Cúig chúis go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil Alan Titley againn… 

Beidh ‘An Domhan a Chruthaigh Alan Titley’, comhdháil idirnáisiúnta faoi shaothar an scríbhneora iomráitigh as Corcaigh ar siúl i Mainistir na Coille Móire i gConamara an deireadh seachtaine seo. Seo roinnt de na cúiseanna ar fiú ceiliúradh a dhéanamh ar an Titlíoch, dar le cuid de rannpháirtithe na comhdhála…

Cúig chúis go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil Alan Titley againn… 

Tugann sé slí don rud atá fíor agus ceart…

‘A place for the genuine’ a thugann Marianne Moore ar theanga na filíochta.

I mbrollach an leabhair, Chun Doirne, agus i bhfolach idir na gnáth-thinte ealaíne agus an ‘seo liom trasna na dtonnta’, tá dhá cheann d’abairtí ann ina nochtann Alan Titley a chroí ar bhealach lom, macánta:

“Aistí iad seo a gcreidim go diongbháilte san éirim ghinearálta a nocht mé iontu. Éirim í seo a ghabhann siar i bhfad ionam féin, mar is léir anois dom.”

D’aireofá ar na habairtí sin gur dhóbair gur bhain an méid sin siar as an údar féin, fiú amháin. Scrúdaigh sé a choinsias agus na haistí (ar léachtaí poiblí a bhformhór) á gcur i gcló arís aige. Ar a n-athléamh dó, d’aithin sé go raibh a chló ceart le sonrú ina shaothar ón tús. ‘Let me see what I wrote so I know what I think,’ a dúirt W.H. Auden.

Teanga na filíochta ag Alan Titley: slí don rud atá fíor, ionraic, ceart. Aifric Mac Aodha


Treoraí é i bhfásach na bréagnuachta…

Le cúig bliana déag atá Alan ag scríobh alt seachtainiúil do The Irish Times. Dá mhéad a chuimhním air sin is ea is mó a bhaineann sé stangadh asam. 750 focal le breacadh faoi bhrú le 750 seachtain anuas: arna chur le chéile, bheadh an saothar iomlán píosa deas os cionn leathmhilliún focal. Tá ‘Crobhingne’ ar cheann de na saothair scríbhneoireachta is mó i bprós na Nua-Ghaeilge trí chéile, agus is ag dul i méid atá sé i gcónaí.

Ní hin le rá, gan amhras, gurb í an toirt is tábhachtaí. Baineann Alan leas as a chuid orlaí nuachtáin le ráiteas diongbháilte a dhéanamh faoina mbíonn ag titim amach mórthimpeall orainn: chuile shórt ón gcogaíocht is ón ngéarchéim imirce go dtí an Ghaeilge is an ginmhilleadh, tagann sé faoina raon ar leathanaigh an Irish Times. Agus bíonn rud éigin tomhaiste, machnamhach le rá aige, is cuma cá casta an t-ábhar. Sa tranglam tuairimíochta a dtéann muid uile i bhfostú ann – go háirithe agus dualgaisí na mór i leith na mbeag i gceist – is minic gur in ‘Crobhingne’ a fheicim an friotal is ealaíonta agus is fórsúla faoin scéal. Meabhraíonn sé dom go bhfuil feidhm mhór fós ag an tráchtaire – ag an tráchtaire Gaeilge féin – i bhfásach na bréagnuachta. Máirtín Coilféir



Bainfidh sé preab asat arís agus arís eile…

Baineann Titley preab asainn. Gach leabhar leis go dtí seo, bhain sí preab asainn. Le gach leabhar nua, baintear preab nua asainn. Ní heol dúinn cé as a dtiocfaidh an chéad leabhar eile le Titley, nó cén t-ábhar a bheas inti, cén seánra nó stíl a bheas inti, cén áit a mbeidh sí suite, nó cén t-am nó tréimhse a bheas i gceist, fiú. Ní heol dúinn ach go mbainfear preab asainn. Tá mé ag súil go mór leis an gcéad phreab eile! Darach Ó Scolaí


Samhlaigh an saol gan Titley!

Lig ort nach ann do Titley.

Sa réaltacht roghnach seo, samhlaigh cultúr na Gaeilge. Déan do mhachnamh faoi úrscéalta na Gaeilge gan Méirscrí na Treibhe, Stail Fhial Feola; An Fear DánaAn Bhean Feasa. Meabhraigh iriseoireacht na Gaeilge gan na colúin agus na litreacha san Irish Times. Cén seasamh a bheadh ag gearrscéalta na Gaeilge gan Eiriceachtaí agus Scéalta Eile, FabhalscéaltaLeabhar Nóra Ní Anluain? Cén cruth a bheadh ar dhrámaíocht na Gaeilge gan Tagann GodotDrámaí Garbha? Cén chuma a bheadh ar léirmheastóireacht na Gaeilge gan na léirmheasanna agus na haistí a aimsítear in Chun Doirne: Rogha Aistí agus Nailing Theses: Selected Essays, gan trácht ar An Cogadh in Aghaidh na Critice; Beir Leat do shár-Ghaeilge! Súil Siar agus Ar Aghaidh, Máirtín Ó Cadhain: Clár Saothar, Scríbhneoirí Faoi Chaibidil agus a magnum opus, An tÚrscéal Gaeilge?

Nár bhoichte go mór litríocht na n-óg gan Amach, Smuf agus Gluaiseacht? Bímis bródúil go bhfuil údar dá scil, dá chumas, dá chineál agus dá fheabhas beo lenár linn le méirscrí agus eiriceachtaí ár linne agus ár dtreibhe a léiriú.  Déanaimis a shaothar a cheiliúradh agus a chomóradh trína shaothar a cheannach, a léamh agus a phlé. Le dhá scór bliain anuas, ó foilsíodh Méirscrí na Treibhe i 1978, tá teorainneacha na teanga á síneadh go leanúnach aige ó thaobh ábhar, téama agus teanga de.  Bímis bródúil as. Bímis ag ceiliúradh as a bhfuil curtha i gcrích aige go n-uige seo. Bímis cíorach lena bhfuil le teacht óna pheann go fóill. Brian Ó Conchubhair



D’fhan ‘smut éigin den leanbaíocht’ ann i gcónaí!

Tá clú agus cáil ar Alan Titley as na leabhair atá scríofa aige do dhaoine fásta ach ní gá don léitheoir fanacht go dtí go bhfuil sí ina bean chríonna chun smaointe agus scéalaíocht Titley a bhlaiseadh. Tá trí leabhar ó pheann Titley ina bhfuil ábhar téagartha machnaimh ann don duine óg, chomh maith le spraoi, dánaíocht agus greann. “Is iad na daoine a bhfanann smut éigin den leanbaíocht iontu a scríobhann scéalta do dhaoine óga,” a deir sé linn agus léiríonn an réimse leathan téamaí, idir trom agus éadrom a dtéann sé i ngleic leo ina scéalta an tuiscint atá aige do chastacht an duine óig sa lá atá inniu ann. Chuir Titley lenár dtuiscint ar riachtanais agus thaithí an duine óig, ní hamháin mar scríbhneoir litríocht na n-óg ach mar scoláire sa léann céanna. Tugann sé dúshlán ár réamhthuairimí faoina bhfuil i gceist leis an óige agus le litríocht na n-óg. Tá sé de bhua aige an lucht léitheoireachta a chur ag machnamh ar cheisteanna móra gan áilleacht a stíle a chailleadh agus bhainfeadh idir pháistí agus iarpháistí brí agus tairbhe as a chuid scéalaíochta. Claire Dunne


– Fiontar de chuid Ollscoil Notre Dame, Indiana, agus Ollscoil Choláiste Naomh Micheál in Ollscoil Toronto atá sa chomhdháil dhá lá ‘An Domhan a Chruthaigh Alan Titley’ ar chuirfear tús tráthnóna léi i Mainistir na Coille Móire i gConamara

Fág freagra ar 'Cúig chúis go bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil Alan Titley againn… '

  • Cluain Sceach

    Go maire sé i bhfad

  • Seán Mag Leannáin

    An t-aon intleachtóir poiblí i saol na Gaeilge inniu a bhfuil próifíl náisiúnta aige. Agus, lena chois sin agus uile, is fear deas é.

  • brian-less

    “Wuf, Wuf!” a deir Smuf. ‘Sé an scéal sampla beag amháin den súil uiríseal a bhíonns taobh thiar d’oll-ghinias Alain. Fear crógach agus cineálta.

  • Páidín

    Nár thite an lí dá chuid líochán mara ngrioga sé uilig muid lena chuid titlíochais!