Glactha ag Comhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona le rún ag tacú le comharthaí Gaeilge

Tá sé ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí in Ollscoil na Banríona ó thug údarás na hollscoile le fios don Chumann Gaelach ansin go mbeadh sé 'provocataive, offensive and intimidatory' comharthaí dátheangacha a chrochadh ar an gcampas i mBéal Feirste

Ghlac Comhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste aréir le rún go gcuirfí suas athuair comharthaí dátheangacha ar champas na hollscoile.

Vótáil tromlach na ndaoine a bhí i láthair ag cruinniú den chomhairle a bhí ar siúl aréir ar son an rúin ag tacú leis an éileamh go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil arís ar chomharthaí an champais i ndeisceart na cathrach.

Cinneadh go n-oibreodh Uachtarán an Aontais agus Oifigeach Comhionannais agus Éagsúlachta an Aontais “go dlúth” le Cumann Gaelach na hOllscoile chun a chinntiú go dtabharfaí ar ais na comharthaí dátheangacha a bhíodh ar an gcampas nó gur baineadh anuas iad i 1997.

Diúltaíodh ag an gcruinniú do leasú ar an rún a raibh faoi a chinntiú go mbeadh an Ultais le feiceáil chomh maith ar aon chomharthaí a chrochfaí amach anseo.

Tá sé ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí in Ollscoil na Banríona ó thug údarás na hollscoile le fios don Chumann Gaelach ansin go mbeadh sé “provocataive, offensive and intimidatory” comharthaí dátheangacha – Béarla agus Gaeilge – a chrochadh.

Chuir dearcadh na n-údarás “díomá agus fearg mhór” ar lucht na Gaeilge san ollscoil agus thuill freagra Oifig an Leas-Shainsealéara ar an éileamh ar chomharthaí Gaeilge diancháineadh ó ghrúpaí éagsúla. Beidh agóid ag éileamh ‘ceart agus cóir’ don Ghaeilge in Ollscoil na Banríona ar siúl lasmuigh de gheataí na hollscoile amárach ag An Cumann Gaelach agus an Dream Dearg.

Ba í Grian Ní Dhaimhín, ball de chomhairle an Aontais agus den Chumann Gaelach, a mhol an rún. Dúirt sí go ndearna an Cumann Gaelach éileamh “simplí” ar Oifig an Leas-Shainsailéara agus gur “masla” a fuair siad mar fhreagra. Dúirt sí gur thacaigh Comhairle Aontas na Mac Léinn cheana leis an éileamh ar acht Gaeilge agus nach raibh aon chúis ann nach bhféadfadh na mic léinn a léiriú do pholaiteoirí Stormont go raibh siad sásta “ceannaireacht” a thaispeáint.

Dúirt údaráis Ollscoil na Banríona an tseachtain seo go mbeifí sásta bualadh le Cumann Gaelach na hollscoile agus conspóid mhór ann mar gheall ar dhearcadh na n-údarás faoin éileamh go gcrochfaí chomharthaí Gaeilge ar champas na hinstitiúide tríú leibhéal i mBéal Feirste.

I ráiteas a tugadh do Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí de chuid na hOllscoile go rabhthas sásta cruinniú a bheith acu leis an gCumann Gaelach i bhfianaise na conspóide, ach níor thapaigh siad an deis soiléiriú a thabhairt maidir lena ndearcadh faoin éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach.

Dúirt urlabhraí na hOllscoile le Tuairisc.ie gur léiriú ar “thiomantas láidir” na hollscoile “d’fhorbairt na Gaeilge” na cúrsaí Gaeilge a chuireann Dámh na nDán, na nDaonnachtaí  agus na nEolaíochtaí Sóisialta ar fáil.

“The University values and celebrates the diversity of all its staff and students and will be happy to meet with An Cumann Gaelach QUB,” a dúradh.

Sa fhreagra a sheol oifig an Leas-Sheansailéara in Ollscoil na Banríona ar litir an Chumann Ghaelaigh inar éilíodh comharthaí dátheangacha don champas, tagraíodh do Pholasaí Comhionannais agus Éagsúlachta na hollscoile agus don mhír ann a chuireann roimpi “timpeallacht shíochánta” a chothú.

Deir an mhír sin den pholasaí go bhfuil an Ollscoil tiomanta “to providing a good and harmonious environment free from flags, emblems, posters, graffiti or other materials or actions or language likely to be provocative, offensive and intimidatory”.

Chuir an freagra sin “díomá agus fearg mhór” ar Chumann Gaelach na hollscoile agus spreag sé cáineadh láidir ó ghrúpaí agus daoine eile.

Dúirt Leas-Stiúrthóir Committee on the Administration of Justice CAJ, Daniel Holder, le Tuairisc.ie go léiríonn freagra na hollscoile ar éileamh an Chumainn Ghaelaigh go bhfuil “léamh mícheart” déanta acu sa chás seo ar an reachtaíocht maidir le cúrsaí comhionannais.

Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona le rún ag tacú le comharthaí Gaeilge'