Shílfeá gur galar tógálach é. Moill i ndiaidh moille ar ospidéil amhail is gur cheart glacadh leis ag an tús go sárófar spriocanna ama agus caiteachais. An bhfuil dlí nó prionsabal rúndiamhair eolaíochta ann a rialaíonn nach féidir ospidéal a thógáil agus a chur i seirbhís an phobail in am agus ar an bpraghas ceart?
Tá seantaithí ar oscailt ospidéil a bheith á cur ar mhéar fhada ar dhá thaobh na teorann sa tír seo. Cuid den fhuaimrian laethúil ó dheas is ea cáineadh ar an moill ar Ospidéal Náisiúnta na Leanaí ach tá raic sa Tuaisceart faoin aicíd chéanna. Spréach polaiteoirí an tseachtain seo faoina thuilleadh moille a bheith ar ospidéal a bhí in ainm is a bheith i mbun oibre breis is naoi mbliana ó shin. Tá plé anois ar fhiosrúchán poiblí.
An tOspidéal Máithreachais Réigiúnach do Thuaisceart Éireann atá i gceist, é suite in eastát an RVH, Ospidéal na Banríona Victoria in iarthar Bhéal Feirste. Ghlac an tIontaobhas Sláinte i mBéal Feirste leis an bhfoirgneamh i mí an Mhárta nuair a ceapadh gur ghearr go mbeadh deireadh leis an bhfeitheamh fada. Cuireadh dlús ansin leis an obair chun seirbhísí máithreachais agus leanaí nuabheirthe a aistriú isteach sa bhfoirgneamh nua galánta.
Le linn na réamhoibre sin fuarthas amach go raibh an baictéar súdamónas sa chóras uisce. Dearbhaíodh san Tionól le déanaí go raibh an baictéar san tríú cuid de na píopaí, 459 ar fad. Ní raibh an tIontaobhas in ann a rá cé chomh fada is a thógfadh sé chun an truailliú a leigheas.
Ba é an scéal go raibh fabht nua eile aimsithe a chuir an lasair sa bharrach in Stormont le gairid. Ba léir go raibh an tAire Sláinte Mike Nesbitt ar buile nuair a d’inis sé don Tionól ag tús díospóireachta faoi chúrsaí sláinte go bhfuair sé scéala an mhaidin sin faoin bhfadhb úr. Bhí sé tagtha chun solais go raibh rud éigin as alt sna píopaí gáis míochaine san aonad leanaí nuabheirthe. Bheadh sé an-chontúirteach do leanaí nuair is goilliúnaí atá siad an soláthar gáis míochaine a bheith ró-láidir, ró-lag, nó as cor ar aon bhealach.
Ní fios cé mhéad moille a chuirfidh an fabht sin ar oscailt an ospidéil; deirtear nár cheart go dtógfadh sé achar fada na píopaí a chur i bhfearas ach táthar amhrasach i bhfianaise a bhfuil tarlaithe go dtí seo.
Bhí sé fógartha sular aithníodh na fabhtanna seo go raibh costas an ospidéil méadaithe ó £57.2 milliún go £97.1 milliún. Ní bheadh iontas ar éinne dá mbeadh an costas dúbailte faoin am a mbeidh cóir leighis ar fáil. Is iomaí othar a bheadh bainte de liosta feithimh nó oibrí sláinte sa bhreis a bhfuil géarghá leo a bheadh fostaithe ar £50 milliún. Ní hamháin go bhfuil moill ar sheirbhísí riachtanacha agus idir othair agus foirne d’uireasa na hacmhainní nua-aimseartha a gealladh dóibh ach tá na himpleachtaí airgeadais tromchúiseach. Ar ndóigh ba cheart gach pingin atá riachtanach a chaitheamh ar ospidéal máithreachais agus ar aonad do leanaí nuabheirthe ach níl an sparán poiblí sách ramhar le costas neamhphleanáilte a sheasamh.
Bheadh an scéal dona go leor dá mba eisceacht é an t-ospidéal máithreachais. Ach ní hea. Nuair a osclaíodh an lárionad cúram criticiúil in 2020 bhí sé seacht mbliana mall agus suas le £60 milliún thar bhuiséad. Tá an lárionad thar barr agus is maith ann é. Gan dabht beidh ospidéal na leanaí ar fheabhas freisin cibé uair a chuirfear bailchríoch air – 2029 a luaitear anois (naoi mbliana thar sprioc) agus an costas méadaithe ó £223 milliún go £590 milliún.
Beidh faobhar sa díospóireacht faoi na ceisteanna seo san tréimhse seo romhainn. Tá fios curtha ag coiste sláinte Stormont ar ionadaithe an Iontaobhais chun cuntas a thabhairt maidir leis an ospidéal máithreachais. Tá go leor cainte ag Teachtaí Tionóil faoi fhiosrú poiblí. N’fheadar arbh fhiú an costas. Ar éigean is gá fiosrú poiblí chun na heasnaimh agus na laigí a aithint. Sé leigheas agus ceartú na mbotún atá riachtanach lena chinntiú nach ndéanfar a leithéid arís. Cibé cinneadh a dhéanfar, ní mór a dhul i ngleic leis an dúshlán faoi phráinn.
Fág freagra ar 'Lucht Stormont ar buile agus costais bhreise agus tuilleadh moille i ndán d’ospidéal nua eile'