Má theastaíonn ionadaithe tofa maithe uait, vótáil!

Ní beag an rud ár saoirse ná ár gceart chun vótála agus ní tearc na fáthanna gur fiú agus gur chóir vótáil

Má theastaíonn ionadaithe tofa maithe uait, vótáil!

An gcuirfidh mórán toghthóirí de dhua orthu féin vótáil Dé hAoine? Ní tearc na cúiseanna imní nach gcuirfidh, ach ní tearc ach oiread na fáthanna gur fiú agus gur chóir vótáil.

Níor vótáil ach duine fásta amháin as gach beirt sa stát sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla in 2014. Níor vótáil ach 44 faoin gcéad sa toghchán uachtaránachta anuraidh. Bhí cúiseanna suntasacha ar ndóigh le neamhthoil vótála an mhóraimh: ní raibh mórán iarrthóirí ardchaighdeáin san iomaíocht, agus bhí atoghadh an uachtaráin á thuar sna pobalbhreitheanna ó thús go críoch an fheachtais.

Shílfeá ar an gcéad amharc gur chóir go mbeadh toil vótála an phobail beagáinín níos láidre i mbliana, go háirithe má chuimhnítear nach rogha amháin ach trí cinn atá le déanamh ag vótóirí Dé hAoine, nó ceithre cinn i gcás trí chathair nó contae i gcúige Mumhan.

Beifear ag vótáil sa toghchán i gcomhair pharlaimint na hEorpa;

sa toghchán áitiúil; sa reifreann ar leasú an Bhunreachta maidir le colscaradh; agus sna reifrinn ar mhéara tofa i gCorcaigh, i Luimneach, agus i bPort Láirge. 

Mar sin féin, deir foinsí i ngach páirtí nach bhfuil spéis mhór á léiriú ag vótóirí sna roghanna atá rompu. Níl mórábhar feirge ná míshásaimh follasach sa tír i mbliana mar a bhí in 2014 (táillí uisce, déine an rialtais, cruas an AE). Cuimhnigh freisin nár vótáil ach 52 faoin gcéad i dtoghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana sin.

Ar ndóigh, tá go leor daoine míshásta – go háirithe mar gheall ar easpa tithíochta agus mar gheall ar thréimhsí fada feithimh sa tseirbhís sláinte. Faraor, de ghnáth ní dhúisíonn fadhbanna dá leithéid an cineál míshásaimh a mbíonn a thoradh seoiléir i dtoghcháin. Ní bhíonn móramh na vótóirí tinn ná gan dídean.

Mar sin féin, léirigh ceannlínte nuachta na seachtaine seo samplaí de na fáthanna gur fiú daoine díograiseacha cumasacha a thoghadh mar ionadaithe d’údaráis áitiúla agus do Pharlaimint na hEorpa. Is fiú vóta a chaitheamh freisin, ní le meas mór ar iarrthóir ar bith a léiriú, ach cun tacú le daoine a shíleann tú gur fearr iad, dá dhonacht iad, ná iarrthóirí eile. 

Sampla 1: Chuir an tseift Bhreatimeachta gan mhaith a d’fhógair Theresa May Dé Máirt i gcuimhne do mhuintir na hÉireann arís go bhfuil contúirt mhór ag bagairt ar an tír i gcónai, agus go mbeidh feisirí láidre riachtanach i Strasbourg sna blianta atá romhainn. 

Sampla 2: Rinne príomhfheidhmeannach nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid cur síos lom ar an bpríomhaidhm atá aige agus é ag dul i mbun oibre: a dheimhniú go gcloífidh gach ospidéal agus gach rannóg den tseirbhís leis an mbuiséad atá acu. Aidhm atá réasúnta, ach nach féidir í a chomhlíonadh go righin ná go hiomlán gan cur isteach ar dhaoine atá i ndíth chóireála nó chabhrach. 

Ní bheidh na comhairleoirí a thoghfar Dé hAoine ábalta fadhbanna mar seo a réiteach, ach beidh údarás acu nach mbeidh ag gnáthshaoránach toisc iad a bheith tofa. Beidh deis acu freisin tógáil tithe agus árasán a theastaíonn go géar a éascú nó a stopadh – fáth eile gur fiú a bheith páirteach i roghnú ionadaithe áitiúla.

An neartódh méaraí a thoghfadh an pobal feasta na comhairlí cathrach agus contae i gCorcaigh, i Luimneach agus i bPort Láirge? Tá sé ró-éasca droim láimhe a thabhairt scun scan leis an moladh (a bhfuil cur síos oifigiúil i nGaeilge air anseo). Is cuma má shíleann tú gur moladh fiúntach é, nó a mhalairt, léireoidh do vóta meas ar do chathair agus do chontae féin.

Ní cóir agus píosa ar mhaithe le daoine a ghríosadh chun vótála á scríobh i mbliana dearmad a dhéanamh ar chúis vótála amháin eile. Bhunaigh ionadaithe tofa na hÉireann ár gcóras daonlathach náisiúnta céad bliain ó shin.

Ní beag ár saoirse ná ár gceart chun vótála, a bhuí lena saothar. Úsáid é. Vótáil!

Fág freagra ar 'Má theastaíonn ionadaithe tofa maithe uait, vótáil!'