Ná bac aon genus a tháinig romhat — an Ghréigis is an Laidin á n-iompar — ach tabhair ruaill léite ar an idirlíon nó go dtioca tú ar dhá ainmhí is fiche nárbh eol duit iad a bheith ann.
Tá an dugong le moladh, an líogar le hadhradh, agus an t-ochtapas dumbo, ní hé is measa. Scaoil tharat cluasa claí an bhaile. Gasta an tsúil a thabharfadh ocrach ar scáinte. Ní teacht aniar go samhail. Tusa an choimpeart agus tusa an ghin: seol is seol leat an mac tíre mongach, an fia badánach, an caochfhrancach lom.
‘True humility is not thinking less of yourself; it is thinking of yourself less.’ An ceart ag C.S. Lewis, dar ndóigh. Ach seo liom, ar chuma ar bith. Cuirimse tús le píosa próis ach teipeann orm teacht ar an réim, ar an rithim chuí.
Tugaim faoi dhán a chumadh ach arís, is dán aon oíche é:
Tá a fhios againne mná/ nach ionann súil is éisteacht/ agus tá a fhios againne fós/ go bhfadaíonn tost an béaldath.
Scanraíonn focail Clive James mé: ‘his prose was bad poetry, like his poetry’.
Ar chóir dul leis an mBéarla ar fad? Bhíos i láthair nuair a seoladh Poetry Ireland Review 113 le déanaí, eagrán speisialta in ómós do Seamus Heaney. Ba í an tAire Heather Humphreys a sheol. ‘Is mór againn tú a bheith linn, a Aire, bhí maidin chruógach agat’ a dúirt stiúrthóir Poetry Ireland agus í á cur i láthair. Bhí agus seachtain chruógach leis, a dúirt an lucht éisteachta de chogar.
Is éard atá sa bhailiúchán, aistí le nach mór leathchéad file agus iad ag caint ar a rogha féin dáin de chuid Heaney.
Léas roinnt d’abairtí tosaigh na n-aistí sin ar an mbus abhaile dom: ‘To buy a book of poems is a weird thing to do.’ ‘Everyone has a story about 9/11. Mine is about Seamus Heaney’ agus ‘If people bet on vowels the way they bet on racehorses, then after the publication of Death of a Naturalist in 1966, the smart money would have been on the letter U to win out as Seamus Heaney’s signature vowel’. Agus mar sin de.
Tá rud éigin faoi stíl na n-abairtí thuas nach réitíonn liom. Is mian le filí an bhailiúcháin bheith ionraic tomhaiste, maith go leor — ní nós le lucht pinn ná níor chóir do lucht pinn rí a dhéanamh d’éinne. Ach thairis sin, tá snabstíl na n-abairtí céanna ag teacht lena bhfuil á fhoilsiú go forleathan. Samplaí is ea iad den chineál próis atá in uachtar sna nuachtáin agus ar fud an idirlín, stíl a chleachtaimse, de m’ainneoin féin.
Cá dtosódh duine, mar sin, agus Tuairisc.ie beo ar an scáileán?
Súil siar a theastódh, de réir na scríbhneoirí seanbhunaithe (iad siúd a shíleann nach léann éinne ach iad féin an dea-scéalaíocht).
Tá an Rúraíocht ann agus tá an Rúraíocht thar cinn:
‘Cad iad an iomadúlacht mhór beithíoch imdhíscire úd, a Iúir?’ ar Cú Chulainn. ‘Cé acu peataí nó ois allta iad?’ ar sé.
‘Is ois allta, cheana,’ ar Iúr. ‘Eilbhín d’ois allta iadsan a bhíonn ar Shliabh Fuaid.’
‘Inis dom,’ ar Cú Chulainn leis an ara, ‘cé acu a mbeo nó a mairbh is áil le hUltaigh a thabhairt chucu.’
‘Is iontaí dóibh a mbeo,’ ar an t-ara. ‘Ní gach aon duine ar féidir leis sin a dhéanamh. Maidir lena mairbh, áfach, níl duine acu féin nach ndéanfadh é. Ní féidir duitse aon cheann acu a bhreith leat ina bheatha.’
Ach cá bhfágann ‘na hois’ an mac tíre mongach, an fia badánach agus an caochfhrancach lom?