LÉIRMHEAS: Oscailt súl, gol, gáirí agus brón i ‘Rocky Ros Muc’

Is go healaíonta, simplí agus daonna a thugtar léargas dúinn ar shaol agus ar mheon Sheáin Uí Mhainnín sa mórshaothar ‘Rocky Ros Muc’

LÉIRMHEAS: Oscailt súl, gol, gáirí agus brón i ‘Rocky Ros Muc’

Rocky Ros Muc
Stiúrthóir: Michael Fanning

Is scannán faisnéise corraitheach, cumasach, mothúchánach é Rocky Ros Muc, saothar a bhfuil i bhfad Éireann níos mó ná dornálaíocht ag baint leis. Go deimhin taibhsíodh dom go minic go raibh an dornálaíocht in áit na leathphingine fad is a bhí cíoradh á dhéanamh ar eispéireas na n-eisimirceach, ciníochas, alcólachas, an nasc leis an bhfód dúchais, an fhéiniúlacht Éireannach/Gaeltachta, coiriúlacht ‘Southie’ agus na deiseanna a imíonn le cúr na habhann a fhágann an duine daonna ag iarraidh greim a bhreith ar a aiféala.  

Is go healaíonta, simplí agus daonna a thugtar léargas dúinn ar shaol agus ar mheon Sheáin Uí Mhainnín, fear as Ros Muc agus duine de na dornálaithe Éireannacha is fearr a sheas riamh i bhfáinne. Oscailt súl, gol, gáirí agus brón.

Ag tús an scannáin insítear scéilín beag a thugann éachtaint ann féin ar an bhfear ar leith seo. Comhlacht mór ag iarraidh urraíocht a dhéanamh ar a bhrístí dornálaíochta agus an t-eiteach á thabhairt dóibh go leanúnach.

Piarda an chomhlachta den tuairim nach raibh anseo ach cleas idirbheartaíochta agus é ag tairiscint $25,000. Agus an Mainníneach ag seasamh an fhóid agus ag diúltú ‘Ros Muc’ a ghlanadh dá bhríste. Le barr frustrachais fiafraíonn an fear gnó de cad atá ag an gcomhlacht seo ‘Ros Muc’. ‘Daoine,’ a fhaigheann sé mar fhreagra. ‘Cad a dhéanann siad?’ a fhiafraíonn an Poncánach.  ‘Daoine daonna,’ a deir Seán.

Sách ráite.

Tá an fadscannán faisnéise seo bunaithe ar an saothar breá den teideal céanna ó pheann Rónáin Mhic Con Iomaire agus is é a threoraíonn sinn síos tríd go deisbhéalach, eolasach. Tá ionchur cuimsitheach ó Sheán féin mar aon le raidhse cloigne cainte; Paddy (deartháir Sheáin), Marty Walsh, Seán Bán Breathnach agus Pat Nee, ina measc. D’fhéadfaí scannán faisnéise ann féin a bhunú ar an bhfear deireanach acu sin agus é ag baint siar asainn i rith an ama lena ráitis ionraice, neamhleithscéalacha, fiáine.

Gan amhras ’sí an oíche úd in 1984 nuair a throid an Mainníneach do chraobh an domhain i Madison Square Garden is mó atá greanta i scioból samhlaíochta an phobail. Ach tá i bhfad níos mó i gceist leis an scéal seo ná sin.

Déantar trácht ar ‘Southie’ na linne, coiriúlacht leithéidí Pat Nee agus Whitey Bulger, an líon mór inimirceach, an streachailt agus an cruatan. Tá an choimhlint a d’eascair as dídheighilt na scoileanna ann leis agus fear amháin á rá nach raibh ann ach daoine bochta ón dá chine ag dul ag ‘scoileanna caca a chéile’. ‘Resist’ a bhí mar rosc catha ag na Gael-Mheiriceánaigh agus iad, dar leo, ag cur in éadan an chos ar bolg ó lucht na bunaíochta.

Déantar trácht ar an nGaeilge agus ar Ros Muc i rith an ama. Seán agus a dheartháir Paddy ag comhrá i nGaeilge i gcúinne an fháinne. Tá mórtas Sheáin as an bhfód agus as an teanga dhúchais soiléir i rith an ama. Ina dhiaidh sin féin, tá sé soiléir go bhfuil sé idir dhá bhruach ó thaobh na féiniúlachta, rud a mhíníonn Mac Con Iomaire go pointeáilte.

Cúis gháire chugainn na soilse ag múchadh sa troid le Danny ‘Thunderhand’ Chapman i 1983 ag am go raibh Seán i ngalar na gcás. Is mó teoiric atá ann faoin bhfear/bhean múchta agus déantar eagarthóireacht shnoite ar gháirí/caint na rannpháirtithe faoin gcúram.

Níor fágadh an Mainníneach saibhir ach fágadh é le haiféala agus le halcólachas agus tá cuid de na radharcanna a léiríonn an méid sin corraitheach agus truacánta.

Sin ceann den iliomad cúiseanna gur mórshaothar faoi leith é seo.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Oscailt súl, gol, gáirí agus brón i ‘Rocky Ros Muc’'