Leithscéal ó eagraíocht mhúinte ceoil i gConamara faoi eolas míchruinn i dtaobh fadhbanna airgid

Deir an Gaelacadamh ar an Spidéal gur cúis mhór imní dóibh na deacrachtaí atá acu faoi láthair

Leithscéal ó eagraíocht mhúinte ceoil i gConamara faoi eolas míchruinn i dtaobh fadhbanna airgid

Ghabh eagraíocht cheoil i gConamara leithscéal le múinteoirí faoi eolas míchruinn a thabhairt dóibh faoin údar a bhí leis an moill ar a bpá.

Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag fiosrú cúrsaí airgeadais agus rialachais sa Ghaelacadamh, atá lonnaithe ar an Spidéal, ó tháinig sé chun solais nár íocadh roinnt múinteoirí dá gcuid le breis agus dhá bhliain.

Dúirt An Gaelacadamh i litir chuig a múinteoirí ar an 15 Meán Fómhair gurbh í Roinn na Gaeltachta a bhí freagrach as an moill leis na híocaíochtaí. Ach scríobh lucht na heagraíochta chuig na múinteoirí arís ar an 19 Meán Fómhair chun soiléiriú a dhéanamh ar an eolas a cuireadh ar fáil ceithre lá roimhe sin.   

Tugadh le fios sa litir úd “…nach raibh an Roinn freagrach as an moill a tharla d’íocaíochtaí” agus gabhadh leithscéal faoin méid a tugadh le fios sa chéad litir.

“Gabhaimid ár leithscéal gur tugadh a leithéid le fios sa litir a dáileadh Dé hAoine seo caite; bhí an tuiscint sin bunaithe ar an méid eolais a bhí againn faoin am sin. Táimid buíoch as an eolas úr atá tagtha chun cinn agus leanann iarrachtaí reatha i gcomhpháirtíocht leis an Roinn an fhadhb a réiteach.

“Gabhaimid ár leithscéal arís leatsa agus le do chomhghleacaithe as an moill ar íocaíochtaí, agus gabhaimid ár mbuíochas libh as bhur bhfoighne. Admhaímid arís gur cúis mhór imní dúinn na deacrachtaí seo agus leanann ár gcuid iarrachtaí dá réir.”

Tá thart ar scór múinteoirí idir cheoltóirí, dhamhsóirí agus amhránaithe fostaithe go páirtaimseartha ag an nGaelacadamh chun ranganna ceol traidisiúnta, damhsa agus amhránaíochta ar an sean-nós a theagasc i nGaeltacht Chonamara agus Árann.

Thart ar mhíle páiste a bhíonn ag freastal ar na ranganna.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil deontas €130,000 ceadaithe acu don Ghaelacadamh don bhliain 2017/18 ach nár íocadh aon chuid de leis an eagraíocht go fóill de bharr ceisteanna faoi riaradh na heagraíochta.

Tá gnéithe de chúrsaí rialachais an Ghaelacadaimh agus ceist an phá atá le híoc leis na múinteoirí á bplé ag Roinn na Gaeltachta leis an nGaelacadamh faoi láthair.

Chomh maith le maoiniú na Roinne, tá an Gaelacadamh ag brath ar tháillí ranga dá dteacht isteach. Tugtar le fios sa litir a scríobhadh ar an 15 Meán Fómhair chuig múinteoirí na heagraíochta go raibh moill ar tháillí ó roinnt scoileanna agus tuismitheoirí sa bhliain 2016/17.

Dúradh sa litir sin gur socraíodh ag cruinniú Boird ar an 20 Iúil “go ndéanfaí iarracht córas na dtáillí a leasú ionas nach gcuirfeadh moill ar tháillí isteach ar iarmhéid an chuntais reatha bhainc ná ar íocaíochtaí as sin, cuir i gcás, pá”.

Theip ar roinnt iarrachtaí a rinne an Gaelacadamh chun múinteoirí áirithe a íoc i rith an tsamhraidh.

Thug an Gaelacadamh le fios dá múinteoirí gur chlis ar an gcóras baincéireachta a bhíonn á úsáid acu le pá a íoc agus go raibh cruinnithe acu le feidhmeannaigh an bhainc le réiteach a fháil ar an bhfadhb.

D’iarr an Gaelacadamh ar an mbanc go gcuirfí síneadh sealadach leis an rótharraingt a bhí ceadaithe ar a gcuntas ar mhaithe le híocaíochtaí a dhéanamh.

Tá deacrachtaí airgid ag an nGaelacadamh ó aimsir na géarchéime airgeadais. Léirigh na cuntais is deireanaí a chláraigh an Gaelacadamh gur chuir iar-phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, duine de stiúrthóirí an chomhlachta, urrús pearsanta i dtaobh €89,500 ar fáil do Bhanc Uladh sa bhliain 2008.

In 2015, chuir an Gaelacadamh ar a súile dá bhfoireann teagaisc agus do Roinn na Gaeltachta araon go raibh an baol ann go dtiocfadh deireadh leis an eagraíocht de bharr deacrachtaí airgid.

Laghdaigh fiacha bainc na heagraíochta go dtí €57,432 le linn 2014, ach de réir a gcuntas ag deireadh na bliana sin, bhí caillteanas €100,000 i gceist.

Sa bhliain 2015, chuir an Gaelacadamh plean trí bliana i bhfeidhm leis na deacrachtaí a réiteach. Agus an plean sin réitithe, d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh deontas reáchtála trí bliana €390,000 don Ghaelacadamh.

Rinne an eagraíocht an córas íocaíochta acu a leasú agus bhí íocaíochtaí á ndéanamh go rialta ar feadh tamaill.

Ach tá an deontas a cheadaigh an Roinn don  Ghaelacadamh don bhliain 2017/2018 anois a choimeád siar de bharr na ndeacrachtaí airgid agus rialachais.

Dúirt an Gaelacadamh i ráiteas le Nuacht TG4 go leanfar leis na hiarrachtaí atá ar bun acu “i gcomhpháirtíocht le Roinn na Gaeltachta” na fadhbanna a leigheas.

Fág freagra ar 'Leithscéal ó eagraíocht mhúinte ceoil i gConamara faoi eolas míchruinn i dtaobh fadhbanna airgid'