LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Jessie Buckley ag bláthú i Wild Rose

Saothar é Wild Rose seo a chuirfidh tocht ar do chroí ach a thabharfaidh ardú meanma duit ag an am céanna

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Jessie Buckley ag bláthú i Wild Rose

Wild Rose
Stiúrthóir: Top Harper
Cliar: Julie Walters, Sophie Okonedo, James Harkness, Jessie Buckley

Tá gealladh faoi shaol aisteoireachta an Chiarraígh Jessie Buckley le scaitheamh agus taispeántais chumasacha tugtha uaithi aici i leithéidí Beast (2017), The Last Post (2017) agus The Woman in White (2018). I gcaitheamh an ama sin, b’fhéidir gur ligeadh i ndearmad gur amhránaí go smior agus go smúsach í. Léiríonn an saothar seo a mianach ceoil go rábach agus meabhraítear dúinn canathaobh gur éirigh léi an dara háit a ghnóthú i gcomórtas/clár I’d Do Anything de chuid an BBC in 2008.

I dtosach an scannáin címid Rose-Lynn á scaoileadh saor tar éis di bliain a chaitheamh i bpríosún de bharr mionchoireachta. Filleann sí ar an bhfód dúchais, cathair Ghlaschú. Seachas imeacht abhaile le barróg a bhreith ar a páistí óga, áfach, téann sí chuig páirc áitiúil le leathar a bhualadh le comrádaí fir.

Ní hé seo an chéad uair, ná an uair dheireanach aici, neamart a dhéanamh ina cuid páistí. Sa chéad leath den scannán léirítear í mar chailín féinchúiseach, santach, mí-aibí atá lán le teallaireacht. Cailín í atá go hiomlán gafa lena cuid iarrachtaí a cuid brionglóidí a fhíorú. Ina dhiaidh sin féin tá dáimh againn léi. Tuigeann sí féin go bhfuil bua na hamhránaíochta aici agus is é mian a croí a bua a léiriú ar stáitsí Nashville, go háirithe sa Grand Ole Opry, gan amhras. Dar léi gur rugadh sa tír mhícheart í agus gurb í cathair cháiliúil Tennessee an fód is dual di.

Sular cuireadh i ngéibheann í thuill sí a crústa in Grand Ole Opry Ghlaschú agus tagann drochmhianach inti nuair ná faigheann sí an post sin ar ais. Agus a máthair chosantach thacúil cháinteach (Walters) ag fógairt uirthi glacann sí le post mar ghlantóir tí.


Ní scaoileann sí lena brionglóidí, áfach, agus tagann a fostóir gustalach, dea-mhéineach (Okonedo) i gcabhair uirthi.

Tá sí idir dhá thine Bhealtaine as sin go ceann scríbe agus í ag iarraidh a dualgais mar mháthair a chomhlíonadh ach gan ligint dá cuid brionglóidí imeacht le cúr na habhann ag an am céanna. Cé go gcuireann a hiompar alltacht orainn teastaíonn uainn go n-éireodh léi. Díol suntais, agus easnamh beag sa scéal, nach ndéantar aon trácht, beag ná mór, ar a hathair féin ná ar athair na leanaí.

Scrígh an t-amhránaí cáiliúil Harlan Howard uair amháin gurb é atá sa cheol tíre ná ‘three chords and the truth’. Tá na focail úd greanta ar ghéag Rose-Lynn agus cuirtear fírinne an ráitis abhaile orainn aon uair go gcanann Rose-Lynn/Buckley. Tá na míreanna ceoil ar fheabhas ar fad, fiú d’aineolaí cosúil liom féin, agus ní raibh aon stop le damhsa na ladhracha. Is radharcanna mothúchánacha iad seo chomh maith agus na liricí ag baint macallaí as saol Rose-Lynn; bean atá lán le féinmhuinín agus le féin-amhras.

Saothar é seo a chuirfidh tocht ar do chroí ach a thabharfaidh ardú meanma duit ag an am céanna.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Jessie Buckley ag bláthú i Wild Rose'