Leis an gcuma atá ar Bhaile Gunnair faoi láthair, beidh sé deacair iad a stopadh

Nuair a bheidh an Nollaig caite ag imreoirí áirithe, beidh cúpla seachtainín sosa ag agus ansin tosnóidh sé ar fad arís

Leis an gcuma atá ar Bhaile Gunnair faoi láthair, beidh sé deacair iad a stopadh

Ag deireadh na seachtaine seo chugainn, beidh turcaí againn, nó pé rud a bhíonn mar dhinnéar Nollag i do theachsa. Ach i saol na n-imreoirí idirchontae atá ag imirt an deireadh seachtaine seo i gcluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann na gClubanna, tá bliain amháin tar éis sleamhnú díreach isteach sa chéad cheann eile. Thosaigh na himreoirí sin an bhliain le réamhshéasúr, ansin an tSraith Náisiúnta. D’imir cuid acu leis na coláistí freisin, agus is gnách leis sin forluí leis an tSraith gach bliain.

Ina dhiaidh sin tháinig an réamhullmhúchán don chraobh, traenáil, cluichí cleachta, agus ansin tús na craoibhe féin. Do na himreoirí i gCraobh na Mumhan, a bhíonn chomh dian agus chomh cúng, d’imir siad ceithre chluiche. Tháinig Corcaigh, Tiobraid Árann agus Luimneach slán tríd an gcraobh agus ar aghaidh leo go dtí an chuid eile den chomórtas craoibhe.

Mar is eol dúinn, chríochnaigh na cluichí sin le Corcaigh agus Tiobraid Árann sa chluiche ceannais. Ansin, gan mórán sosa, thosaigh séasúr na gclubanna, agus chuaigh na himreoirí idirchontae ar ais lena gclubanna. Agus amárach, imreoidh cuid acu a gcluiche deiridh an bhliain seo.

Nuair a bheidh an Nollaig caite, beidh cúpla seachtainín sosa ag cuid acu agus ansin tosaíonn sé ar fad arís. Beidh cluichí réamhshraithe i dtús mhí Eanáir, agus tosóidh an tSraith féin déanach sa mhí. Bíonn an roth i gcónaí ag casadh.

Mar imreoir sna seanlaethanta feicim go bhfuil fiúntas sa scoilt-shéasúr, ach ní shílim go bhfuil sé foirfe. Go háirithe do na himreoirí idirchontae a théann i bhfad sa chraobh, níl dóthain ama acu chun scíth a ligean, chun sos ceart a fháil. Cuireann an brú leanúnach deireadh níos túisce lena gcuid blianta imeartha.

Ach ina ainneoin sin ar fad, tá ceithre fhoireann ag dul chun páirce amárach, agus beidh siad ar bís leis an deis sin a thapú. D’fhéach mé ar Shleacht Néill trí seachtaine ó shin agus bhí siad thar a bheith éifeachtach. Bhí siad míshásta lena gcuid cruinnis sa chéad leath, ach rinne siad sin a cheartú sa dara leath agus i gcoitinne bhí siad an-compordach ar an liathróid. Tá meascán acu den tseanfhoireann chrua agus imreoirí óga an-chumasach atá ag teacht chun cinn le cúpla bliain anuas. Rachaidh siad isteach sa chluiche in aghaidh Bhaile Locha Riach muiníneach go bhfuil seans maith acu áit sa chluiche ceannais a bhaint amach. Dar ndóigh is míbhuntáiste é do Baile Locha Riach nach bhfuil aon Chraobh Chonnacht ann. Is deacair tuar a thabhairt ar an gcluiche seo.

Sa cluiche eile tá Baile Gunnair ar ais arís i gCluiche Leathcheannais na hÉireann, agus ná habair nach bhfuil sé tuillte acu. Tháinig siad tríd an Mhumhain le húdarás ceart, ag tosú le bua láidir ar Na Piarsaigh ó Luimneach. Ansin d’iompaigh siad toradh na bliana seo caite bunoscionn, ag buachan go maith ar na Sáirséalaigh ó Chorcaigh. Sa chluiche ceannais, bhí siad i bhfad róláidir d’Éire Óg na hInse, agus ní bhfuair leads bhaile na hInse an cúl ach ó phionós déanach nuair a bhí an cluiche socraithe le fada. Ag an bpointe sin bhí san scór 0–21 go 0–9, agus léiríonn sin chomh cuimsitheach is a bhí an bua.

An rud is mó a sheasann amach dom ná an chomhimirt ar fud na páirce agus cumas scórála Bhaile Gunnair. I dTiobraid Árann trí seachtaine ó shin, bhí roinnt de na pointí sa chéad leath ar fheabhas ar fad. Scil, gluaiseacht, agus cruinneas Patrick Fitzgerald, ealaín, cruinneas agus luas Dessie Hutchinson in áiteanna cúnga, agus Páraic Mahony chomh seasmhach agus a bhí riamh ón imirt oscailte, fiú má scaoil sé cúpla saorphoc uaidh.

Cúpla seachtain ó shin, scríobh mé nach raibh dóthain craobhacha uile-Éireann bainte amach acu, agus iad chomh rathúil i bPort Láirge agus sa Mhumhan. Tá fírinne sa mhéid sin. Ach leis an gcuma atá orthu faoi láthair, beidh sé deacair iad a stopadh i mbliana. B’fhéidir gurb í seo an bhliain a gcuirfidh siad uimhir a dó leis an gceann aonair sin atá acu.

Rachaidh siad chun páirce amárach mar rogha na coitiantachta. Ach tugann Cumann Naomh Mairtín ó Loch Garman móiminteam go leor leo chomh maith le muinín atá tuillte go maith acu. Curaidh Loch Garman don dara bliain as a chéile, agus curaidh Laighean den chéad uair riamh. Bhuail siad Seamróga Bhaile Héil, an fhoireann is mó rath riamh i gcraobh iomána club na hÉireann agus curaidh na hÉireann 2024, Na Fianna.

Anois tagann siad isteach le seans fíor-réalaíoch bob a bhualadh ar lucht an amhrais. Bhí siad ar fheabhas i gcluiche ceannais Laighean agus thochail siad amach an bua sa deireadh nuair a d’fhéadfaidís géilleadh.

Táim ag súil go mór leis an gcluiche seo. D’fhéadfadh sé a bheith ar cheann de na cinn is fearr an séasúr seo.

Beo ar TG4

Fág freagra ar 'Leis an gcuma atá ar Bhaile Gunnair faoi láthair, beidh sé deacair iad a stopadh'