Alice Oseman (Eoin Mc Evoy a d’aistrigh)
Futa Fata, 2025 (312 lch.), €12.95
Abair ‘úrscéal grafach don aosach óg’, agus gach seans gurb í an sraith Heartstopper le Alice Oseman an chéad sampla a rithfidh le daoine, nó fiú amháin an t-aon sampla amháin. Os cionn 8 milliún cóip díolta … aistrithe go nach mór dhá scór teangacha éagsúla … na céadta milliún cuairteoirí ag na leaganacha ar líne … sraith Netflix … Ní beag an méid é sin do shaothar don aos óg ina bhfuil scéal LADT+ lárnach; scéal Charlie agus Nick, beirt bhuachaillí meánscoile atá i ngrá lena chéile.
Tá cúig leabhar sa tsraith go dtí seo agus tá an séú leabhar ag teacht; tá leagan Gaeilge den chéad leabhar ar fáil ó Futa Fata le bliain anuas agus seo chugainn anois Leabhar 2, agus Gaeilge curtha air go cumasach, arís, ag Eoin Mc Evoy.
Ní aosach óg mise, ach ní gá duit a bheith 15 bliana d’aois chun sult a bhaint as greannáin Heartstopper. Agus is fíor gur fear mise a bhfuil dúil aige i bhfir, ach ní gá duit a bheith i do bhall den chlub sin ach oiread le go dtaitneodh scéal Nick agus Charlie leat; tá aithne agam ar bhean dhíreach sna caogaidí a bhfuil na himleabhair ar fad aici.
Níor thug mé féin faoi Heartstopper go dtí gur iarradh orm an léirmheas seo a scríobh faoi Leabhar 2, agus gan dabht thosaigh mé le Leabhar 1, le go mbeadh an comhthéacs agam. Níorbh aon phionós sin. Tá na leabhair tiubh a ndóthain ach níl an oiread sin téacs iontu (léifeá ceann acu in achar dhá uair an chloig) agus tá siad taitneamhach, mealltach go deimhin – ach ní hionann agus Leabhar 1, d’éirigh le Leabhar 2 deoir nó dhó a mhealladh asam (ag an deireadh ar fad.)
Díríonn Leabhar 1 ar an ngrá idir Charlie agus Nick go príomha, ach i Leabhar 2 leathnaítear an scóip go dtí na litreacha eile sa ghiorrúchán LADT+. Tagann Nick ar an tuiscint go bhfuil sé déghnéasach, tá lánúin leispiach ann agus, má thuig mé i gceart é, lánúin díreach/tras lena chois. Bíonn go maith agus ní bhíonn go holc: gnáth-mhíthuiscintí an ghrá idir déagóirí as an áireamh, réitíonn chuile dhuine go breá lena chéile.
Rud a chuir díomá orm go pointe.
Cinnte, déantar an grá idir Charlie agus Nick a thástáil – ní oibreodh leabhar ficsin gan dúshlán a bheith roimh na príomhcharachtair – ach an ormsa atá sé, nó an dtugann Alice Oseman léiriú rómhilis ar shaol an déagóra aeraigh? Níl tuismitheoir ná múinteoir nach dtacaíonn le Nick agus Charlie agus tá fiú amháin na bulaithe chomh séimh sin go mbeadh cion agat orthu.
Mar bharr ar an bhfoirfeacht, tá carachtair de chuile dhath agus ó chuile chúlra eitneach sna leabhair agus tá chuile dhuine saibhir agus ardaicmeach.
Sraith í Heartstopper a thugann ardú meanman duit, is fíor sin; léiriú í ar an saol mar ba chóir dó a bheith. Ach níl an saol mar sin – féach an méid tíortha agus ceantar ina bhfuil cosc nó srianta ar dhíolachán Heartstopper, mar shampla. Agus dá ndéanfaí an tsraith a bhunú i gceantar faoi mhíbhuntáiste, i dtúr árasán ard ar imeall Ghlaschú, cuir i gcás?
Ach cé mise le sraith a bhfuil an oiread sin tóra uirthi a cheistiú?
Maidir leis an nGaeilge, rinne Eoin Mc Evoy agus Futa Fata sárjab ar an dá leabhar. Gaeilge nua-aimseartha ach blasta atá inti agus níor bhraith mé ag am ar bith go raibh sí ciotach nó mínádúrtha; go deimhin pléisiúr a bhí ann a fheiceáil go ndearnadh an-iarracht teacht i dtír ar na féidearthachtaí grafacha ar fad a thugann greannán don teanga.
Cén uair a bheidh Leabhar 3 chugainn?
Fág freagra ar 'Léiriú milis ar shaol an déagóra aeraigh i nGaeilge nua-aimseartha nádúrtha'