Lóchrann de leabhar don Bhéarlóir agus don Ghaeilgeoir

Léiríonn na focail bheaga in A History of Ireland in 100 Words an nasc beo sa Ghaeilge idir sean agus nua ar bhealach an-ealaíonta ar fad

Lóchrann de leabhar don Bhéarlóir agus don Ghaeilgeoir

Dírithe ar an chainteoir Bhéarla atá an leabhar ach is beag duine le Gaeilge nach mbainfidh sult agus tairbhe as A History of Ireland in 100 Words a léamh

Leabhar slachthmhar galánta atá ann mar A History of Ireland in 100 Words (Acadamh Ríoga na hÉireann), foilsithe faoi chlúdach deas gorm, líon lán le léaráidí den scoth le Joe McLaren agus lán go doras le míreanna beaga blasta ar fhocail Ghaeilge atá scríofa ag saineolaithe; Sharon Arbuthnot, Máire Ní Mhaonaigh agus Gregory Toner.

Dírithe ar an chainteoir Bhéarla atá an leabhar ach is beag duine le Gaeilge nach mbainfidh sult agus tairbhe as a léamh. Tá lear mór focal ann atá coitianta sa chaint agus focail a d’aithneodh an cainteoir Gaeilge ba lú cumas: abhainn; amach; Béarla; céilí; cill; damhsa; Fianna; grá; litir; punt; scéal, Taoiseach agus úll, gan ach dornán a lua. Tá sliocht beag próis i mBéarla le gach aon fhocal, sleachta a mheallann eolas, iontas, gáire agus buíochas as an léitheoir.

Tóg focal chomh simplí le ‘fuinneog – a window on the world’. Focal breá simplí atá ann agus is minic a chaitheann iriseoirí mórán ama ag amharc amach an fhuinneog. Agus an t-eolas? ‘Modern Irish fuinneog ‘window’ (earlier fuindeóc) was borrowed from Old Norse vindauga, which itself is a compound word formed from vindr ‘wind’ and ‘auga’ eye…’

Déanann na húdair cur síos ar an fhocal agus mar a tháinig forbairt air. Tá sliocht as Annálacha na Ceithre Máistrí a bhaineann le cath sa bhliain 1595 agus tagairt do Bhanc na hÉireann agus a chuid fuinneog sna 1730idí. I mbeagán focal, camchuairt lán samhlaíochta atá ann, camchuairt a thugann léargas duit ar fhorbairt na fuinneoige.

Ní bheidh an radharc as an fhuinneog mar an gcéanna go deo arís.

Is mar an gcéanna atá an scéal leis na focail eile; tugann gach aon uile cheann acu ceacht duit; tugann siad léargas duit ar an teanga agus cuireann siad préamhacha na teanga i gcuimhne duit.

Tóg focal deas simplí eile – arán. “The basic medieval Irish word for ‘bread’, arán, has survived down to modern times. It contains the word for ploughing (ar), reflecting the intimate connection of bread with agriculture and the cultivation of cereals.”

An raibh a fhios agat gur tháinig arán ó ‘ar’? Ní raibh a fhios sin agamsa agus is iontach mar a spreagann an t-eolas sin machnamh agus mar a dhéanann tú cogaint ar an fhocal mar a dhéanfá ar phíosa deas aráin féin. Amharc fosta ar an chur síos a dhéanann na húdair leis an fhocal a shoiléiriú – “intimate connection”. Tá sé sin go hálainn ar fad mar chur síos agus fóirsteanach mar íomhá fosta.

Agus ag caint ar intimate connections. Tóg an focal ‘cara’: “Like the modern word, Old Irish carae denoted a friend or, less often, a relative. But early cairde ‘friendship’ took on senses that have not been retained by its modern counterpart. When Queen Medb offers ‘the friendship of my own thighs’ (cardes mo shliasta-sa fessin) in the ‘The Cattle Raid of Cooley’, for example, it is obvious that she has sex in mind. Equally unsubtle is the suggestion in ‘The Courtship of Étain’ that the Dagda desires another god’s wife in cairdes collaide, that is, ‘carnal friendship’.”

Anois déan do mhachnamh air sin an chéad uair eile a chuireann tú ceann ar do litir le “A chara”! (Cad chuige nach raibh eolas mar seo le fáil san Old Irish Workbook agus mé i m’fhochéimí? Dá mbíodh, seans, seans, go dtabharfainn aird ar an tSean-Ghaeilge.)

Sin bua mór eile de chuid an leabhair seo, a bhuíochas sin le saineolas na n-údar ar an tSean-Ghaeilge; cuireann siad i gcuimhne duit a ársa agus atá an teanga. Sea, cinnte, tá a fhios agam gur minic a bhíonn muid ag caint ar aois na teanga agus a uaisle agus atá sí. Ach léiríonn na focail bheaga seo an nasc beo idir sean agus nua ar bhealach an-ealaíonta ar fad.

Is cinnte gur thug tú cuairt ar an iarsmalann lá den tsaol agus is cinnte gur stán tú ar iarmsaí – clocha agus claimhte – agus iad i dtaisce faoi ghloine. Níl cead agat na hiarsmaí sin a thógáil ar eagla dochar a dhéanamh dóibh. Ach tugann na húdair na focail seo duit; tógann siad as an chás taispeántais iad agus bíonn deis agat iad a mhuirniú.

Ar eagla go bhfuil sin ró-rómánsúil ar fad. Seo chugat an focal ‘cac’ agus scéal ón tSean-Ghaeilge: “While the expression ‘shit on face’ (cacc for enech) might have been appropriate to describe Bricriu’s predicament, this phrase is actually used metaphorically by early legal scholars to refer to someone who had fallen into disrepute.”

Tá an t-am againn ár n-oidhreacht a athghabháil. Agus olltoghchán ann, is cinnte go mbeidh deis ann ‘cacc for enech’ a athbheo agus ní droch-chaint a bheadh ann ach cultúr.

Lóchrann de leabhar.

Fág freagra ar 'Lóchrann de leabhar don Bhéarlóir agus don Ghaeilgeoir'

  • colm

    Thar a bheith suimiúil.

  • Seán Ó hAodha

    Is mór an trua go raibh an léirmheas a rinne Pól Ó Muirí an tseachtain se caite ar leabhar ríthábhachtach Sheáin De Fréine “Croí Cine” faoi smacht ag cur síos diúltach faoi cliché leadránach “bastard beag an Bhéarla”. Is beag ómós a léirigh Pól Ó Muirí don éacht a rinne Seán De Fréine.
    Obair shaoil atá i gCroí Cine agus is “Lóchrann Leabhar” é agus is i nGaeilge atá sé. Níl an t-eolas ná an doimhneas céanna sg baint leis an leabhar Bhéarla seo.

  • Caoimhín

    Ceannóidh mé é gan dabht.