Liam Prút, file agus scríbhneoir ildánach as Tiobraid Árann, ar shlí na fírinne 

Scríbhneoir go smior ab ea Liam Prút, file bisiúil tréithiúil agus úrscéalaí, gearrscéalaí agus léirmheastóir cumasach  

Liam Prút, file agus scríbhneoir ildánach as Tiobraid Árann, ar shlí na fírinne 

Tá Liam Prút, an scríbhneoir ildánach as Tiobraid Árann, ar shlí na fírinne.  

Bhí sé 83 bliain d’aois. Ba as an Aonach i gcontae Thiobraid Árann ó dhúchas do Liam Prút ach bhí sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath. 

Cnuasaigh filíochta is mó a chuir sé amach ach b’úrscéalaí agus gearrscéalaí cumasach chomh maith é agus tá na trí leabhar do pháistí a chum sé don tsraith Crúibín áirithe ag mórán i measc na scothshaothar aige. 

I 1972 a foilsíodh a chéad díolaim filíochta Fíon as Seithí Óir agus ar na cnuasaigh eile leis tá Asail, An Dá Scór, An Giotár Meisce, Loch Deirg-Dheirc, Plumaí, Gealadhram agus Cnap-Uaisle. 

Chomh maith le bheith ina scríbhneoir, thug Liam tamall ina bhráthair agus d’oibrigh sé ar feadh tréimhsí éagsúla mar mhúinteoir, mar léachtóir agus mar aistritheoir.  

San 1990idí thug sé tamall ina eagarthóir litríochta leis an iris Comhar, foilseachán a mbíodh a shaothar le feiceáil uirthi go minic.  

Ba iad na húrscéalta a tháinig óna pheann, Désirée, Geineasas, An Leanbh sa Lamborghini agus Sna Flaithis go hArd. Cnuasaigh gearrscéalta a léirigh a ilchumas ab ea Sean-Dair agus Scéalta nach Beag. 

Chuir sé in eagar Caithfear éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar agus ar Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar agus bhí suim mhór aige i gcás na teanga agus a litríocht.  

Cnuasach aistí leis féin ab ea Carraig Aonair: Aistí Faoin Naomh John Henry Newman agus ba mhinic an creideamh agus an spioradáltacht á gcíoradh aige ina shaothar. 

Ba scríbhneoir aistí critice den scoth é Liam féin agus cé nárbh eagal leis tuairimí láidre a nochtadh ba é b’aidhm aige go minic ná urraim an léirmheastóra ghéarchúisigh a léiriú do na sárscríbhneoirí a shíl sé nach raibh an t-aitheantas a bhí ag dul dóibh faighte acu.  

Cé gur ghnóthaigh sé go leor duaiseanna agus gur aithníodh feabhas a shaothair lena linn, déarfadh léirmheastóirí áirithe go raibh Liam Prút uaireanta i measc na scríbhneoirí Gaeilge sin ar tugadh níos lú airde ar a saothar ná mar a bhí tuillte acu. 

Bhí tuairimí láidre suimiúla aige faoin iliomad ábhar, ina measc teagasc na Gaeilge agus ról an stáit, an chórais oideachais agus an aosa pholaitiúil in imeallú na teanga. 

“Deirtí linne sna Nótaí d’Oidí (bunscoile) fadó gurbh í an Ghaeilge labhartha a bhíomar ceaptha a mhúineadh sa bhunscoil. Nemo dat quod non habet,” a scríobh sé i bpíosa tuairimíochta a foilsíodh ar an suíomh seo. 

File bisiúil tréithiúil ab ea Liam Prút a chum dánta a bhí liriciúil lán grá agus dánta a bhí polaitiúil lán feirge agus ba mhinic an greann agus an aoir sa treis aige chomh maith.  

Chumadh sé dánta ómóis go minic do dhaoine a raibh meas aige orthu agus ba mhór aige, mar shampla, gur thaitin dánta ómóis a chum sé faoi Jimmy Doyle go mór leis an ngaiscíoch iomána as Tiobraid Árann é féin. 

Mar údar agus file Gaeilge, bhraith sé uaireanta an easpa léitheoirí a bhíonn ina priacal ceirde ag an scríbhneoir mionteanga, ach chreid sé sa deireadh, mar a dúirt sé féin, i gcumas “inmheánach na Gaeilge féin —cumas nár chailleamar san uafás”.  

Beidh Liam Prút á thórramh ag teach tórraimh i dTeach Mealóg tráthnóna inniu, Dé Céadaoin, idir 5pm – 7pm.  Beidh Aifreann a shochraide ar siúl ag 11am i Séipéal Naomh Jude Aspal i fbPáirc Orwell I dTeach Mealóg. Cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Chill Mochióg.  

Maireann a dheirfiúr, Lily, a dheartháireacha, Pat agus Peter, a mhuintir agus a chairde eile. 

Fuair a bhean chéile ionúin Josephine bás roimhe, mar a rinne a dheirfiúracha, Bridie, Rose agus Mary agus a dheartháireacha Jack agus Nick. 

Fág freagra ar 'Liam Prút, file agus scríbhneoir ildánach as Tiobraid Árann, ar shlí na fírinne '

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis.

  • Breandán Ó Sé

    Duine lách agus scríbheoir den scoth ab ea é. Go ndéana Dia grásta air

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Suaimhneas síoraí chuige, an fear uasal.