Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart 30% níos airde ná na figiúirí laethúla.

2,242 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime

Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart 30% níos airde ná na figiúirí laethúla.

Tá líon na ndaoine a raibh Covid-19 orthu a fuair bás sa Tuaisceart os cionn 30% níos airde ná mar a thugtar le fios i bhfigiúirí laethúla na Roinne Sláinte. 

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), faoi Dé hAoine seo caite, an 5 Meitheamh, bhí 779 duine básaithe de bharr Covid-19. 

537 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.

D’fhógair an Roinn tráthnóna go raibh duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe. 16 cás nua den ghalar a deimhníodh.

2,242 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,703 duine ó dheas den teorainn agus 539 ó thuaidh di.

30,076 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,238 cás ó dheas den teorainn agus 4,838 cás ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA tá laghdú tagtha ar líon na mbásanna de dheasca Covid-19 sa Tuaisceart don séú seachtain as a chéile.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ó NISRA bhain 404, nó 51.9%, den 779 bás a bhí ar an taifead acu ag deireadh na seachtaine seo caite le hionaid chúraim. 78 ionad cúraim a bhí i gceist. 137 ráig a bhí in ionaid chúraim an Tuaiscirt go dtí seo.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil a thuilleadh srianta scaoilte sa Tuaisceart, mar a bhfuil na siopaí oscailte arís agus cead ag grúpa de dheichniúr, nach maireann le chéile, bualadh le chéile taobh amuigh.

Idir an dá linn, dúirt príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, inniu go bhfuil imní air nach mbeidh dóthain leapacha ar fáil sna hospidéil an geimhreadh seo.  Bheadh gá, a dúirt sé, le níos mó leapacha ná riamh i mbliana agus ba í comhairle na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) 20% de leapacha ospidéil a fhágáil folamh.

Dúirt Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann an Dr Catherine Motherway gur chóir go mbeadh 30% de leapacha na n-aonad dianchúraim folamh ar eagla go dtiocfadh aon bhrúisc de chásanna Covid-19.

Thug Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) le fios inniu go raibh 64 othar ag fanacht ar leaba sna hospidéil ar maidin.

Fág freagra ar 'Líon na mbásanna de bharr Covid-19 sa Tuaisceart 30% níos airde ná na figiúirí laethúla.'