LÉIRMHEAS: Leabhar álainn d’fhilíocht Raiftearaí a dhéanann ceol arís de shaol a phobail

Tá díol blianta d’údar cabaireachta faoi ‘cheartfhoclaíocht’ na filíochta in Amhráin agus Dánta Raiftearaí, cnuasach slachtmhar spéisiúil snasta

LÉIRMHEAS: Leabhar álainn d’fhilíocht Raiftearaí a dhéanann ceol arís de shaol a phobail

Amhráin agus Dánta Raiftearaí  le Dúghlas de hÍde

Leagan athchóirithe le Nollaig Ó Muraíle; Nua-Fhoilsithe ag Futa Fata

Is beag duine nach n-ardaíonn aon saothar nua ó Futa Fata a chroí. Féadfaidh tú talamh slán a dhéanamh de go mbeidh sé slachtmhar, spéisiúil agus snasta agus ní haon eisceacht an leabhar seo,  Amhráin agus Dánta Raiftearaí  le Dúghlas de hÍde.

Leagan athchóirithe atá againn anseo ó Nollaig Ó Muraíle den dá leabhar de dhánta Raiftearaí a chuir an chéad Uachtarán ar Éirinn, Dúghlas de hÍde amach – Abhráin atá leagtha ar an Reachtúire i 1903 agus Amhráin agus Dánta an Reachtúirigh i 1933 (athchló 1969). Díol iontais é gurb é seo an chéad eagrán sa chló Rómhánach d’ainneoin an cló Gaelach agus cuid mhór den seanlitriú a bheith díshealbhaithe le trí scór bliain.

Míníonn Ó Muraíle sa bhrollach gur chuir sé roimhe saothar an Chraoibhín a chur ar fáil sa litriú reatha i leagan a bheadh soláimhsithe ag léitheoirí an lae inniu, gan cur isteach ar chanúint an fhile agus is maith gur thuig an fear léinn go seasfadh saothar Raiftearaí ar a chosa féin. Chuir sé fonótaí breise isteach nuair ba chuí ach iad uilig le haithint idir lúibíní cearnacha. Tá innéacs fiúntach agus liosta de na giorrúcháin atá sna fonótaí ar fáil chomh maith leis na haistriúcháin a rinne de hÍde ar véarsaíocht Raiftearaí agus meadaracht na Gaeilge á haclú aige. Barr maise ar an leabhar saineolas an eagarthóra ar na logainmneacha a luaitear sna dánta.

An chuid is spéisiúla liom féin sa leabhar ná nótaí mínithe an Chraoibhín ina gcuireann sé síos ar na daoine éagsúla a bhfuair sé na dánta uathu, na leaganacha éagsúla a bhí ag daoine i mbólaí éagsúla agus an bhleachtaireacht a bhí le déanamh aige féin sna foinsí.

Léiriú air sin an scéilín faoin bhfear déirce dall ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath ar mheas de hÍde ‘éadan agus béal Gaeilgeora a bheith air’. Bhuail sé bleid air agus bhí a anailís ceart, Mainníneach as Gaillimh ab ea é a thug eolas luachmhar don bhailitheoir grinn.

Agus mé ag póirseáil tríd an leabhar seo, bhí glórtha na marbh i mo chluasa agus línte agus nathanna fánacha á n-aimsiú agam a bhíodh á rá ar theallach agus i ngarrantaí m’óige ach nár thuigeas riamh gurbh é Raiftearaí a chum. Thugas suntas chomh maith den athrá atá sna dánta seo, agus cén dochar? Bhí an file breá ábalta a shaothar a chur in oiriúint do lucht éisteachta agus bráca an lae sin.  Má bhí sé sách maith ag Máire Standúin nach raibh sé sách maith ag bean ar bith eile a raibh moladh ag dul di? Bhí a shlí bheatha á saothrú ag an bhfile ar a chuid filíochta, agus an luach saothair nach bhfuair sé le carthanacht, fuair sé le faitíos é.

Cuimhnítear go bhfuair Raiftearaí bás in 1835 agus gan ach thart ar leathchéad bliain caite aige ar an saol seo, agus má bhí a shaol féin sách corrach, bhí an tír chomh corrach céanna– éirí amach, buachaillí bána, deachúna, Dónall Ó Conaill agus drochbhail na dtionóntaí. In 1860 a rugadh Dúghlas de hÍde féin agus bhí sé d’ádh orainne gur labhair sé le daoine ar an Eachréidh a raibh aithne acu féin nó a muintir ar Raiftearaí agus go raibh a bhealaí agus píosaí dá chuid filíochta ar eolas acu.

Ní fáilte a bhíodh i gcónaí roimhe féin ná a chuid filíochta– thuigfeá nach maith le héinne againn an cáineadh ach níor creideadh an moladh a bheith ádhúil ach an oiread, gan ach bás anabaí Mháire Ní Eidhin a lua. Creideadh gur bua a bhí san fhilíocht agus gur ar an leaba a chumadh sé í, fiú luadh leis an údar go raibh féith i leataobh a chinn a chorraíodh sé leis an bhfilíocht a spreagadh.

B’eol dúinn le fada an lorg trom a d’fhág an imirce ar an teanga agus tuigimid ó obair an Chraoibhín an lear lámhscríbhinní a luaití lena leithéid seo nó siúd de theach agus nach raibh fáil orthu mar go raibh ‘imithe go dtí an tOileán Úr’. Nach iontach an t-ómós don fhile agus don fhilíocht go gcuirfí lámhscríbhinn sa máilín gann gortach a bhíodh ag imircigh an naoú haois déag.

Nach éachtach an mheabhair chinn a bhí ag an bhfear a chum 99 véarsa de Sheanchas na Sceiche agus gan amharc na súl, léamh ná scríobh aige ach é in ann stair a thíre a reic ón am roimh theacht na nGall go dtí a ré féin. Níos iontaí fós, bhí cuid mhór de ghnáthmhuintir na tíre in ann iad a chur de ghlanmheabhair.

Ar chóras oideachais an stáit Ghallda a chuir de hÍde an milleán faoi dhíchuimhne agus aineolas Ghaeil a linne féin “á bhfágáil inniu i riocht nach dtuigeann an t-aos óg ina chontae féin agus ina bhaile féin na hamhráin bhreátha agus na dánta uaisle a rinne Raiftearaí dá n-aithreacha”. Agus gan ina mbéal ach “600 nó 700 focal in áit an 4000 nó 5000 focal a bhí ag a n-aithreacha, i riocht is nach bhfuil iontu anois ach mar a bheadh páistí gan chiall”. Nach air a bhí an t-ádh nár mhair sé gur tháinig an NCCA agus a gcuid uiscealaigh!

Mar ba dhual do mhac fíodóra, bhí an-tóir ag Raiftearaí ar cheirdeanna an tsaoil sin ina chuid filíochta agus is gearr le corpas téarmaíochta ceirde agus uirlisí a chuid dánta –níl ort ach breathnú ar an bpíosa ‘Seán Ó Branáin’ le héachtaint a fháil ar an maidhm sin téarmaí agus gléasra.

Fíodóirí, pótairí, siúinéirí, ceoltóirí, filí, carraeirí agus feirmeoirí – tá siad uilig anseo, á moladh nó á gcáineadh.  Is minic an file ag moladh na mban, cleas stuama go maith ag an té a bhíodh ag siúl an bhóthair ag faire ar éisteacht, plaic agus leaba na hoíche. Níorbh aon údar náire an tráth sin do chuid léinn agus níor spáráil Raiftearaí tagairtí de laochra na Gréige agus na miotaseolaíochta le barr a chur ar an moladh.

Ach an bua a mheall an pobal, agus a mheallann fós, go dtí filíocht Raiftearaí go ndearna sé ceol dá saol fánach deacrach féin, dá gceantar agus den dúlra ina dtimpeall. Ba rímhaith ab eol dóibh sin chomh fealltach agus a bhíonn sceach lá fliuch agus má bhí aon trócaire i ndán dóibh ba ar an saol eile é.

52 dán le Raiftearaí, nó mar a dúirt an Craoibhín, atá leagtha ar Raiftearaí, 52 caibidil fúthu, 400 leathanach, innéacs, réamhrá agus lán mála scéilíní spéisiúla atá á mbronnadh orainn idir dhá chlúdach an leabhair álainn seo agus an stíl chéanna clúdaigh, agus a bhí ar an tseoid eile ó Futa Fata in 2015, Mise Raiftearaí An fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin.

Fainic amháin oraibh, ní hamháin nach dóigh gur scríobh an file caoch ‘Mise Raiftearaí’ ach ní Cill Aodáin atá ar bhaile sin na féile i Maigh Eo ach Cill Liadáin!

Leabhar a mbainfí leas agus sásamh as i ngach teach agus scoil Ghaelach sa tír agus a bhfuil díol blianta d’údar cabaireachta ann faoi ‘cheartfhoclaíocht’ na filíochta.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Leabhar álainn d’fhilíocht Raiftearaí a dhéanann ceol arís de shaol a phobail'