‘Macalla Ospidéal na Leanaí’ le cloisteáil i scéal Ghaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach

Tá Gaelscoil Chnoc na Ré lonnaithe i gclubtheach de chuid Chumann Lúthchleas Gael ó bhí 1998 ann agus tá deich seomra réamhdhéanta ranga ar an láthair

Tá “macalla Ospidéal na Leanaí” le cloisteáil i scéal Ghaelscoil Chnoc na Ré i gcontae Shligigh, dar le Páirtí an Lucht Oibre. Tá an scoil lán-Ghaeilge, a bunaíodh i 1996, ag fanacht ar chóiríocht bhuan le beagnach 30 bliain anuas.

Dúirt an Seanadóir Nessa Cosgrove ó Pháirtí an Lucht Oibre sa Seanad go raibh cosúlachtaí idir scéal Ospidéal na Leanaí i mBaile Átha Cliath agus scéal na scoile i dtuaisceart Chonnacht agus go raibh airgead na gcáiníocóirí á chur amú.

“Tá macalla Ospidéal na Leanaí le cloisteáil sa scéal seo faoin am seo, a Aire. Sáraíodh tréimhsí feidhmíochta agus conarthaí gan phionós dá dheasca. Níor cuireadh clár athbhreithnithe [oibre] in iúl. Ní bhfuair an Roinn aon chlár [oibre] faoin scoil, fuarthas trí iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

“Tá an scoil tar éis ‘droch-chumarsáid’ a thuairisciú, agus a rá gur coinníodh eolas siar agus go bhfuil easpa idirbheartaíochta ann idir bainistíocht na scoile agus an Roinn Oideachais,” a dúirt Cosgrove.

Tá Gaelscoil Chnoc na Ré lonnaithe i gclubtheach de chuid Chumann Lúthchleas Gael ó bhí 1998 ann agus tá deich seomra réamhdhéanta ranga ar an láthair. Dúirt Cosgrove go bhfuil na háiseanna atá ag an scoil “thar a bheith bunúsach agus faoin chaighdeán” agus go bhfuil costais arda fuinnimh á n-íoc ann.

“Ainneoin go bhfuil suíomh feiliúnach, tacaíocht ó thaobh pleanála de, údarás áitiúla atá tiomanta – agus an chomhairle contae ag tacú go huile is go hiomlán leis an scoil – agus riachtanais cláir conartha atá an-sonrach, tá stad iomlán tagtha leis an togra foirgneamh nua a thógáil do Ghaelscoil Chnoc na Ré.

“Níl sé sin ceart, níl sé cothrom go gcaithfidh an scoil fanacht chomh fada leis seo ar fhreagra, agus ní mór don Roinn [Oideachais] rud éigin a dhéanamh faoi seo. Níl a fhios againn cad atá á dhéanamh againn anois,” a dúirt Cosgrove.

Agus í ag labhairt thar ceann an Aire Oideachais, Hildegarde Naughton, dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth go bhfuil sí ag glacadh leis go mbeidh Gaelscoil Chnoc na Ré i measc na 80 scoil atá le foirgneamh nua a fháil idir 2026 agus 2027, cé nárbh fhéidir léi an méid sin a dheimhniú agus í sa Seanad.

Dúirt Smyth go raibh tábhacht ar leith le scoileanna lán-Ghaeilge agus go mór mór i gcás leithéidí Ghaelscoil Chnoc na Ré nuair nach bhfuil ach aon Ghaelscoil amháin i gcontae ar leith.

Fág freagra ar '‘Macalla Ospidéal na Leanaí’ le cloisteáil i scéal Ghaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach'