, Aelia, Benen, a gharpháiste Banjo, agus a dheartháireacha agus deirfiúracha Órfhlaith, Fionnuala, Conall agus Ruairí.

Fág freagra ar 'Maelíosa Stafford, fear amharclainne agus cainteoir Gaeilge aitheanta, ar shlí na fírinne'