An t-iarrthóir i bhfad amach ar an eite dheis Marine Le Pen an céile comhraic a bheidh ag an Uachtarán Emmanuel Macron i dtoghchán na Fraince faoi cheann coicíse.
Tháinig Macron sa chéad áit sa chéad bhabhta vótála inné agus 28.5% den vóta aige, sciar níos mó ná mar a bhí aige cúig bliana ó shin. 23.6% a bhí ag Le Pen’s sa dara háit. B’in sciar níos mó ná mar a fuair Le Pen cúig bliana ó shin.
D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna agus is é a bheidh mar rogha láidir na coitiantachta sa chéad bhabhta eile den toghchán chomh maith. Ba é an teachtaireacht a bhí aige roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.
‘Is féidir linn an Fhrainc agus an Eoraip a roghnú in éineacht,” arsa Emmanuel Macron nuair a fógraíodh na torthaí.
Dhírigh feachtas Le Pen ar an ngéarchéim maidir leis an gcostas maireachtála, an t-ábhar imní is mó ag lucht vótála.
Ba é Jean-Luc Mélenchon, iarrthóir atá i bhfad amach ar an eite chlé, a tháinig sa tríú háit sa chéad bhabhta vótála agus 20% aige.
Maidir le cá rachaidh vótaí Mélenchon anois ba shoiléir an rogha a bhí ag an iarrthóir féin. “Ná tabhair oiread is vóta amháin do Marine Le Pen!” a dúirt sé faoi thrí ina óráid i ndiaidh fhógra na dtorthaí.
Mhol na hiarrthóirí eile go léir, seachas Eric Zemmour, pearsa theilifíse atá an-fhada amach ar an eite dheis, do dhaoine gan tacú le Le Pen sa chéad bhabhta eile.
Dúirt an Feisire Eorpach ón mBeilg, Guy Verhofstadt, gur anois a bhí an “cath mór” ag tosú.
Bhí coicís ann chun a chinntiú nach mbainfeadh “cairde” Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, an Elysée amach, a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh coicís ann chun an “liberté, égalité agus fraternité a neartú in aghaidh an údarásaíochais agus an fhuatha.
Beidh an dara babhta vótála ar siúl ar an 24 Aibreán.
Lonán Fiaċ Ó Lorgnáin
Beag iontas as an toradh so (murach gur ṁol Zemmour nach gcaithfí guth ar son a leathḃádóra mar ḋea na heite deise🤔) i bhfianaise ḟorġabháil na hÚcráine