Lucht agóide sa Ghaeltacht sásta gur tharraing Conor McGregor aird ar a gcás 

Thagair an t-iar-throdaí UFC conspóideach do scéal Óstán Charna agus é ag plé cúrsaí inimirce leis an láithreoir teilifíse Meiriceánach Tucker Carlson

Lucht agóide sa Ghaeltacht sásta gur tharraing Conor McGregor aird ar a gcás 

Tá an grúpa atá i mbun agóide in aghaidh plean ionad d’iarrthóirí tearmainn a dhéanamh d’Óstán Chuan Charna i gConamara “sásta” go bhfuil aird tarraingthe ag Conor McGregor ar a gcás.

Thagair an t-iar-throdaí UFC conspóideach do scéal Charna agus é faoi agallamh ag an láithreoir teilifíse Meiriceánach Tucker Carlson i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Thagair McGregor go sonrach do Charna agus é ag trácht ar chúrsaí inimirce in Éirinn.

“Tá contaetha ann atá ag cur thar maoil anois díreach. Tá contae in Éirinn, Carna. Is contae Gaeltachta é. Is baile Gaeltachta é. Agus tá níos mó ionad IPAS…b’áit chónaithe d’Úcránaigh é, agus anois táthar á iompú ina ionad IPAS.

“Agus tá sé ar cheann de na háiteanna deireanacha a bhfuil ár dteanga ann. Agus tá sé sin féin á phlódú anois, agus tá na daoine, an bhfuil fhios agat, tá na daoine amuigh ar na sráideanna ina aghaidh. Tá sé ag tarlú i gcontaetha ar fud na hÉireann, cinnte,” a dúirt McGregor le Carlson.

Tá sé ráite go minic ag McGregor le cúpla mí anuas go bhfuil spéis aige in uachtaránacht na hÉireann agus luaigh sé arís san agallamh caoga nóiméad le Carlson gur mhaith leis a bheith ar an bpáipéar ballóide i mbliana. Fuarthas freagrach é as ionsaí gnéis a dhéanamh ar Nikita Hand anuraidh agus leagadh air os cionn €248,000 a íoc léi dá bharr. Tá achomharc faoin gcás le héisteacht.

Dúirt urlabhraí an ghrúpa atá i mbun agóide i gCarna, Meadhbh Ní Ghaora, le Tuairisc go bhfuil an grúpa sásta go bhfuil McGregor ag tarraingt airde ar chás Óstán Chuan Charna agus “nach ndéanfadh sé aon dochar” dá mbeadh an trodaí aitheanta ina uachtarán ar an tír.

“Ní fhaca mé an t-agallamh ar fad, ach chonaic mé an mhír inar luaigh sé Carna agus tá muid sásta go bhfuil sé ag tarraingt airde ar an gcás anseo i gCarna. Ní dhéanfadh sé aon dochar, is dóigh, dá mbeadh sé ina uachtarán, ach an rud is mó faoi ná go mbeadh a fhios ag na polaiteoirí go bhfuil muid ag caint faoi [Óstán Chuan Charna],” a dúirt sí le Tuairisc.

Tá an agóid i gCarna “ar sos” faoi láthair, a deir Ní Ghaora, ach tiocfaidh lucht na hagóide le chéile arís ag deireadh na míosa seo chugainn leis an gcéad chéim eile ina bhfeachtas a phlé.

“Rinne muid aon lá dhéag, agus shocraigh an dream a bhí amuigh briseadh a thógáil go dtí deireadh mhí na Bealtaine. Tháinig bean ón Roinn [Imeasctha] anuas agus bhí cruinniú againn léi. Dúirt sí nach mbeadh aon rud ag tarlú go dí an chéad chúpla lá de mhí an Mheithimh.

“Tosóidh siad ag déanamh measúnachta ar an óstán i mí an Mheithimh mura bhfuil an t-iarratas tarraingthe siar ag an bhfear ar leis é nó mura bhfuil sé díolta aige. Beidh cruinniú ann roimhe sin ag an dream a bhí amuigh ag tabhairt cúnaimh,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Ghaora le Tuairisc gur “díbríodh” daoine as áiteanna eile timpeall na hÉireann a bhí ag iarraidh páirt a ghlacadh san agóid i gCarna agus go raibh muintir an bhaile ag faire ar an óstán lá agus oíche ar fhaitíos go ndéanfaí dochar don fhoirgneamh.

“Is é an fáth a raibh muid amuigh lá agus oíche ná nach raibh muid ag iarraidh go ndófaí an t-óstán. Bhí dream as timpeall na tíre ag iarraidh teacht agus a bheith ann linn ach dhíbir muid iad mar níor thuig siad an scéal. Dúirt muid leo gur rud pobail a bhí ann,” a dúirt sí.

Chruinnigh thart ar 100 duine taobh amuigh d’Óstán Chuan Charna ag deireadh mhí an Mhárta nuair a scaipeadh ráfla nach raibh fíor go raibh bus ar a bhealach go dtí an ceantar le hiarrthóirí tearmainn a thabhairt ann.

Dúirt an Roinn Imeasctha ag an am nach ndéanfaí aon chinneadh go ceann trí mhí faoi chonradh a thabhairt don óstán Gaeltachta le feidhmiú mar ionad d’iarrthóirí tearmainn. Deir an Roinn Imeasctha go dtabharfar deis do dhaoine ó Charna forbairt a dhéanamh ar phlean go gceannófaí an t-óstán le go mbeadh sé oscailte don phobal arís.

Fág freagra ar 'Lucht agóide sa Ghaeltacht sásta gur tharraing Conor McGregor aird ar a gcás '

  • Aoife

    de réir dealraimh tá sé ina mhargadh déanta

  • Seán Ó Flaithearta

    Is cosúil go bhfuil sé anois níos inghlactha ag roinnt daoine fáilte a chur roimh thacaíocht ionsaitheoir gnéis maidir lena gcás, ná fáilte a chur roimh theifigh…

  • Liam Carson

    “Agus tá sé ar cheann de na háiteanna deireanacha a bhfuil ár dteanga ann. Agus tá sé sin féin á phlódú anois, agus tá na daoine, an bhfuil fhios agat, tá na daoine amuigh ar na sráideanna ina aghaidh. Tá sé ag tarlú i gcontaetha ar fud na hÉireann, cinnte,” a dúirt McGregor le Carlson.

    Muise, ní raibh fhios agam go raibh Gaeilge líofa ag McGregor… nó fiú amháin ag Tucker Carlson

  • náireach

    “Is é an fáth a raibh muid amuigh lá agus oíche ná nach raibh muid ag iarraidh go ndófaí an t-óstán”

    Ar chum McGregor an ceann sin? Cé dó nach ndéanfadh sé dochar dá mbeadh sé ina Uachtarán? Don lucht réamh-dóiteáin?

  • Pat Butler

    Tagaim go huile is go hiomlán le spake Sheáin Uí Fhlaithearta agus Liam Carson thuas. Bhíodh seanfhocal Béarla ag m’athairse go mb’fhiú dóibh – don ngrúpa agóide thuasluaite – ceann ceart a thabhairt dó. Sé sin – ‘Show me your friends and I’ll tell you what you are.’
    Le cairde mar Conor McGregor…. Agus araile!

  • Páid Ó Donnchú

    Mar atá ráite agam le fada- mara bhfuil polaiteoirí deasa sásta plé leis na fadhbanna cruthaithe ag an iomarca inimirce, beidh an fhadhb pléite ag polaiteoirí nach bhfuil chomh deas sin.

    Is minic ciúin ciontach.