Tá oifigigh de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha ‘i mbun plé’ leis na húdaráis sa Ghearmáin faoi líomhaintí a rinne lucht agóide sa tír sin gur ordaíodh dóibh éirí as an nGaeilgeoireacht le linn léirsithe ar son na Palaistíne.
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Harris sa Dáil go raibh oifigigh a Roinne ‘ar an eolas’ faoi na líomhaintí agus go raibh foireann na Roinne i mBaile Átha Cliath agus i mBeirlín araon “i mbun plé leis an húdaráis chuí sa Ghearmáin faoin gceist”.
Dúirt sé go raibh oifigigh a Roinne féin agus oifigigh Ambasáid na hÉireann sa Ghearmáin “réidh le cúnamh consalachta” a thabhairt “sa chás go n-éileodh na saoránaigh atá i gceist é”.
“Tugann mo Roinn, lena n-áirítear ár n-ambasáidí agus consalachtaí ar fud an domhain, cúnamh consalachta do shaoránaigh na hÉireann atá i sáinn thar lear laistigh de shainchúram Chairt Chúnamh Consalachta na Roinne. Is croíchuid d’obair na Roinne é an cúnamh consalachta a chur ar fáil.
“Fearacht gach cás consalachta, breathnóidh mo chuid oifigeach ar gach cás ina cheann agus ina cheann le cinneadh a dhéanamh faoin gcomhairle agus cúnamh is fearr is féidir a chur ar fáil do shaoránaigh na hÉireann de réir na Cairte Cúnaimh Consalachta,” a dúirt Harris.
Bhí Harris ag freagairt ceiste sa Dáil ón Teachta Dála Pádraig Rice faoin scéala go bhfuil iarracht ar bun ag údaráis na Gearmáine beirt Éireannach a dhíbirt ón tír mar gheall ar an mbaint a bhí acu le hagóidí ar son na Palaistíne. D’iarr Rice ar an Aire Gnóthaí Eachtracha ráiteas a dhéanamh faoin scéala gur cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge ag agóidí sa Ghearmáin freisin.
Tuairiscíodh anuraidh go raibh cosc curtha ag póilíní na Gearmáine ar úsáid na Gaeilge ag campa agóide ar son na Palaistíne taobh leis an Reichstag i mBeirlín. Bhí timpeall 40 duine i láthair ag an ócáid sin a bhí ina “oíche cheoil agus comhrá i nGaeilge” dar le lucht a heagraithe.
Dúirt na póilíní leis an ngrúpa go raibh cosc ar labhairt agus canadh as Gaeilge ag an gcampa mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun.
Tugadh le fios don ghrúpa sin nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn ag an am gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus go raibh sé “náireach” go gcuirfeadh póilíní na Gearmáine cosc ar a húsáid.
“Feictear dúinn nach bhfuil aon chúis ann go gcuirfí iachall ar dhaoine Gearmáinis nó Béarla amháin a labhairt ag agóid ar son na Palaistíne sa Ghearmáin. Sa chás seo, cuireadh in iúl dúinn go ndúradh le roinnt cainteoirí Gaeilge a bhí ag freastal ar an agóid nach raibh cead acu Gaeilge a úsáid, teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.
“Dar linne, iompar náireach é seo ag póilíní na Gearmáine ar chóir dóibh, dar linne, seasamh le cearta teanga shaoránaigh an AE seachas na cearta teanga a shéanadh orthu,” a dúirt sé.
Rialacha
“mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun”
Cláraigh aistritheoir mar sin. Lean na rialacha. Tá fáth go bhfuil siad ann, níl cead ag aon ghrúpa “gríosú chun fuatha nó foréigin” a dhéanamh agus ní féidir leis na póilíní gach uile teanga a thuiscint.