LÉIRMHEAS: Nuair a théann Alan Titley sall go dtí an taobh dorcha, ní noir go dtí é

Seoid eile ó Alan Titley é ‘Lámh, Lámh Eile’, a úrscéal bleachtaireachta nua a bhaineann preab i ndiaidh preibe as an léitheoir

LÉIRMHEAS: Nuair a théann Alan Titley sall go dtí an taobh dorcha, ní noir go dtí é

Seo mar a scríobh Darach Ó Scolaí ar Tuairisc.ie le déanaí faoi obair Alan Titley:

Baineann Titley preab asainn. Gach leabhar leis go dtí seo, bhain sé preab asainn. Le gach leabhar nua, baintear preab nua asainn. Ní heol dúinn cé as a dtiocfaidh an chéad leabhar eile le Titley, nó cén seánra nó stíl a bheas inti. Ní heol dúinn ach go mbainfear preab asainn. 

Bhuel, tá an chéad phreab eile bainte ag Titley asainn le foilsiú Lámh, Lámh Eile, úrscéal bleachtaireachta den chineál noir.

Agus nuair a théann an Titlíoch sall go dtí an taobh dorcha, ní noir go dtí é.

Tagann bean den lucht siúil go dtí an bleachtaire príobháideach Shamus ag iarraidh air teacht ar pé duine nó dream a bhain an lámh dá fear céile, lámh atá fágtha i dtaisce i mbosca bróg aici. Tá an lámh aici, ach tá an fear féin ar iarraidh.

Is gairid go bhfaigheann Shamus amach go bhfuil lámha eile i gceist, lámha a bhaineann leis an gcogadh sa Tuaisceart. I dtraidisiún Réics Carló roimhe, agus Mickey Spillane, Dashielle Hammet agus lear fairsing peannadóirí eile PI nach iad, glacann ár gColombó tasc fuascailte cheist na lámh air féin, agus an ceangal a aimsiú, más ann dá leithéid, idir na cinn a teascadh ó dheas agus na crúba a baineadh ó thuaidh ar chúinsí ‘polaitiúla’.

Aimsíonn Titley guth an tseánra PI sa chéad dá leathanach.

Dá mbeadh fuinneog agam san oifig is dócha go dtaispeánfadh solas na gréine salachar. Salachar daoine seachas salachar salachair. Óir, cén áit ar fud an tsaoil bhréanaigh a bhfaighfí níos mó salachair – ná i measc daoine?…’

‘B’fhearr liom cás níos simplí, mac ar dhrugaí, sagart nár dhein bugaireacht, iriseoir a chreid go raibh sagart ann nár dhein bugaireacht…’

‘Bhí gach lá mar a chéile, agus gach dara lá bunoscionn…’

Cuireann obair scaoilte mhistéir na lámh gan úinéirí ár bhfrithlaoch ar camchuairt na tíre, seáp a thugann deis dó sruth de mhaslaí agus de ghráinchaint a chaitheamh go tiubh ar chuile ball tíre agus duine ar a leagann sé súil.

An bangharda a bhí laistiar den chuntar, bhí sí chomh dathúil sin nár cheart di bheith ina Garda choíche…bhí sí fionn agus caol agus pearsantúil ar shlí a thabharfadh le fios duit láithreach nárbh as Ciarraí dhi.’

Gradam Taidhleoireachta Peter Casey tuillte ansin ag Shamus, gan dabht.

Níl scríbhneoir in Éirinn, i gceachtar den dá theanga, níos aclaí ná Alan Titley i mbun saothrú chúram gradamúil uasal na scaiteolaíochta – bua atá an-fhíorGhaelach ar fad, maith mar is eol dúinn é. (Go háirithe agus scríbhneoirí ag caint ar a chéile is ar bhronnadh na nduaiseanna is na ngradam – ach sin obair lae eile.)

Go bhfóire Dia ar an bhfreastalaí ollmhór mná i mbialann Ionad an Titanic i mBéal Feirste a chuireann an cnoc oighir féin i gcuimhne do Shamus PI.

Rolláil sí chugainn agus phioc badhró amach as a brollach. Bhí cúpla acra de bholg uirthi, acraí nár treabhadh riamh, déarfainn. Ní dúirt hum ná haw, mar fuair sí oiliúint mar bhanósta tráth ó Ryanair.

Seo chomh maith scéal a bhfuil an lucht siúil istigh ina lár. Bíonn babhtaí dornálaíochta ina measc siúd a bhfuil ceangal eatarthu agus na lámha a baineadh. Dream, cuid acu, leis, nach bhfuil iomlán neamhchiontach sna geaingeanna eachtrannacha isteach ón Rúis agus ó oirthear na hEorpa atá ag tiomáint na coiriúlachta agus tionscal na ndrugaí.

Tá an saol sáraitheach uile anseo – bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas acu, Rúisigh le hiomad airgid, lucht siúil, idir bharbartha agus bhéasach.

Tá neart carachtar anseo, mar sin, a fhanfaidh leat go fada i ndiaidh leathanach 246, ina measc ‘Garrot’, an Garda, a thuill an leasainm ón uair a bhfuair sé réidh le príosúnach lena dhá lámh féin, ‘Breabhsar’ Boyd PSNI, fear mór ríomhairí; ‘Tarra’ MacAdhaimh, tincéir, agus ‘Moloch’, aka Maolsheachlainn Ó Maolchraoibhe. Geaing chlaon ceart iad, gan trácht ar na bithiúnaigh agus na bastúin eile den uile dhath agus déanamh.

Thar aon rud eile, tá léargas i Lámh, Lámh Eile ar an taobh sin den saol in Éirinn nach bhfeictear ach sna ceannlínte a bhaineann le coirp dhícheannaithe, lámha agus cosa ar iarraidh, coirp faoi ghlas i gcásanna taistil a tharraingítear amach as uiscí na gcanálacha – sin agus básanna diabhlaí eile a ríomhtar go laethiúil le fonn i gceirtpháipéir an tsalachair.

Seáp Alan Titley go dtí an taobh dorcha – scéinséir dúghrinn noir gan aon agó.

’Sé an peann an bata draighin le Titley, an bata draíochta lena scagann sé brí na beatha, agus ina gcuireann sé riar ar mhíorúilt a chuid cruthaitheachta, lá i ndiaidh lae, leabhar i ndiaidh leabhair, carachtar i ndiaidh carachtair.

Molaim Lámh, Lámh Eile go cranna na spéire, agus, i bhfocla an bhleachtaire Shamus PI, ‘tá sé thar am dom ‘bailisceáil liom’ agus sibh a fhágaint i gcuideachta draoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge.

Bainfear taitneamh forleathan as áiféis na ráibe fóiréinsí a thugann an Corcaíoch groí isteach i ndúichí dorcha an tsaoil.

Anois, an chéad cheist eile ná, cé a fhuasclóidh an scannán, nó an tsraith teilifíse, atá ag beiriú go beo i bhforscreamh eachtraí Lámh, Lámh Eile?

Sin dúshlán daoibh, a scannánóirí cróga na Gaeilge.

Fanam, le fonn.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Nuair a théann Alan Titley sall go dtí an taobh dorcha, ní noir go dtí é'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Cad tá ar an Sham so nach acmhainn dó méar a chur ar mhéarchlár gan rud éigin mínáireach a rá fé Chiarraígh i nGaelaing Tory Top Road laidhc?!