‘Leithscéal ó chroí’ ó Uachtarán Ollscoil na Banríona le haon duine a ghlac masla lena fhreagra faoi chomharthaí Gaeilge

I ráiteas uaidh tráthnóna, dúirt Uachtarán feidhmeach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste James C McElnay go raibh go leor iarratas ar shoiléiriú faoi pholasaí Gaeilge na hollscoile faighte aige i bhfianaise na conspóide faoin bhfreagra a tugadh ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh

‘Leithscéal ó chroí’ ó Uachtarán Ollscoil na Banríona le haon duine a ghlac masla lena fhreagra faoi chomharthaí Gaeilge

Tá leithscéal gafa ag Uachtarán feidhmeach agus Leas-Sheansailéir Ollscoil na Banríona as an bhfreagra a thug sé ar éileamh Chumann Gaelach na hollscoile ar chomharthaíocht dhátheangach ar an gcampas i mBéal Feirste.

I ráiteas uaidh tráthnóna, dúirt an tUachtarán feidhmeach James C McElnay go raibh go leor iarratas ar shoiléiriú ar pholasaí Gaeilge na hollscoile faighte aige i bhfianaise na conspóide faoin bhfreagra a tugadh ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh.

Tugadh le fios sa bhfreagra sin gurb í tuairim na hOllscoile agus an Uachtaráin fheidhmigh go bhféadfadh comharthaí Gaeilge a bheith “provocative, offensive agus intimadatory”.

Dúirt James C McElnay tráthnóna:

“Tuigim gur chuir an freagra a thug mé ar an gcomhfhreagras seo imní ar dhaoine faoi sheasamh na hOllscoile i leith na Gaeilge agus ba mhaith liom leithscéal ó chroí a thabhairt má maslaíodh aon duine. Ba mhaith liom an deis seo a thapú tiomantas na hOllscoile don Ghaeilge a athdhearbhú,” a dúirt  Uachtarán feidhmeach agus Leas-Sheansailéir Ollscoil na Banríona.

Dúirt sé gur léiriú ar thiomantas na hollscoile don Ghaeilge na cúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil.

“Thacaigh an Ollscoil riamh le Cumann Gaelach QUB, ceann de na cumainn is sine san ollscoil, agus tá tionscnaimh éagsúla againn chun meas agus tacaíocht a léiriú don Ghaeilge agus í a chur chun cinn.

“Ina measc sin, tá sraith imeachtaí a tharlaíonn Seachtain na Gaeilge agus An Ciorcal Comhrá, a thugann deis do bhaill foirne na hollscoile ar mian leo Gaeilge a labhairt nó a chleachtadh teacht le chéile uair sa mhí. Leanfaimid linn i mbun na gcomhráite fiúntacha a bhíonn ar siúl go forleathan, ina measc plé leis  An Cumann Gaelach QUB, mic léinn, baill foirne, páirtithe polaitiúla agus daoine eile.”

Níor thapaigh Uachtarán feidhmeach na hOllscoile  an deis soiléiriú a dhéanamh ina ráiteas faoi sheasamh na hollscoile i leith cheist shonrach na comharthaíochta dátheangaí.

Tá sé ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí in Ollscoil na Banríona ó thug údarás na hollscoile le fios don Chumann Gaelach ansin go mbeadh sé “provocataive, offensive and intimidatory” comharthaí dátheangacha – Béarla agus Gaeilge – a chrochadh.

Chuir dearcadh na n-údarás “díomá agus fearg mhór” ar lucht na Gaeilge san ollscoil agus thuill freagra Oifig an Leas-Shainsealéara ar an éileamh ar chomharthaí Gaeilge diancháineadh ó ghrúpaí éagsúla. Beidh agóid ag éileamh ‘ceart agus cóir’ don Ghaeilge in Ollscoil na Banríona ar siúl lasmuigh de gheataí na hollscoile amárach ag An Cumann Gaelach agus an Dream Dearg.

Fág freagra ar '‘Leithscéal ó chroí’ ó Uachtarán Ollscoil na Banríona le haon duine a ghlac masla lena fhreagra faoi chomharthaí Gaeilge'