Má tá plean fadtéarmach ag an DUP, faoi rún atá sé go fóill 

Bhí sé de cháil ar an DUP le fada go raibh siad os cionn a mbuille maidir le teaicticí ach gur rí-annamh a bhí siad straitéiseach, má bhí riamh

Má tá plean fadtéarmach ag an DUP, faoi rún atá sé go fóill 

Ar aghaidh leat. Níl faitíos orainne  roimh thoghchán, a mhalairt atá fíor.  Ba í sin teachtaireacht Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP do Státrúnaí Thuaisceart Éireann. Tá sé fógartha arís agus arís ag an Státrúnaí Chris Heaton-Harris go ngairfidh sé toghchán Tionóil mura mbeidh Stormont athbhunaithe faoin 28 Deireadh Fómhair, coicís ón Aoine.

Rithfimid feachtas níos bríomhaire ná a rinneamar riamh cheana chun sainordú an phobail a fháil, arsa Donaldson le 250 toscaire ag an gcéad chomhdháil den pháirtí ó toghadh é ina cheannaire anuraidh. ‘Sé an sainordú a bheadh i gceist tacaíocht don mbaghcat ar Stormont go dtí go leasófaí an prótacal iar-Bhreatimeachta nó go dtabharfaí feidhm reachtúil don Bhille atá os comhair Theach na dTiarnaí chun na putóga a bhaint as an bprótacal.

Ba é foláireamh an fheisire Donaldson don Státrúnaí, do rialtas Liz Truss, don Bhruiséil agus do rialtas na hÉireann nach raibh an DUP ag drannadh le comhghéilleadh faoin bprótacal ach ag treisiú ar an bhfeachtas ina choinne. Ní fhillfeadh siad ar an bhFeidhmeannas ar bhonn geallúintí faoi athruithe ar an bprótacal cuma cé chomh fada is a thógfadh sé.

Ní leor briathra, teastaíonn gníomhartha chun stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe a thabhairt ar ais, stádas atá scriosta ag an bprótacal, dar leis.

Ba mhian leis an gceannaire go mbeadh sé le rá ag na glúnta d’aontachtaithe atá le teacht gur bhain an DUP amach réiteach fadtéarmach murab ionann agus leigheas gearrthéarmach.

Aidhm uaillmhianach nó aisling gan bhunús? Éilíonn réiteach fadtéarmach straitéis. Athrú mór ar chur chuige an DUP a bheadh ansin. Bhí sé de cháil orthu le fada go raibh siad os cionn a mbuille maidir le teaicticí ach gur rí-annamh a bhí siad straitéiseach, má bhí riamh. Ba bheag de chosúlacht a bhí ar an bpáirtí ag an gcomhdháil in óstán an Crowne Plaza i mBéal Feirste go raibh cur chuige nua aimsithe acu, bealach chun réiteach fadtéarmach a bhaint amach.

Tá buanú a stádais san Ríocht Aontaithe (raison d’être na n-aontachtach) níos tábhachtaí ná aidhm ar bith eile, a dúradh. Conas is féidir leo é sin a chinntiú sa bhfadtéarma nuair atá líon na ndaoine gur mian leo an Ríocht Aontaithe a fhágáil ag méadú agus an pobal aontachtach ag dul in aois? Port a bhí cloiste cheana a bhí mar fhreagra ag Jeffrey Donaldson. Mar a dúirt ceannairí eile, Peter Robinson, cúpla babhta agus Arlene Foster uair, dúirt Donaldson freisin gur ghá tacaíocht don aontas a ghnóthú ó dhaoine nach den traidisiún aontachtach iad.

Níor deineadh tada faoin bplean sin le dhá bhliain déag ó seoladh i dtosach é. A mhalairt de thoradh a bhí ar iompar an DUP i leith an Bhreatimeachta. Ar éigean a d’fhéadfaí cothú athmhuintearais a ghlaoch ar ghearáin faoin nGaeilge nó faoi ghinmhilleadh a chualathas Dé Sathairn gan trácht ar an ngéarú ar a neamhghéilliúlacht don bprótacal agus droim láimhe do Stormont le linn géarchéime eacnamaíochta.

Seanphort eile is ea gur chontúirt don aontas é an t-easaontas – nó an iomaíocht- i measc aontachtaithe. Nach íorónta.  Páirtí a bunaíodh chun an seanreacht aontachtach a bhriseadh ag gearán faoi iomarca páirtithe aontachtacha nuair is iadsan an bhunaíocht. Ní raibh col ar bith acu le heasaontas nuair a rith siad feachtas fíochmhar chun David Trimble a chur dá chois. Mar sin féin ní hí seo an chéad uair ag an DUP ag éileamh aontas aontachtach – theastaigh sé uathu i dtuaisceart Bhéal Feirste, cuir i gcás, le haghaidh toghchán Westminster mar sciath chosanta do Nigel Dodds. Dúirt Jeffrey Donaldson leis na toscairí gur bhotún é a cheapadh nach baol do shuíocháin aontachtacha an ionadaíocht chionmhar; chaill an DUP suíocháin dá bharr sa Bhealtaine seo caite, ar sé. Gan dabht tá sé ag iarraidh a chinntiú nach sceithfear vótaí chuig an TUV má bhíonn toghchán ann go luath. Cúis eile leis an ngéarú ar an diúltú don bprótacal is ea an bhagairt ón TUV.

Cuireadh fáilte roimh an dreas nua cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach ach ní ghlacfadh siad le ‘géilleadh fealltach’. Ba léir gur chúis imní ag go leor den bhallraíocht an dea-chaidreamh, fíor nó cur i gcéill, idir an Bhreatain agus Éire is an AE. Bhí daoine neirbhíseach faoina raibh i ndán dóibh, ach iad aontaithe gur faoi rialtas na Breataine an imirt, gur cheart don Státrúnaí Chris Heaton-Harris éisteacht go cúramach leo agus go gcuirfidís cos i dtaca mar is dual dóibh. Ach plean gnímh nó straitéis don réiteach fadtéarmach?  Má tá ceann acu is rún fós é.

Fág freagra ar 'Má tá plean fadtéarmach ag an DUP, faoi rún atá sé go fóill '

  • Pól Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe

    –Idir an dá linn ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe agus lucht na maoine —

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie Truss, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

  • Séamus Ó Súilleabháin