Le deich mbliana anuas tá líon na nAlbanach atá in ann an Ghàidhlig a labhairt dúbailte, de réir suirbhé nua.
Thug 30% de na daoine a ceistíodh le fios go raibh siad in ann roinnt Gàidhlig a labhairt, suas ó 15% in 2012.
Foilsíodh na torthaí mar chuid den Scottish Social Attitudes Survey, suirbhé bliantúil a fhaigheann an maoiniú ón rialtas.
Measatar gurb é úsáid na teanga i measc daoine óga ceann de na rudaí a spreag an t-ardú ar líon na gcainteoirí.
Dúirt 56% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go raibh siad ag iarraidh go mbeadh níos mó cainteoirí Gàidhlig ann. Léiríodh go raibh daoine a raibh teagmháil acu leis an nGàidhig, a chonaic nó a chuala an teanga á labhairt, níos báúla di.
Maidir leis an nGàidhlig sa chóras oideachais, cheap breis is leath (55%) díobh gur chóir go mbeadh an teanga á múineadh do gach gasúr scoile idir 5-15 bliain d’aois. Ardú suntasach go maith a bhí ansin ar an 38% a bhí ar an tuairim sin in 2020.
Chuir Bord na Gàidhlig fáilte roimh thorthaí an tsuirbhé agus dúirt gur dea-scéal a bhí ann don teanga. Dúradh gur léirigh na torthaí an tacaíocht shuntasach atá ann don Ghàidhlig i measc an phobail agus an fheasacht teanga atá ann.
“Tá an t-ardú ar úsáid na Gàidhig thar a bheith tábhachtach chun an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt sna blianta romhainn agus coinneoidh muid orainn ag obair go díograiseach chun tacaíocht a thabhairt don bhorradh seo,” a dúirt Mairi MacInnes, cathaoirleach Bhord na Gàidhig.
Dúirt an tAire Oideachais Shirley-Anne Somerville gur léirigh na torthaí go raibh ag éirí leis an tacaíocht ón rialtas chun an teanga a spreagadh.
Seoladh straitéis ar Oileán Mhanann an tseachtain seo a bhfuil sé mar sprioc aici líon na gcainteoirí Manainnise a dhúbailt faoi cheann deich mbliana.
De réir an daonáirimh is deireanaí, tá thart ar 2,200 duine ar an oileán atá in ann Gaeilge Mhanann a labhairt, a léamh nó a scríobh ach táthar ag súil go mbeidh 5,000 cainteoir ann faoi 2032.
Fág freagra ar 'Líon na gcainteoirí Gàidhlig dúbailte le deich mbliana anuas – suirbhé'